130 likes | 378 Views
Máirt na hInide. im. uibheacha. uscra fanaile. bainne. mil. líomóidí. plúr. salann. Máirt na bpancóg!. oideas i gcomhair pancóg blasta. 1. Faightear na comhábhair seo a leanas:. 2. Bristear dhá ubh isteach i mbabhla measctha. 3. Déan iad a bhualadh go maith.
E N D
im uibheacha uscra fanaile bainne mil líomóidí plúr salann Máirt na bpancóg! oideas i gcomhair pancóg blasta 1. Faightear na comhábhair seo a leanas:
2. Bristear dhá ubh isteach i mbabhla measctha 3. Déan iad a bhualadh go maith. 4. Cuir gráinne salainn agus braon fanaile leis. 5. Criathraigh dhá chupán plúir isteach… 6. agus cumaisc leis na huibheacha. 7. Cuir bainne leis go dtí go bhfuil an meascán silteach ach gan bheith uisciúil
8. Leáigh cnapán ime ar fhriochtán te… 9. doirt an meascán ar an im leáite.. 10. nuair a théachtann an meascán, bog an phancóg ar a taobh eile le spadal, nó caith in airde san aer í lena casadh ar a taobh eile – más ionat é! spadal
Beagáinín mealla agus líomóide nó suibhe nó cáise agus tá féasta breá againn - Déanaigí bhur ngoile!
Cúpla traidisiún maidir le Máirt na hInide • De réir thraidisiún na hEaglaise Críostaí ba é Máirt na hInide an Mháirt dheireanach roimh an Charghas. • Ní raibh creidmhigh in ann feoil, im ná saill ar bith a ithe ó thús an Charghais suas go dtí an Cháisc. • Chaitheadh cailíní inphósta an tí pancóga san aer agus iad á n-ullmhú acu. Dá dtitfeadh na pancóga i gceart gan bhriseadh ba bhreá an tuar é go mbeidís os comhair an tsagairt le fear maith roimh dheireadh na bliana céanna
Cúpla traidisiún maidir le Máirt na hInide • I 1563 cuireadh foraithne de chuid an Phápa i bhfeidhm nach mbeadh cead ag aon duine pósadh le linn an Charghais agus mar sin dhéanaidís a lán cleamhnas don lá díreach roimh thús an troscaidh mhóir – Máirt na hInide.
Nathanna cuí a bhaineann leis an séasúr • Cad air a ndéanfaidh tú Carghas? • Thug mé suas na toitíní • Táim ag déanamh carghais ar an ól. Céadaoin an Luaithrigh Aimsir na Cásca An Cháisc (um Cháisc) Aoine an Chéasta Domhnach na Cásca