1 / 40

Seimineár Réigiúnach 2008 Féinmheastóireacht Scoile Fócas ar an Teagasc agus ar an bhFoghlaim

An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile “Tionscnamh ag scoileanna ar mhaithe le scoileanna”. Seimineár Réigiúnach 2008 Féinmheastóireacht Scoile Fócas ar an Teagasc agus ar an bhFoghlaim. Aidhm.

Download Presentation

Seimineár Réigiúnach 2008 Féinmheastóireacht Scoile Fócas ar an Teagasc agus ar an bhFoghlaim

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile “Tionscnamh ag scoileanna ar mhaithe le scoileanna” Seimineár Réigiúnach 2008 Féinmheastóireacht Scoile Fócas ar an Teagasc agus ar an bhFoghlaim

  2. Aidhm • Díriú ar an bhféinmheastóireacht mar straitéis chun cáilíocht an teagaisc agus na foghlama a fheabhsú: • Go hachomair: • Fiosrú a dhéanamh ar an gcaoi le cur chuige féinmheastóireachta i leith an teagaisc agus na foghlama a chothú mar chuid de phleanáil ábhar agus d’athbhreithniú leanúnach scoile

  3. Taighde ar an bPFS – Torthaí ón Ríocht Aontaithe… • Ní leanann feabhsú scoile PFS uaidh féin • Ní mór go mbeadh fócas ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim agus ar ghnóthachtáil daltaí (MacGilchrist et al, 1995)

  4. Féinmheastóireacht ar an Teagasc agus ar an bhFoghlaim • Ceisteanna le breathnú: • Cáilíocht ghafacht na ndaltaí • Cáilíocht thaithí na foghlama • Atmaisféar ranga

  5. Plé • “When I go into a classroom where the quality of learning is high, I see…” • (Hesketh, 2008) • “Nuair a théim isteach i seomra ranga a bhfuil ardcháilíocht foghlama ann, feicim…”

  6. Cé na teicnící teagaisc a chabhraíonn le daltaí foghlaim (% an-chabhrach) • Míníonn múinteoirí go soiléir (72%) • Bíonn áit ann do spraoi (41%) • Is féidir tuairim a chur in iúl (36%) • Obair ghrúpa le cairde (30%) • Obair phraiticiúil (30%) • Nótaí a chóipeáil (29%) • Rudaí a fháil amach (25%) • Teagasc múinteora (18%) • (ITES/CNCM) (ESRI/NCCA)

  7. Fócas ar Fhéinmheastóireacht

  8. Bealaí le cur chuig féinmheastóireacht:- eochairghnéithe • A. Deis le Féinmheastóireacht a dhéanamh: • Duine Aonair Roinn Ábhair Foireann • B. Próiseas na Féinmheastóireachta: • Cleachtas Reatha Cleachtas Feabhsaithe • C. Critéir Rathúlachta – Torthaí • Gafacht DaltaíBreisiú Gnóthachtála

  9. Céard atá i gceist le féinmheastóireacht ar an Teagasc/ar an bhFoghlaim? • Fiosrúchán córasach, bunaithe ar fhianaise, maidir le gné den teagasc agus den fhoghlaim • Tá sé mar aidhm aici a fháil amach cé chomh maith is atá an roinn/an múinteoir ag cruthú i gcomparáid le caighdeáin aontaithe i leith dea-chleachtais • Treoraíonn sí an múinteoir/roinn an ábhair maidir le roghnú tosaíochtaí i bpleanáil le haghaidh feabhsúcháin

  10. Féinmheastóireacht ar an Teagasc agus ar an bhFoghlaim • Is féidir/Ba cheart go mbeadh sí mar chuid d’fhócas forbarthach ranna ábhar • Is féidir le múinteoir aonair í a dhéanamh chun tacú le cleachtas machnamhach mar chur chuige i leith feabhsú teagaisc agus foghlama • Céard é do thaithí go dtí seo?

  11. Réimsí a bhféadfadh Ranna Ábhar/Múinteoirí díríú orthu le haghaidh Féinmheastóireachta • Torthaí na foghlama • Critéir rathúlachta • Luas • Ceistiúchán • Straitéisí litearthachta m.sh: úsáid eochairfhocal • Difreáil • Measúnú/obair bhaile • Eagrú ranga • Caidreamh múinteora-dalta • Atmaisféar ranga • Obair ghrúpa/phéire

