1 / 21

Oisín i dTír na nÓg

Oisín i dTír na nÓg. Scéal Bhéaloidis. An Fhiannaíocht. ‘Séard atá san Fhiannaíocht ná scéalta agus dánta (laoithe) faoi laochra/gaiscígh. Saighdiúirí (gnáthdhaoine) ab ea na Fianna, nach raibh baint ar bith acu leis na huaisle (An Rúraíocht).

Download Presentation

Oisín i dTír na nÓg

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Oisín i dTír na nÓg Scéal Bhéaloidis

  2. An Fhiannaíocht • ‘Séard atá san Fhiannaíocht ná scéalta agus dánta (laoithe) faoi laochra/gaiscígh. • Saighdiúirí (gnáthdhaoine) ab ea na Fianna, nach raibh baint ar bith acu leis na huaisle (An Rúraíocht). • Bhíodh sé de dhualgas orthu Éire a chosaint, nuair a bhí Cormac Mac Airt ina ardrí ar Éirinn.

  3. An Fhiannaíocht sa scéal seo • Simplíocht • Áibhéil • Niachas • Geasa • Troid • Gaisce • Crógacht • Uimhir a trí agus uimhir a seacht

  4. Simplíocht • Déantar léiriú deas simplí ar na carachtair go léir sa scéal seo. • Déantar léiriú deas simplí ar na háiteanna.

  5. Áibhéil • Tarlaíonn rudaí dochreidte anseo.

  6. Niachas • Bíonn baint láidir ag an niachas leis na scéalta agus leis na dánta – fiú amháin nuair is naimhde iad na laochra.

  7. Geasa • Tarlaíonn rudaí dochreidte sna scéalta agus sna dánta. • Bíonn daoine nó rudaí faoi gheasa. • Ní féidir leis an laoch an gheis a bhriseadh – bíonn ceangal dualgais air é a chomhlíonadh. • Bíonn mí-ádh agus draíocht ag baint leis na geasa.

  8. Troid • Bíonn troid mar bhunábhar sna scéalta agus sna dánta. • Bhíodh sé de dhualgas ar na Fianna Éire a chosaint.

  9. Gaisce • Sna laochscéalta béaloidis seo, b’iad na príomhcharachtair ná laochra nó gaiscígh. • Ba mhinic a dhéanaidis gníomhartha gaisce.

  10. Crógacht • Sna laochscéalta béaloidis seo, b’iad na príomhcharachtair ná laochra nó gaiscígh. • Ba mhinic a dhéanaidis gníomhartha gaisce. • B’é tréith fíorthábhachtach in aon laoch ná crógacht. • Bhíodh sé sásta go leor féiníobairt a dhéanamh, má bhíodh gá leis.

  11. Uimhir a Trí agus Uimhir a Seacht • Tharlaíodh rudaí sna scéalta seo faoi thrí nó faoi sheacht (m.sh. triúr príomhcharachtar, nó triúr deartháireacha, nó trí eachtra, nó seacht mbliana srl.)

  12. An Fhiannaíocht sa scéal seo • Simplíocht • Áibhéil • Niachas • Geasa • Troid • Gaisce • Crógacht • Uimhir a trí agus uimhir a seacht

  13. Simplíocht • Déantar léiriú deas simplí ar na carachtair go léir sa scéal seo. • B’í Niamh Chinn Óir an bhean ab áille gné. • Ghlac Oisín le Niamh ar an bpointe: “Is tú mo rogha thar mhná an domhain.” • Bhí briseadh croí ar Fhionn nuair a d’imigh a mhac. • Chuir Rí Thír na nÓg le hOisín fáilte mhór roimh Oisín, agus mhair sé ann go sona sásta lena chlann. • Bhuail sé le Pádraig Naofa, agus thug sé cabhair dó. • Déantar léiriú deas simplí ar na háiteanna. • Is í Tír na nÓg an áit is áille ar domhan.

