1 / 3

Dís le Siobhán Ní Shuilleabháín

Dís le Siobhán Ní Shuilleabháín.

donat
Download Presentation

Dís le Siobhán Ní Shuilleabháín

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Dís le Siobhán Ní Shuilleabháín • Staidéar ar charachtairí, go háirithe lánúin pósta é an scéal seo. Ní tharlaíonn mórán ach faigheann an léitheoir sracfhéachaint ar gnáthshaol na ndaoine seo. Is suimiúil iad na léargas difriúla a fheictear tríd an chúrsa nua seo ó Colscaradh go An Gnáthrud agus fiú Mo Ghrá-sa ar an ngrá ach go háirithe. Is mór an éagsúlacht atá le fáil ar ghaolta agus chaidreamh idir dhaoine. • Sa ghearrscéal seo Dís, tugann an t-athrá ag an tús agus ag an deireadh teachtaireacht dúinn….is mar seo a mbíonn an saol don bheirt seo i gcónaí. Is cuma cén eachtraí a tharlaíonn go laethúil, míosúil nó fiú bliantúil, ní athraíonn an saol dóibh riamh. • Ceist Samplach- ‘coimhlint idir dearcadh na mná agus an fhir’

  2. Ceapaim go bhfuil léíriú le fáil ar dearcadh sean-fhaiseanta na bhfear sa scéal seo. Duine leisciúil é Seán i mo thuairim. Cé go raibh sé amuigh ag obair don lá ar fad ní raibh sé sásta teacht abhaile agus comhrá fiú a dhéanamh lena bhean chéile. Ní raibh uaithi ach aird ach ba chuma le Seán. Bhí sé gafa leis an nuachtán gach oíche, bhí ciúnas agus faoiseamh uaidh. Feicim dearcadh sean-fhaiseanta céanna an fhir i gColscaradh le Pádraig Mac Suibhne. • I gceann Seán is mór an difir idir post na mban agus post na bhfear. Ba cheart dá bhean chéile bheith ag tabhairt aire don leanbh agus an dinnéar bheith réidh aici dó ag deireadh an lae. • Dearcadh fíor shean-fhaiseanta é seo agus sílim go raibh meon cúng-aigeanta aige, ní raibh suim dá laghad ag Sean i saol a mhná.

  3. I gcodarsnacht leis an dearcadh sean-fhaiseanta seo feicim gur duine nua-aimseartha í a bhean céile. Tuigim go raibh sí ag éirí brean den saol, greamaithe sa bhaile leis an bpáiste gan aon caint, comhrá ná cairde aici. • Tá sise ag iarraidh a saol a dhéanamh níos suimiúla agus bhí sí lán-sásta labhairt le bean an tsuirbhé. Ba mhaith léi a saol a athrú ach ní bheadh Seán sásta le sin. Tuigim gur duine cliste í ag imirt cluichi siceolaíochta le Seán faoin suirbhé agus ceapaim gur duine simplí é Seán le mianta simplí aige – teach glan agus bia ar an mbord. • Ar an iomlán tá saol corraitheach uaithi, le stádas aici sa sochaí ach ní raibh aon athrú uaidh, is dócha go mbeadh sé sásta an páipéar a léamh go deo. Sin an difir agus an gcoimhlint idir meon na ngéasa sa scéal seo, dar liom.

More Related