  12. Próiseas na Féinmheastóireachta - eochairchéimeanna • I gcás réimse tofa: • Déan cinneadh faoi céard atá i gceist le dea-chleachtas • Bailigh sonraí iontaofa faoin gcleachtas mar atá • Comhordaigh agus bain ciall as na sonraí– fianaise • Bain tátail bhailí as na sonraí gur féidir seasamh leo • Roghnaigh tosaíochtaí le haghaidh feabhsú pleanáilte

  13. Uirlisí na Féinmheastóireachta • Ceistneoirí • Agallaimh • Breathnóireacht • Anailís ar obair daltaí • Corrsheiceáil • Anailís ar theagmhas criticiúil • Anailís réimse fórsa • Póstaeir, greamáin, ticéid scoir • Fiosrú grianghrafchuidithe • Féach Aonad 5, Dréacht-threoirlínte PFS (lth. 21-24)

  14. Ag obair i gcomhpháirt le daltaí mar chuid d’fhéinmheastóireacht • Trí uirlis shamplacha le húsáid: • Anailís réimse fórsa • Corrsheiceáil • Ceistneoir ar mhodheolaíochtaí múinteoireachta • Tógadh na trí shleamhnán seo a leanas ó • MacBeath, 2005: The Self-Evaluation File

  15. An Réimse Fórsa

  16. Ceistneoir ar mhodheolaíochtaí teagaisc:Cé chomh minic is a úsáidim an cur chuige seo?Cé chomh mór is a chabhraíonn sé leat foghlaim? • Ag éisteacht leis an múinteoir • Ag tabhairt freagra ar cheisteanna an mhúinteora • Ag déanamh turgnamh • Ag obair ar an ríomhaire • Ag féachaint ar fhíseán • Ag éisteacht le téip • Rólghlacadh • Ag obair i ngrúpa • Ag breacadh nótaí fad atá an múinteoir ag caint • Ag breacadh nótaí ó leabhar nó ó bhileog oibre • Ag cruthú rudaí • (MacBeath, 2005 lth. 26-28)

  17. Modheolaíocht Modheolaíochtaí cuí Soiléire ó thaobh aidhme de Luas agus struchtúr an cheachta Raon straitéisí Úsáid acmhainní Bainistiú Ranga Smacht Bainistiú gníomhaíochtaí foghlama Dúshlán & inspreagadh Atmaisféar Ranga Meas Idirghníomhaíochtaí Timpeallacht Dearbhchothú Foghlaim Gafacht Tuiscint Eolas agus inniúlacht Comhfhoghlaim/Foghlaim neamhspleách Cumarsáid Cáilíocht an Teagaisc agus na Foghlama (Ag Breathnú ar an Scoil Againne, Réimse 4)

  18. Cáilíocht an Teagaisc agus na Foghlama (Ag Breathnú ar an Scoil Againne, Réimse 4) • Gné B: • Teagasc agus Foghlaim • Comhpháirt iv: • Foghlaim • Téama: • “A ghníomhaí agus a neamhspleáí a bhíonn daltaí gafa sa bhfoghlaim, agus an chaoi a léirítear cáilíocht a dtuisceana ina gcuid ceistiúcháin agus ina gcuid freagraí ar cheisteanna”

  19. Fócas ar Cheistiúchán • Straitéis Teagaisc agus Foghlama

  20. Plé • Cén aidhm atá leis na ceisteanna a chuireann sibh le linn rang ar bith?

  21. Cén fáth a gcuirimid ceisteanna? • Chun spéis agus inspreagadh a fhorbairt • Chun ullmhúchán agus réamheolas daltaí a mheas • Chun deacrachtaí nó bacainní foghlama a aithint • Chun daltaí a spreagadh le ceisteanna a chur • Chun foghlaim neamhspleách a spreagadh • Chun obair bhaile/obair ranga a sheiceáil • Chun smaointeoireacht chriticiúil/scileanna fiosrúcháin a fhorbairt • Chun gnóthachtáil a mheas

  22. Céard atá á iarraidh ar dhaltaí nuair a chuirtear ceist orthu? • I gcás ceiste ní mór don dalta: • Aire a thabhairt/éisteacht/an bhrí a thabhairt leis • An chiall a oibriú amach • Freagairt neamhfhollas a ghiniúint (i.e. freagra a chumadh san intinn) • Freagairt fhollas a ghiniúint – agus an fhreagairt a athbhreithniú b’fhéidir mar thoradh ar bhreis ceistiúcháin ón múinteoir • Machnamh a dhéanamh agus foghlaim trí phlé

  23. Tráth feithimh: Tar éis Ceist a chur • Meán-tráth feithimh - 1 soicind • Tá neartú gnóthachtála ceangailte le méadú sa tráth feithimh go 3 shoicind nó os a chionn, tar éis ceist íos-oird a chur • Dealraíonn sé nach bhfuil aon tairseach a bhaineann le tráth feithimh i gcás ceisteanna ardoird. Ach dá fhad é an tráth feithimh is ea is mó gafacht na ndaltaí

