1 / 10

An Scrúdú Cainte 1 Réamhphlé

An Scrúdú Cainte 1 Réamhphlé. Beidh tú ag éisteacht ar ball le múinteoir ag cur comhairle faoin tslí is fearr le humhlú don scrúdú cainte. Sula n-éisteann tú leis an mír áfach, bí ag obair leis na daoine i do ghrúpa agus pléigí na ceisteanna seo le chéile:

peers
Download Presentation

An Scrúdú Cainte 1 Réamhphlé

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An Scrúdú Cainte 1 Réamhphlé Beidh tú ag éisteacht ar ball le múinteoir ag cur comhairle faoin tslí is fearr le humhlú don scrúdú cainte. Sula n-éisteann tú leis an mír áfach, bí ag obair leis na daoine i do ghrúpa agus pléigí na ceisteanna seo le chéile: • Cad é an leagan amach atá ag an scrúdú cainte? • Cén fáth a bhfuil níos mó marcanna ag dul don scrúdú cainte inniu ná mar a bhí ag dul dó roimhe? • Cén chomhairle a thabharfadh sibh féin do dhaoine chun a bheith níos líofa sa Ghaeilge? Ba chóir... Ba cheart... Tá sé ríthábhachtach... Ní mór duit... Is gá...

  2. An Scrúdú Cainte 1 Éisteacht Éist le Ciara ag cur comhairle anois agus freagair na ceisteanna: • Cén fáth ar cheart tosú ag ullmhú láithreach don scrúdú, dar le Ciara? • Ba cheart tosú anois díreach ag labhairt na Gaeilge a deir Ciara, ach cad eile a mholann sí? • Luann Ciara nuachtáin agus araile gur féidir le déagóirí úsáid a bhaint astu, cad iad? An féidir leat smaoineamh ar aon acmhainn eile?

  3. An Scrúdú Cainte 1 Iarphlé • Féach ar na buntopaicí seo a bhí ar fáil ar www.gaelport.ie agus cuir uimhir (1-10) in aice le gach topaic ag léiriú cé chomh compordach is atá tú ag caint faoi. Mar shampla, cuir 10 in aice le topaic ar féidir leat labhairt faoi gan stró agus 1 in aice le topaic nach bhfuil tú in ann mórán a rá faoi. • An fáiltiú & Mé féin • Mo Chlann & Mo Chairde • Mo Theach • Mo Cheantar Dúchais • Mo Shaol [gach lá/deireadh seachtaine] • Mo Chaitheamh Aimsire [ x2] • Mo Scoil & An Ardteist • Mo Thodhchaí & Pleananna • Laethanta Saoire • Mo thopaic pearsanta ** [An clár/scannán/ leabhar/áit/cara/rud/turas/saoire is fearr liom] 2. Anois, féach cad atá ag an duine in aice leat. An bhfuil na tuairimí céanna agaibh? 3. Roghnaígí topaic nach bhfuil an oiread sin cur amach ag an mbeirt agaibh air agus scríobhaigí ceisteanna le chéile faoi. 4. Cuirigí na ceisteanna ar a chéile anois.

  4. An Scrúdú Cainte 2 Réamhphlé • Bí ag obair leis an duine in aice leat agus breacaigí síos na codanna éagsúla atá mar chuid den scrúdú cainte. • Féachaigí anois ar an seicliosta thíos ó www.gaelport.ie agus cuirigí tic in aice leis na pointí atá déanta agat faoi aon topaic amháin. Bígí ag obair libh féin ar dtús agus ansin cuirigí bhur seicliostaí i gcomparáid le chéile. Buntopaic na seachtaine • Tá cuntas gearr ullmhaithe agam ar _________________ • Is féidir liom gach rud a fhoghrú i gceart • Tuigim na ceisteanna samplacha a tugadh dom/cuireadh orm • Rinne mé cleachtadh béil os ard go mion minic ar an topaic seo! • Tá mé ábalta ceangal a dhéanamh le topaic níos deacra/níos pearsanta! Dán na seachtaine • Rinne mé cleachtadh béil ar an dán _________________ • D’éist mé leis an taifead den dán ar gaelport.com/cuireadhchuncainte • Tá go leor cleachtadh ó bhéal déanta agam ar an dán • Tá mé compordach ag foghrú na bhfocal go léir • Tá mé ábalta fuinneamh / beocht a chur isteach ann!!

