170 likes | 562 Views
Imeagla. Mícheál Ó Ruairc. Imeagla. fágtha i m’aonar i seomra feithimh a n fhiaclóra l éimeann lampaí p léascann plandaí b éiceann ballaí a gus scoilteann fuinneoga m antanna i mbéal an tráthnóna. fágtha i m’aonar. i seomra feithimh a n fhiaclóra. l éimeann lampaí.
E N D
Imeagla Mícheál Ó Ruairc
Imeagla fágtha i m’aonar i seomra feithimh an fhiaclóra léimeann lampaí pléascann plandaí béiceann ballaí agus scoilteann fuinneoga mantanna i mbéal an tráthnóna
Ceisteanna • Cá bhfuil an dán seo lonnaithe? • Cén aois é an duine sa dán an dóigh leat? • Cén fáth nach maith leis an fhiaclóir? • Cad a bhí ar siúl ina aigne? • An raibh samhlaíocht maith aige? Cén fáth? • Ar thaitin leat an dán? Cén fáth?
Le Staidéar • Teideal • File • Téama an dáin • Mothúcháin an dáin • Duine sa dán • Ar thaitin an dán leat?
Téama • Is é eagla roimh an bhfiaclóir téama an dáin seo. • Tá an dán seo faoi fanacht in oifig an fhiaclóra. Tá an file ag caint sa dán. Déanann sé cur síos ar an seomra feithimh. Tá an seomra scanrúil. Tá gach rud sa seomra ag cur isteach ar shamhlaíocht an fhile. • Ceapann sé go bhfuil na plandaí, na ballaí, na lampaí agus fiú na fuinneoga beo ina shamhlaíocht. Tá siad bagrach scanrúil, ‘béiceann ballaí, léimeann lampaí, pléascann plandaí’. • Mar sin is léir go bhfuil an file scanraithe ina bheatha in oifig an fhiaclóra.
Mothúchán • Úsáideann an file íomhánna chun an eagla a thaispeáint. • Ceapann an file go bhfuil gach rud sa seomra scanrúil ina cheann. Tá na ballaí ag screadáil agus tá na lampaí ag léim. ‘Léimeann lampaí, béiceann ballaí’ • Tuigim ó na pictúirí sin go bhfuil sé scanraithe roimh an bhfiaclóir. • Mar sin, is léir gurb é eagla an mothúchán is láidre sa dán.
Duine eaglach • Sa dán seo, Imeagla, le Mícheál Ó Ruairc, feicimid duine eaglach. Tá an duine bocht ag feithimh don bhfiaclóir. Tá eagla an domhain air. Tá gach rud san oifig bagrach scanrúil. • Ina cheann tá na ballaí ag screadáil agus na lampaí ag léim. Taispeánann sé sin go bhfuil an duine eaglach roimh an bhfiaclóir.
Thaitin an dán seo go mór liom. Níor thaitin an dán seo liom. Ar thaitin an dán seo leat?