  24. Cén saghas ceisteanna a chuireann tú?(Féach Tacsanamaíocht um Cheistiú Bloom) • Eolas • Tuiscint • Feidhmiú • Anailís • Sintéis • Meastóireacht

  25. Pleanáil le haghaidh CeistiúcháinCurtha in oiriúint ó E C Wragg • Aithin na heochaircheisteanna i leith rúin fhoghlama an cheachta • Déan cinneadh maidir le leibhéal, ord agus uainiú na gceisteanna • Leathnaigh an ceistiúchán – ag smaoineamh ar fhocheisteanna le cur • Déan anailís ar fhreagraí a bhfuil tú ag súil leo agus ar fhreagairtí a d’fhéadfaí a thabhairt

  26. Ceistiúchán sa Seomra RangaSaincheisteanna le breathnú • Aithin raon/éagsúlacht reatha na gceisteanna • Riachtanas cognaíoch – meabhrú nó cruthaitheach/le haghaidh meastóireachta • Tráth feithimh 1 agus tráth feithimh 2 • Cén chaoi a roghnaítear an freagraí? • Freagairt ‘Gan lámha in airde’ • Na freagraí ceaptha ag péirí, grúpaí srl. • Cén chaoi a bpléitear le ‘freagraí míchearta’? • ‘Cultúr’ an tseomra ranga ó thaobh freagraí a thabhairt – ‘slán’ freagra a thabhairt • Cén chaoi a dtógtar ar ‘sheisiúin cheistiúcháin’? • Ceisteanna ceaptha ag daltaí – (triailcheisteanna san áireamh)

  27. Próiseas na Féinmheastóireachta Eochairchéimeanna i leith ceistiúcháin: Déan cinneadh faoi céard atá i gceist le dea-chleachtas i ndáil le ceistiúchán Bailigh sonraí iontaofa faoin gcleachtas atá agat i leith ceistiúcháin (Cén chaoi a ndéanfá é seo?) Comhordaigh agus bain ciall as na sonraí atá bailithe agat maidir leis an leas a bhaineann tú as ceisteanna - fianaise Cé na tátail is féidir leat a bhaint as an bhfianaise seo faoin leas a bhaineann tú as ceisteanna Leag síos tosaíochtaí ó thaobh bealaí nua le cur chuig ceistiúchán le haghaidh feabhsú pleanáilte

  28. Ceardlann • Agus athruithe sa chur chuige atá agat i leith ceistiúcháin curtha i gcrích agat thar thréimhse, conas a thabharfá faoina n-éifeachtacht a mheas? • Cén fhianaise/Cé na táscairí a lorgófá lena léiriú go raibh bealaí nua sa chur chuige ag déanamh difríochta?

  29. Straitéisí Feabhsaithe i leith Ceistiúcháin:Táscairí/Torthaí • Straitéis ann i leith ceistiúcháin – (minicíocht, in oiriúint do chumas, AO, ÍO, srl.) • Gafacht níos fearr ag daltaí – (níos mó rannpháirtíochta i ngnáthaimh cheistiúcháin ó bhéal) • Daltaí laga níos sofhreagraí • Daltaí cumasacha ag úsáid níos mó scileanna ardoird smaointeoireachta • Feabhas i ngóthachtáil – neartú i dtriailscóir • Níos lú cur isteach ar obair ranga • Níos mó gafachta le hObair Bhaile • Cáilíocht an Obair Bhaile feabhsaithe • Idirghníomhaíocht dhearfach múinteora-dalta • Níos mó sásaimh as post an mhúinteora • Eile?

  30. Cén chaoi ar féidir leat cur chuige féinmheastóireachta i leith an teagaisc agus na foghlama a chur chun cinn/a dhaingniú i do scoil? • Spreag gach roinn chun réimse le forbairt/le meastóireacht a dhéanamh air a roghnú gach bliain • Pléigh leis an bhfoireann bealaí le tabhairt faoi chur chuige córasach i leith féinmheastóireachta • Cuir béim ar a thábhachtaí atá sé leas a bhaint as taighde/teoiric atá ar fáil faoin réimse tofa • Spreag cur chuige comhoibritheach – comhroinnt teoirice, forbairt uirlisí comhchoiteanna um meastóireacht, piarbhreathnóireacht • Aithin pócaí dea-chleachtais agus aimsigh bealaí lena gcomhroinnt • Spreag baill gach roinne chun tuairisc a thabhairt dá gcomhghleacaithe ar thorthaí phróiseas na meastóireachta – torthaí fhoghlaim na roinne de bharr a cuid oibre

