1 / 13

Scéal na Nollag

Scéal na Nollag. © www.seomraranga.com. Scéal na Nollag. Fadó, fadó bhí Muire ina cónaí i mbaile beag darb ainm Nazareth. Bhí Muire geallta le Iosaef an súinéir. Lá amháin tháinig an t-aingeal Gabriel chuig Muire le dea –scéal. © www.seomraranga.com. Scéal na Nollag.

madison
Download Presentation

Scéal na Nollag

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Scéal na Nollag © www.seomraranga.com

  2. Scéal na Nollag Fadó, fadó bhí Muire ina cónaí i mbaile beag darb ainm Nazareth. Bhí Muire geallta le Iosaef an súinéir. Lá amháin tháinig an t-aingeal Gabriel chuig Muire le dea –scéal. © www.seomraranga.com

  3. Scéal na Nollag Dúirt sé léi go raibh sí ag súil le páiste. Dúirt sé léi go mbeidh sí ina máthair le hÍosa, mac Dé. Bhí eagla uirthi ach gheall an t-aingeal go mbeidh cabhair Dé léi. © www.seomraranga.com

  4. Scéal na Nollag Faoin am sin, bhí Caesar Agustus, an t-Impire Rómhánach, buartha. Ní raibh a fhios aige cé mhéad duine a bhí ina chónaí sa tír. Theastaigh uaidh a fháil amach.Bheartaigh Caesar go gcaithfeadh gach duine dul go dtí a bhaile féin chun a ainm a scríobh sa leabhar mór. © www.seomraranga.com

  5. Scéal na Nollag Bhí ar Muire agus Iosaef dul go Beithil chun an leabhar mór a síniú. Shiúil Iosaef agus shuigh Muire ar asal ar an turas fada. Nuair a shroich siad Beithil bhí siad tuirseach traochta. © www.seomraranga.com

  6. Scéal na Nollag Bhí Beithil plódaithe agus ní raibh leaba ar bith ar fáil don lánúin óg. Chuaigh siad ó dhoras go doras ag lorg lóistín ach theip orthu. Faoi dheireadh, bhí orthu fanacht i stábla i measc na n-ainmhithe. © www.seomraranga.com

  7. Scéal na Nollag Bhí an stábla te teolaí. Bhí bó agus asal ann. Tharla rud iontach an oíche sin.Rugadh an leanbh Íosa.Thóg Muire ina bhaclainn é agus luasc sí go deas réidh é. © www.seomraranga.com

  8. Scéal na Nollag Thuas ar na sléibhte bhí aoirí ag tabhairt aire do na caoirigh.Bhí sé an-fhuar agus bhí siad ina suí timpeall ar an dtine.Thosaigh na caoirigh ag méileach. Go tobann chuala siad an ceol is binne a chuala siad ariamh. © www.seomraranga.com

  9. Scéal na Nollag Chonaic siad aingil suas sna harda. Bhí an-eagla orthu ach labhair na haingil leo go cneasta. D’inis siad an scéal do na haoirí faoi bhreith Íosa. Shocraigh siad dul go Beithil chun an leanbh Íosa a fheiceáil. © www.seomraranga.com

  10. Scéal na Nollag Nuair a shroich siad Beithil, fuair na haoirí an leanbh Íosa ina luí sa mháinséar. Bhí an-áthas orthu. Thug siad uan dó mar bhronntanas. © www.seomraranga.com

  11. Scéal na Nollag Faoin am céanna, i dtír i bhfad ón áit sin, bhí triúr saoi ina chónaí. Caspar, Balthasar agus Melchior ab ainm dóibh. Bhí siad an-chliste agus bhí a fhios acu go raibh leanbh speisialta le teacht ar domhain. Chonaic siad réalt nua sa spéir agus bhí a fhios acu gur rugadh an leanbh speisialta. © www.seomraranga.com

  12. Scéal na Nollag Shocraigh siad an réalt a leanúint. Lean siad an réalt le tamaill fada go dtí gur shroich siad an stábla i mBeithil. Chuaigh siad síos ar a nglúine agus thug siad bronntanais don leanbh Íosa: ór, tuis agus miorr. © www.seomraranga.com

  13. Scéal na Nollag An oíche sin bhí brionglóid ag Iosaef. D’inis aingeal dó sa bhrionglóid go raibh an Rí Héaród ag iarraidh an leanbh Íosa a mharú. Dúirt sé dó dul go dtí an Éigipt leis an leanbh Íosa agus Muire. Ar maidin, thosaigh an chlann naofa ar an turas fada go dtí an Éigipt. © www.seomraranga.com

More Related