1 / 9

Bochtanas Réamh phlé 1

Bochtanas Réamh phlé 1. Cad is bochtanas ann? An bhfuil sainmhíniú agat? Bí ag obair leis an duine in aice leat. Féachaigí ar na fotheidil seo – an féidir libh a rá conas a bhaineann siad le bochtanas? Bia Uisce óil Saoráidí sláintíochta ( sanitation facilities ) Sláinte Dídean Oideachas

kitty
Download Presentation

Bochtanas Réamh phlé 1

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. BochtanasRéamhphlé 1 Cad is bochtanas ann? An bhfuil sainmhíniú agat? Bí ag obair leis an duine in aice leat. Féachaigí ar na fotheidil seo – an féidir libh a rá conas a bhaineann siad le bochtanas? Bia Uisce óil Saoráidí sláintíochta (sanitation facilities) Sláinte Dídean Oideachas Eolas

  2. BochtanasRéamhphlé 2 Seo an sainmhíniú a bhí ag fear darbh ainm David Gordon ar riachtanais dhaonna, le bochtanas a sheachaint. Bia: Caithfidh an innéacs corpmhaise (body mass index) a bheith níos mó ná 16. Uisce óil: Ba cheart go mbeadh uisce óil ar fáil taobh istigh de shiúlóid cheathrú uaire, agus níor cheart go dtiocfadh an t-uisce seo ó aibhneacha amháin. Saoráidí sláintíochta (sanitation facilities): Ba cheart go mbeadh leithreas sa bhaile nó in aice leis an mbaile. Sláinte: Ba chóir go mbeadh cóir leighis ar fáil, má tá duine an-tinn nó ag iompar clainne. Dídean: Níor cheart go mbeadh níos mó ná ceathrar ina gcónaí in aon seomra amháin; níor cheart go mbeadh urlár salachair, láibe nó cré sa teach.

  3. BochtanasRéamhphlé 2 ar lean Oideachas: Ba chóir go mbeadh oideachas ar fáil do chách, nó ar a laghad go mbeadh léamh ag duine. Eolas: Ba cheart go mbeadh teacht ag gach duine ar pháipéir nuachta, ar an raidió, ar an teilifís, ar ríomhairí nó ar ghutháin. An raibh na riachtanais chéanna luaite agaibh féin? Cuirigí na teidil in ord tábhachta, de réir bhur dtuairimí féin.

  4. BochtanasRéamhobair 1 Beidh tú ag éisteacht le cailín ag caint faoin mbochtanas ar ball. An féidir leat na focail a cheangal leis na sainmhínithe cearta?

  5. BochtanasRéamhobair 2 Féach ar na focail arís. Meaitseáil na focail a bhfuil na deirí céanna acu. Bí ag obair leis an duine in aice leat. An féidir libh aon rud a rá faoi na focail thuas - a bhfuil na deirí céanna acu? Cad faoi na focail seo, cuirigí leis an ngrúpa is fearr a oireann thuas (1-4) iad! Mínígí bhur rogha!! Mangairí Gadaíocht Ús

  6. BochtanasÉisteacht 1 Éist le Sorcha, an dara cainteoir, i gcomórtas díospóireachta. Freagair gach ceist tar éis gach coda. Cuid 1 Cad é an rún, agus an bhfuil Sorcha i gcoinne nó ar son an rúin? Cad air a mbeidh sí ag caint? Cad a deir sí faoi Trócaire? Cuir 2 Cad a deir Sorcha faoin mbeirt i mBaile Átha Cliath? Déanann sí cur síos ar bhoicht na tíre seo, cad é? Cad a deir sí faoi charthanacht?

  7. BochtanasÉisteacht 2 Cuid 3 Cén fáth nach n-aontaíonn Sorcha le Helena? Cuid 4 Cad a deir Sorcha faoi na rialtais san Afraic, mar shampla? Cén tuairim atá ag John O’Shea? An aontaíonn sí le John O’Shea? Cuid 5 Cén cineál rialtas iad rialtais na hAfraice, de réir an chainteora? Cé atá ag fáil iasachtaí ó bhaincéirí? An bhfuil Sorcha den tuairim nár cheart aon airgead a thabhairt don tríú domhan?

  8. BochtanasIarobair 1 Bí ag obair leis an duine in aice leat arís. Déanaigí cur síos ar na graif seo. GDP / OTI - Olltáirgeacht intíre (billiúin dollar) Daoine ar thairseach na bochtaineachta (%)

  9. BochtanasIarobair 2 Díospóireacht Ranga Tá caighdeán níos airde maireachtála ag muintir na hÉireann sa lá atá inniu ann, ná mar a bhí deich mbliana ó shin. Ná déan dearmad de: ‘A chathaoirligh, a mholtóirí, a lucht an fhreasúra agus a lucht éisteachta.’

More Related