1 / 42

Inslitheoirí

Inslitheoirí. Bíonn leictreoin greamaithe go láidir sa scealla is faide amach Tá a lán fhuinnimh ag teastáil chun iad a scaoileadh saor don seoladh Cuir difríocht phoitéinsil trasna an inslitheoir …

dawn
Download Presentation

Inslitheoirí

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Inslitheoirí Bíonn leictreoin greamaithe go láidir sa scealla is faide amach Tá a lán fhuinnimh ag teastáil chun iad a scaoileadh saor don seoladh Cuir difríocht phoitéinsil trasna an inslitheoir… Ní leor an forsa ar gach leictreon chun é a scaoileadh saor agus ní sheolann siad leictreachas Tá ardfhriotaíocht ag inslitheoirí Slide 1

  2. Seoltóirí Leictroin nach bhfuil greamaithe go láidir sa scealla is faide amach Méid beag fhuinnimh ag teastáil chun iad a scaoileadh i gcóir sheoladh Cuir difríocht phoitéinsil trasna an seoltóir… Is leor an forsa ar roinnt leictreon chun iad a scaoileadh saor:is féidir leo léim ó adamh go hadamh seolann siad leictreachas Tá friotaíocht íseal ag seoltoirí Slide 2

  3. Leathsheoltóirí Friotaíocht le luach idir luach friotaíochta inslitheora agus seoltóra Níl na leictreoin saor le éalú. Ach is féidir leo ealú le méid beag fhuinnimh a thabhairt dóibh. Leathsheoltóirí sileacan agus germanium Slide 3

  4. Sileacan, Si, Adamh 4 leictreon sa scealla is faide amach Riarann gach adamh a 4 leictreon le 4 adamh eile Slide 4

  5. Sileacan: an laitís criostail Mar atá sé tríd an sileacan Seo nuair atá sé fuar Níl aon leictreoin saor – ní sheolann sé leictreachas – cosúil le hinslitheoir Slide 5

  6. Gluaiseacht leictreon i Sileacan Má dhéantar an sileacan a théamh…. Is féidir le leictreon go leor fuinnimh a fháil chun éirí saor as a nasc Beidh an leictreon ar fáil do sheoladh agus bogann sé Slide 6

  7. Gluaiseacht poll i Sileacan Féach ar cad atá fágtha nuair a imíonn an leictreon Tá bearna sa nasc - poll Féach air.. Slide 7

  8. Gluaiseacht na bpoll i Sileacan Is féidir leis an bpoll bogadh… Is féidir le leictreoin léim isteach sa pholl ag cruthú phoill eile ina ndiaidh… De bharr sin is féidir a rá go bhfuil an poll ag bogadh… Mar sin… Slide 8

  9. Sileacan a théamh Nuair a théitear sileacan scaoiltear leictroin… Cruthaítear dís leictreon-pholl atá ar fáil i gcóir sheoladh Slide 9

  10. Seoladh Intreach Tóg píosa sileacain… Cuir difríocht phoitéinsil trasna air… Cruthaítear réimse leictreach tríd an sileacan Nuair a théitear an sileacan scaoiltear leictreon saor… Slide 10

  11. Seoladh Intreach Bíonn an leictreon faoi fórsa Aomtar é chuig an leictreoid deimhneach agus athscaoiltear é ón leictreoid diúltach Slide 11

  12. Seoladh Intreach Cuir níos mó teasa leis… Scaoiltear leictreon eile… Bogann sé sa réimse leictreach Méadítear ar an sruth… Friotaíocht níos ísle ag an sileacan anois Slide 12

  13. Seoladh Intreach Leanann an próiseas ar aghaidh le níos mó teasa… Níos mó teasa… Níos mó srutha… Níos lú friotaíochta… Feidhmíonn an sileacan mar teirmeastar Laghdaítear an fhriotaíocht le téámh Slide 13

  14. Teirmeastar • Friotóir a fhreagraíonn le hathruithe teasa • Fuar: cosúil le hinslitheoir le ardfhriotaíocht • Le téamh: dís leictreon-poll scaoilte agus ar fáil do sheoladh: friotaíocht íslithe Siombail teirmeastar Slide 14