  31. Ábhair Bhreise

  32. CNCM/ITES (NCCA/ESRI): Gearing up for the ExamGnéithe de thaithí daltaí a bhí mar bhun le hidirghníomhaíochtaí dearfacha le múinteoirí • Bheith in ann ceisteanna a chur sa rang • Moladh a fháil as freagraí sa rang/obair scríofa mhaith • Go gcaitear leo le cothroime agus le meas • Aiseolas dearfach • Comhairliúchán le daltaí faoina gcuid foghlama / saincheisteanna a bhaineann lena dtaithí scoile • Iad a bheith san áireamh sa phróiseas cinnteoireachta

  33. CNCM/ITES (NCCA/ESRI): Gearing up for the ExamGnéithe de thaithí daltaí a bhí mar bhun le hidirghníomhaíochtaí diúltacha le múinteoirí • Gan aon aiseolas dearfach a fháil i leith a gcuid oibre • Múinteoirí ag tabhairt amach dóibh go minic as mí-iompar sa rang nó gan an obair a bheith déanta acu • Gan go leor misnithe nó dúshláin le suim/ gafacht a choinneáil • Fabhraíocht a léiriú i gcás daltaí áirithe (bheith níos déine ar bhuachaillí ná ar chailíní) • Bhraith os cionn 10% de dhaltaí nach raibh obair scoile suimiúil

  34. Chun daltaí a spreagadh le bheith rannpháirteach agus chun déileáil go héifeachtach lena bhfreagraí, breathnaigh iad seo a leanas: Smaoinigh, déan péirí, comhroinn, déan grúpaí de cheathrar Tabhair leid do dhaltaí Bain úsáid as freagra mícheart ag dalta chun tuiscint a fhorbairt Bíodh níos mó ná dalta amháin / rang iomlán páirteach sa fhreagra Éist agus freagair go dearfach (tabhair seal beag, tabhair leid, tabhair moladh) Chun cabhrú le daltaí a gceisteanna féin a cheapadh: Samhaltaigh an ceistiú do dhaltaí Cuir deiseanna ar fáil do dhaltaí chun a scileanna a chleachtadh Cuir am san áireamh le haghaidh ceisteanna ó dhaltaí agus le plé éifeachtach a dhéanamh ar na ceisteanna sin Straitéisí don Seomra Ranga

  35. Fréamhacha Ceisteanna • Cén chaoi ar féidir linn bheith cinnte go…? • Céard atá mar an gcéanna agus céard atá difriúil i gcás…? • An mbíonn sé fíor/bréagach riamh/i gcónaí go …? • Cén fáth go dtugann ___, ___ agus___ an freagra céanna? • Cén chaoi a …? • Cén chaoi a míneofá…? • Céard a insíonn sé sin dúinn i dtaobh …? • Céard atá cearr le …? • Cén fáth go bhfuil ___ fíor?

  36. Tuiscintí ginearálta i leith ceistiúcháin • Ó thaobh na gnóthachtála de tá níos mó éifeachta ag baint le ceacht ina gcuirtear ceisteanna ná mar atá i gceacht gan cheisteanna • Tá ceistiúchán ó bhéal le linn ranga níos éifeachtaí ó thaobh chur chun cinn na foghlama de ná mar atá ceisteanna scríofa • Leanann breis tuisceana ceisteanna a dhíríonn ar eochairphointí • Tá nasc dearfach idir ceisteanna a chur le linn plé ranga agus foghlaim fíricí

  37. Tuiscintí breise • I gcás grúpaí atá lagchumasach – tá nasc dearfach idir úsáid rialta ceisteanna íosoird agus gnóthachtáil • Leanann gnóthachtáil bhreise san fhoghlaim méadú i gceistneoireacht ardoird (os cionn 20%) • Ardaíonn ionchas múinteoirí ina leith siúd atá ceaptha bheith ina bhfoghlaimeoirí laga nuair a mhéadaítear úsáid ceisteanna ardoird go 50%

  38. Cáilíocht na foghlama sa seomra ranga?(John West Burnham)

  39. Ráitis Shamplacha – Tuarascálacha CÁ 08 • …ceistiúchán i scríbhinn, ó bhéal, agus pictiúrtha • …díríodh ceisteanna ar dhaltaí ar leith • …tugadh spás do dhaltaí lena bhfreagraí a réiteach agus gríosaíodh iad lena lámha a ardú sular roghnaíodh freagraí

More Related