1 / 13

I gceann tamaill beidh tú ag éisteacht le dalta ag caint

Mo theaghlach Réamhobair 1. I gceann tamaill beidh tú ag éisteacht le dalta ag caint ar a teaghlach. Ach ar dtús cuir Gaeilge ar na focail/ frásaí seo a bhaineann le teaghlach. a big family half/step brother or sister engaged in a relationship with divorced separated husband wife

imala
Download Presentation

I gceann tamaill beidh tú ag éisteacht le dalta ag caint

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Mo theaghlachRéamhobair1 I gceann tamaill beidh tú ag éisteacht le dalta ag caint ar a teaghlach. Ach ar dtús cuir Gaeilge ar na focail/ frásaí seo a bhaineann le teaghlach. a big family half/step brother or sister engaged in a relationship with divorced separated husband wife mother in law father in law *brother in law / *sister in law godmother / godfather / godchild first cousin second cousin twin / half-twin a married couple adopted fostered

  2. Mo theaghlachRéamhobair2 Cuir an aidiacht ‘mór’ leis na hainmfhocail teaghlach agus clann. An dtagann aon athrú ar ‘mór’? Cén fáth? teaghlach ___________ clann ___________ b. Cuir an focal ‘céile’ tar éis na hainmfhocail ‘fear’ agus ‘bean’. An dtagann aon athrú ar ‘céile’? Cén fáth? fear___________ bean___________ Déan an rud céanna anois leo seo ag úsáid ‘céile’: athair___________ máthair___________ c. Sa Bhéarla úsáidtear an téarma brother in law nó sister in law chun cur síos a dhéanamh ar dhá chineál dhuine: 1. An duine atá pósta ag do dheartháir/ag do dheirfiúr. 2. Deartháir nó deirfiúr do chéile féin. Ach sa Ghaeilge ní féidir an téarma ‘deartháir céile’ nó ‘deirfiúr céile’ a úsáid ach amháin chun cur síos a dhéanamh ar chineál amháin gaoil. Cén ceann, 1. nó 2. thuas? Conas a chuirfeá síos ar an ngaol eile as Gaeilge?

  3. Mo theaghlachÉisteacht • Éist le Deirdre Seoige ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin • agus freagair na ceisteanna seo: • Cé mhéad duine atá i dteaghlach Dheirdre? • Cá dtagann sí féin sa teaghlach? • Cad a dúirt Deirdre faoina deartháireacha agus deirfiúracha níos sine?

  4. Mo theaghlachIarobair1 (a) Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat. Tá teaghlach mór ag Deirdre. Cé acu ab fhearr leatsa, a bheith mar chuid de theaghlach mór nó beag? Cén fáth? Is iad Deirdre agus a deartháir na daoine is óige sa chlann. Cé acu is fearr, a bheith ar an duine is óige, an duine is sine, nó sa lár, dar leat? Cén fáth? An mbíonn tréithe difriúla ag deartháireacha/deirfiúracha ag brath ar cén áit a dtagann siad sa chlann? An mbíonn taithí saoil difriúil acu? (b) Cuir Gaeilge ar na frásaí seo: She looks like her mother. He looks like his brother. They’re very close. They get on very well. They’re always fighting.

  5. Mo theaghlachIarobair2 Cad atá i gceist leis an seanfhocal seo? Briseann an dúchas trí shúile an chait. Agus na cinn seo: Is geal leis an bhfiach dubh a gearrcach féin. Is minic a bhí uan dubh ag caora bán! Smaoinigh ar chásanna ina bhféadfaí na seanfhocail thuas a úsáid agus scríobh i do chóipleabhar iad.

  6. Mo theaghlachIarobair3 Is féidir go leor úsáide a bhaint as an bhfocal ‘dúchas’ sa Ghaeilge. Féach ar na habairtí seo a leanas – an dtuigeann tú cad atá i gceist leis an úsáid atáthar ag baint as an gciall ‘dúchas’ iontu ar fad? Is ceoltóir iontach é. Tá sé sa dúchas aige. Is cainteoir dúchais Gaeilge í. Ní planda dúchasach é an fhiúise. An ndéantar leatrom ar na bundúchasaigh i Meiriceá Theas? Scríobh abairtí de do chuid féin i do chóipleabhar ag úsáid na bhfrásaí seo a leanas lena mbrí a léiriú. Tá sé sa dúchas agam. Sin é an dúchas agat! Nathanna cainte dúchasacha.