  14. Áibhéil • Tarlaíonn rudaí dochreidte anseo. • go bhfuil a leithéid d’áit mar Thír na nÓg ann – áit nach bhfaigheann éinne bás ann, agus ina bhfuil aoibhneas an chroí ann. • Bhí Oisín ábalta an leac a bhogadh ina aonar, agus é thuas ar bharr an chapaill bháin – ní raibh 300 gnáthfhear in ann é a bhogadh. • Throid Oisín ar feadh trí lá in aghaidh Fhómhair Builligh. • Bhí féasta acu a mhair deich n-oíche agus deich lá, agus phós Oisín le Niamh. • Bhí an baol ann i gcónaí nach bhfillfeadh Oisín ar Thír na nÓg, dá leagfadh sé a chos ar thalamh na hÉireann.

  15. Niachas • Bíonn baint láidir ag an niachas leis na scéalta agus leis na dánta – fiú amháin nuair is naimhde iad na laochra.

  16. Geasa • Tarlaíonn rudaí dochreidte sna scéalta agus sna dánta. • Bíonn daoine nó rudaí faoi gheasa. • Ní féidir leis an laoch an geis a bhriseadh – bíonn ceangal dualgais air é a chomhlíonadh. • Bíonn mí-ádh agus draíocht ag baint leis na geasa. • Bhagair Niamh Oisín nuair a bhuail siad le chéile ar dtús. Chuirfeadh sí é faoi gheasa uafásach, nach bhféadfadh laoch ar bith in ann a sheasamh, muna rachadh Oisín léi.

  17. Troid • Bíonn troid mar bhunábhar sna scéalta agus sna dánta. • Bhíodh sé de dhualgas ar na Fianna Éire a chosaint. • Bhí na Fianna amuigh ag fiach ar an lá a bhuail siad le Niamh. • Chaitheadh siad a laethanta ag troid go fíochmhar in aghaidh laochra eile, nó ag fiach. • Throid Oisín ag dún Rí na mBeo agus fuair sé an lámh in uachtar ar Fhómhair Builligh – bhain sé a cheann de.

  18. Gaisce • Sna laochscéalta béaloidis seo, b’iad na príomhcharachtair ná laochra nó gaiscígh. • Ba mhinic a dhéanaidis gníomhartha gaisce. • Thug Oisín cabhair do na fir i nGleann na Smól. • Bhí clú agus cáil ar Oisín mar gur chuala Niamh faoin: “Oisín meanmnach na dteanlámh”. • Throid Oisín ag dún Rí na mBeo, agus fuair sé an lámh in uachtar ar Fhómhar Builleach. Bhain sé a cheann de, agus lig sé saor iníon Rí na mBeo.

  19. Crógacht • Sna laochscéalta béaloidis seo, b’iad na príomhcharachtair ná laochra nó gaiscígh. • Ba mhinic a dhéanaidis gníomhartha gaisce. • B’é tréith fíorthábhachtach in aon laoch ná crógacht. • Bhíodh sé sásta go leor féiníobairt a dhéanamh, má bhíodh gá leis. • Throid Oisín ag dún Rí na mBeo, agus fuair sé an lámh in uachtar ar Fhómhar Builleach. Bhain sé a cheann de, agus lig sé saor iníon Rí na mBeo.

  20. Uimhir a Trí agus Uimhir a Seacht • Tarlaíonn rudaí sna scéalta seo faoi thrí nó faoi sheacht. • Bhí trí chéad fear ag iarraidh leac a bhogadh i nGleann na Smól. • Rinne an t-each bán trí seitreacha agus iad ag fágáil Éireann. • Agus iad ag druidim le Tír na nÓg, thug siad faoi deara an trí rud siúd: na machairí faoi bhláth, na tithe gréine déanta as clocha geala, agus teach cónaithe ildathach an rí. • Tháinig trí chaoga laoch (150) amach lena bhfáiltiú. • Bhí triúr páistí acu. (Fionn, Oscar, Plúr na mBan) • D’impigh Niamh ar Oisín faoi thrí gan Tír na nÓg a fhágáil – thug sí trí rabhadh dó.

  21. Tréithe Eile • Draíocht • Bhí geis ar Oisín gan a chos a leagadh ar thalamh na hÉireann, nó d’athródh sé ina sheanfhear críonna láithreach. • Bhí geis ar an gcapall bán filleadh ar Thír na nÓg gan Oisín. • Logainmneacha • Gleann na Smól • Loch Léin • Almhain Laighean

More Related