190 likes | 720 Views
An Spailpín Fánach. File Anaithnid Nótaí Gnáthléibhéal. Le Staidéar. File Anaithnid, Ní fios cé chum Teideal – téarma dímheasa é, sclábhaí Suíomh Éire san 18ú/19ú haois nuair a bhí na Sasanaigh i gceannas le na péindlíthe Téama – Saol crua an spailpín
E N D
An Spailpín Fánach File Anaithnid Nótaí Gnáthléibhéal
Le Staidéar • File Anaithnid, Ní fios cé chum • Teideal – téarma dímheasa é, sclábhaí • Suíomh Éire san 18ú/19ú haois nuair a bhí na Sasanaigh i gceannas le na péindlíthe • Téama – Saol crua an spailpín • Mothúcháin – Fearg, frustrachas, náire, tuirse, bród srl • Mar a chuaigh an dán i gcion ort – Teicnicí msh – codarsnacht, friotal, comparáid, meafair, uaim/comhuaim, íomhánna, meadaracht, atmaisféar, nádúr/dúlra
Téama • Téama – Is é saol crua sclábhúil an spailpín téama an dáin seo, An Spailpín Fánach. Bhí saol crua gan faoiseamh aige agus bhí sé tinn tuirseach de. • Thaisteal sé ar fud na háite ag lorg oibre ó ‘Cluain gheal Meala’ go ‘Caiseal’ agus ‘Durlas’ go ‘Tiobraid Árann’. Mar sin bhí sé beo bocht agus i gcónaí ag éirí tinn ‘ag bailiú galair ráithe’. • Bhí muintir na hÉireann beo bocht faoi smacht na Sasanaigh. Ní raibh meas ag éinne ar na spailpíní. Bhí an spailpín réidh chun troid in aghaidh na Sasanaigh ‘cleith is píc chun sáite’.
Mothúcháin • Bhí a lán mothúchán sa dán seo; bród, fearg, náire, trua, frustrachas, fuath, tuirse, daoirse agus tírghrá ina measc. • Bhí meascán de náire agus bród ar an bhfile. Ba fuath leis a shaol mar spailpín ‘go deo deo arís ní raghad go Caiseal’ ach ag an am céanna thuig sé go raibh sé an-mhaith ag obair ‘chun tosaigh céard leo’. • Saol frustrach a bhí ann gan dabht.
Ceisteanna buntusiceana • Cén post a bhíodh ag an bhfile? Ba file é ar dtús ach anois is Spailpín fánach é. • Cá raibh sé ag obair? Bhí sé ag obair ó áit go háit mar shampla i gCaiseal, i Dúrlas, i gCarraig na Siúire agus i gCallainn. • Conas a bhí sláinte an fhile? Bhí sláinte an fhile go dona. Bhí sé tinn go minic ‘ag bailiú galair ráithe’. Bhí i gcónaí amuigh go moch ar maidin ag lorg oibre i ngach sórt aimsire. • Cé a bhí i gceannas ar mhuintir na hÉireann? Na Sasanaigh – ‘bodairí na tíre’ • Cad a bhí ar siúl aige i gCaiseal? Chuaigh sé go dtí an margadh hireálta i gCaiseal. • Cad ba mhaith leis an bhfile a dhéanamh? Ba mhaith leis an bhfile troid chun na Sasanaigh/na bodairí a chaitheamh amach.
Atmaisféar • Bhí atmaisféar míshona sa dán seo. Bhí an file feargach agus frustrach lena shaol agus le cúrsaí in Éirinn. • Ba fuath leis na Sasanaigh (bodairí na tíre) a bhí i gceannas agus ní bhfuair sé meas ó éinne. Ghlaoigh siad ‘Spailpín’ go maslach air. • Is léir nach raibh atmaisféar áthasach sa dán seo.
Ar thaitin an dán seo leat? • Thaitin an dán seo go mór liom cé go bhfuil sé brónach. • Bhí saol crua ag an bhfile, ag bogadh ó áit go háit ag lorg oibre. Bhí sé i gcónaí tinn. Ní raibh meas ag aon duine air. Bhí brón orm ag léamh faoi sin. ‘ag bailiú galair ráithe’ • Ach is maith liom spiorad an fhile sa dán. Ba mhaith leis troid chun a shaol a athrú….’cléith is píc chun sáite’…. • Chomh maith le sin bhí a lán eolas faoi stair na hÉireann sa dán agus cheap mé go raibh sé suimiúil. D’fhoghlaim mé faoi stádas na daoine agus an sórt saoil a bhí acu. Bhain mé an-taitneamh as.
Ceisteanna Samplacha • Cad é téama an dáin seo? (5 líne) • Déan cur síos ar dhá íomhá. • Cad is brí leis an teideal? • Cad é an mothúcháin is mó sa dán seo? • Cad is brí leis an líne….. • Scríobh 3 phointe faoin bhfile. • An bhfuil aon meafair sa dán seo? Mínigh. • Cén saghas atmaisféar atá sa dán seo? • Ar thaitin an dán seo leat? • Déan cur síos ar codarsnacht sa dán seo.