  7. Mo theaghlachIarobair4 Nósanna Gaeltachta 1 Tá córas speisialta ainmnithe ann sa Ghaeltacht ina nasctar ainm baiste an duine le hainm baiste a athar (nó uaireanta a mháthar), mar shampla, Johnny Mhaidhc (Maidhc ainm athair Johnny) Nellie Tom (Tom ainm athair Nellie) Nuair a bhíonn ainm an athar ceangailte go dlúth le hainm a athar siúd bíonn trí ainm ag an duine, mar shampla, Pádraig Jimí Sheáinín (Jimí Sheáinín a thugtaí ar athar Phádraig toisc Seáinín a bheith ar a athair siúd) Máire Tom Neidí (Tom Neidí a thugtaí ar athair Mháire toisc Neidí a bheith ar a athair siúd) Gan amhras bíonn an tuiseal ginideach i gceist leis na hainmneacha nuair is féidir é a chur i bhfeidhm! An féidir leat smaoineamh ar shamplaí ó do cheantar féin (má tá tú i do chónaí sa Ghaeltacht)? An úsáideann tusa an córas Gaeltachta seo i measc do chairde (má tá tú i do chónaí sa Ghaeltacht)? Cén ‘t-ainm Gaeltachta’ atá/a bheadh ort féin?

  8. Mo theaghlachIarobair5 Nósanna Gaeltachta 2 Cad is féidir linn a thuiscint mar gheall ar chultúr na Gaeltachta ón méid sin thuas? Cad a deir sé mar gheall orainn mar phobal? An dóigh leat gur drochrud é nach bhfuil an t-eolas sin ag daoine óga a thuilleadh nó an bhfuil aon tábhacht ag baint leis, i do thuairim? Tá slí an-speisialta ag muintir na Gaeltachta chun an cheist ‘Who are you?’ a chur. Deir siad, ‘Cé leis tú?’ Cad a léiríonn sé sin dúinn faoi chultúr na Gaeltachta? An mbaintear úsáid as an gceist sin ‘Cé leis tú?’ mórán na laethanta seo? Cén fáth?

  9. Mo theaghlachÁbhar machnaimh Mo bhaile Ar thug tú riamh faoi deara gur ionann an focal ar ‘home’ agus ‘village’ /‘town’ sa Ghaeilge? An chúis atá leis sin ná fadó riamh in Éirinn bhí ceangal an-dlúth idir an t-aonad teaghlaigh (máthair, athair, deartháireacha agus deirfiúracha) agus na daoine eile a bhí ina gcónaí sa phobal céanna.

  10. Mo theaghlachIarobair6 Nósanna Gaeltachta 3 Ar thug tú riamh faoi deara gur aon uair a deir duine éigin rud éigin moltach faoi dhuine go ndeir siad i gcónaí ‘bail ó Dhia air’ nó ‘bail ó Dhia uirthi’ ina dhiaidh? Mar shampla: ‘Tá Sinéad an-mhaith ag díospóireacht, bail ó Dhia uirthi.’ Nó : - Ceoltóir iontach is ea Eoin. - Sea. Bail ó Dhia air. Is nós Gaeltachta é sin. Ach cad as a tháinig sé an chéad lá?

  11. Mo theaghlachLéamh Léigh an dán seo le Máirtín Ó Direáin. Faoiseamh a Gheobhadsa Faoiseamh a gheobhadsa Seal beag gairid I measc mo dhaoine Ar oileán mara, Ag siúl cois cladaigh Maidin is tráthnóna Ó Luan go Satharn Thiar ag baile. Faoiseamh a gheobhadsa Seal beag gairid I measc mo dhaoine Ó chrá chroí, Ó bhuairt aigne, Ó uaigneas dhuairc, Ó chaint ghontach Thiar ag baile.

  12. Mo theaghlachIarobair(léamh) Is minic a deirtear faoin dán Faoiseamh a Gheobhadsa gur dán é faoin difear atá idir saol na tuaithe agus saol na cathrach agus an faoiseamh a bhraitheann an file nuair a fhágann sé Baile Átha Cliath le filleadh ar Inis Mór. Ach d’fhéadfaí a áiteamh chomh maith gur dán é faoin bhfaoiseamh aigne a bhraithimid ar fad nuair a bhímid i measc ár muintir féin, is cuma an daoine tuaithe nó cathrach iad. Scríobh cúpla alt i do chóipleabhar ar gach ceist thíos. 1. Cad iad na cúiseanna a mbraithfeadh daoine an faoiseamh nó suaimhneas aigne agus iad i measc a muintire féin? 2. Cén saghas pobail atá san áit ina bhfuil tusa i do chónaí? Cén saghas tréithe a bhaineann le muintir na háite ann, dar leat? (Is féidir le pobal a bheith an-leathan - muintir Bhaile Átha Cliath, mar shampla). 3. Ar chaith tú riamh tréimhse ama as baile? Conas a bhraith tú ann? An gceapann tú gur rud maith é tréimhse ama a chaitheamh i dteaghlach / i bpobal eile? Cén fáth?

  13. Mo theaghlachScríobh Chez Les Nouvions! Tá tú ag déanamh malartú le teaghlach Francach, Les Nouvions . Tá tusa ag caitheamh trí seachtaine i do chónaí leo agus beidh mac/iníon den teaghlach ag fanacht i do theachsa ina dhiaidh sin. Scríobh litir abhaile chuig duine de do mhuintir féin ag cur síos ar conas atá ag éirí leat. Déan cur síos ar nósanna an teaghlaigh agus ar na mothúcháin atá agat. Úsáid do shamhlaíocht!

More Related