  5. An Scrúdú Cainte 2 Réamhphlé Pictiúr na seachtaine • Tá neart cleachtaidh déanta agam ar shraith ___________ • Chruthaigh mé liosta foclóra agus nathanna don tsraith • Tá mo chuntas gearr faoin tsraith ullmhaithe agam • Tá mé ar mo chompord anois le hábhair na sraithe seo • Is féidir liom ceisteanna a chur agus a fhreagairt faoin tsraith seo Mo thopaic pearsanta (níos dúshlánaí) • D’ullmhaigh & d’fhoghlaim mé liosta foclóra/nathanna/frásaí ar ____________________ • Tá alt gearr curtha le chéile agam faoi • Rinne mé go leor cleachtaidh ó bhéal ar an topaic seo • Tuigim conas an topaic seo a fhí isteach sa ghnáthchaint/chomhrá • Airím ar mo chompord ag labhairt faoin topaic seo anois

  6. An Scrúdú Cainte 2 Éisteacht Éist le Ciara anois ag tabhairt comhairle faoi na codanna éagsúla den scrúdú cainte. Cad a deir sí faoi: • An fáiltiú – ag cur tú féin in aithne • An dán • An tsraith pictiúr • Caint agus comhrá Féachaigí ar na nathanna seo a bhí ag Ciara. Cad is féidir leat a rá fúthu? Bí in ann labhairt faoi inscne na bhfocal agus na tuisil. Ag léamh an dáin Ó thaobh na léitheoireachta de Ar nós na gaoithe Ar fhadhbanna na tíre Cad a deir an duine in aice leat?

  7. An Scrúdú Cainte 2 Iarphlé • Is ionann an chéad chuid den scrúdú cainte (an fáiltiú) agus tú féin a chur in aithne ag cóisir, nach ionann? Breac síos na cosúlachtaí idir an dá rud. Cad atá ag an duine in aice leat? • Siúl timpeall an ranga anois agus cuir tú féin in aithne do gach duine ann. • Nuair a chasann tú le duine den chéad uair (ag cóisir, mar shampla), cad a dhéanann tú le dul i bhfeidhm go maith ar an duine sin? • Bím gléasta go deas... • Níl aon chúis nach féidir 100% a bhaint amach sa chuid sin den scrúdú cainte – an dán agus an tsraith pictiúr, ná níl? Cén fáth nach mbíonn sé amhlaidh áfach – pléigh leis an duine in aice leat.

  8. An Scrúdú Cainte 3 Réamhphlé • Cad is cainteoir dúchais Gaeilge ann? • Duine ón nGaeltacht? • Duine a fhreastalaíonn ar Ghaelscoil? • Duine nach labhraíonn aon Bhéarla in aon chor? • An cainteoir dúchais Gaeilge tú féin? Cén fáth? • Cad iad na habairtí atá fíor fút féin: • Labhraím Gaeilge anois is arís. • Tá Gaeilge ar mo thoil agam. • Tógadh go dátheangach mé. • Níl aon Ghaeilge agam. • Ní labhraím Gaeilge ach ar an scoil. • Bím féin agus mo chuid cairde ag labhairt i nGaeilge. • B’fhearr liom bheith ag caint as Béarla ná Gaeilge. • Bím bródúil as a bheith ag caint as Gaeilge.

  9. An Scrúdú Cainte 3 Éisteacht Cad a deir Ciara faoi: Cainteoir dúchais agus an scrúdú cainte? Easpa foclóra agus an scrúdú cainte? Cad is brí le N’fheadar puinn? Cén leagan a úsáideann tú féin? Ag obair leis an duine aice leat, féachaigí ar na scenarios éagsúla seo agus pléigí conas a láimhseálfadh sibh iad dá dtarlóidís daoibh féin. Cad a déarfadh sibh sna cásanna éagsúla? Ní thuigeann tú canúint an scrúdaitheora. Tá casachtach ort. Tuislíonn tú ar do bhealach isteach sa scrúdú. Ní féidir leat smaoineamh ar an bhfocal as Gaeilge. Cuireann an scrúdaitheoir ceist ort faoi thopaic nach bhfuil aon chur amach agat air, in aon teanga. Tá tú ag labhairt faoi thopaic nach bhfuil ullmhaithe agat agus níl an foclóir a bhaineann leis ar eolas agat. Níor chuala tú an cheist a chuir an scrúdaitheoir ort.

  10. An Scrúdú Cainte 3 Iarphlé Féach ar an ngearrscannán Lipservice agus pléigh na ceisteanna leis na daoine eile i do ghrúpa ansin. Ar thaitin an scannán leat? Cén fáth? An mbíonn na scrúduithe cainte mar sin i ndáiríre, dar leat? An bhfuil an scoil sa scannán cosúil le do scoil féin? An mbeidh abairtí agus araile foghlamtha de ghlanmheabhair agat féin don scrúdú cainte? Cén fáth a bhfuil scrúdú cainte ann? Cé acu is deacra duit féin – an scrúdú cainte nó an scrúdú scríofa?

More Related