  15. Teirmeastar • Úsáidtear iad chun teocht a thomhas • Fearas leictreach a chur ar siúl nó a mhúchadh le athruithe teasa • Úsáidtear iad chun rabhadh a thabhairt ar tine nó sioc Teirmeastar Slide 15

  16. Teirmeastar ag obair Slide 16

  17. Friotóir solas spléach (FSS/LDR) • Cosúil le teirmeastar ach ag baint úsáid as solas in ionad teas • Ardfhriotaíocht i ndorchadas • Nuair a thiteann solas air scaoiltear díseanna leictreon-poll • Ar fáil i gcóir seoladh • Laghdaítear an fhriotaíocht Siombail FSS Slide 17

  18. Friotóir solas spléách (FSS/LDR) • Úsáidtear iad i solasmhéadar • Úsáidtear iad i gcóir soilsí uathoibritheach • Úsáidtear iad i gciorcaid solas rialaithe – m.s. alairm buirgléar Siombail Slide 18

  19. FSS ag obair. Slide 19

  20. Adamh fosfair Uimhir 15 san tábla peiriadach 15 prótón & 15 leictreoin – 5 ar fáil san scealla is faide amach Slide 20

  21. Dópáil – Sileacan N-chineál a dhéanamh Ní féidir brath ar teas nó solas chun leictreonaic a úsáid go ginearálta Féach cad a tharlaíonn nuair a bhaintear adamh amháin sileacan… Agus cuir adamh fosfair ina áit Tá leictreon amháin breis ann atá saor le haghaidh sheolaidh Slide 21

  22. Dópáil N-Chineál Bain amach adamh eile sileacan… Cuir adamh fosfair ina ionad Méadaítear ar seoltacht an ábhair le scaoileadh níos mó leictreon Ma chuirtear difríocht phoitéinsil trasna air… Slide 22

  23. Seoladh eistreach Sreabhann sruth Nota Gluaiseann na leictreoin chuig an leictreoid deimhneach Slide 23

  24. An bealach ina thaispeántar n_chineál N-chineál • Glaotar N-chineál ar an sileacan seo • Iompróirí tromlaigh - leictreoin • Iompróirí mionlaigh – poill ann toisc teasa • Sileacan – neodrach • Líon na bprótón = líon na leictreon Slide 24

  25. Adamh bhóróin Poll ar fáil do sheoladh Uimhir 5 sa tábla peiriadach - Bórón Tá 5 prótón & 5 leictreon – 3 leictreoin sa scealla is faide amach Slide 25

  26. Dópáil – P chineál Sileacan Baintear adamh sileacain ón laitis sileacain… Cuir adamh bhóróin ina áit Tabhair faoi deara poll sa nasc – an poll seo saor le haghaidh seoladh Slide 26

  27. Dópáil – P chineál Sileacan Tóg adamh eile sileacain amach agus cuir ina áit le hadamh Bhóroin Agus níos mó poll ar fáil le haghaidh seoladh méadaítear ar seoladh an ábhair Boron an dopán sa chás seo Anois má chuirtear difríocht phoitéinsil trasna an sileacain… Slide 27

  28. Seoladh Eistreach – Sileacan p-chineál Sreabhann sruth – á iompar ag poill deimhneacha Nóta: Bogann poill deimhneacha i dtreo teirmineal diúltach Slide 28

  29. AS seo amach léirítear mas seo an p-cineál P-cineál sileacan • Glaotar p-cineál ar an sileacan seo • Mar iompróirí luchta tromalaigh ná poill deimhneacha • Méid beag iompróirí luchta mionlaigh – leictreoin – ann de bharr dís leictreon-poll a ghintear sa sileacan de bharr teasa • Tá an sileacan neodrach ó thaobh leictreachais mar líon na bprótón cothrom le líon na leictreon Slide 29

  30. Comhchumar PN (PN Junction) Abair go ngreamaítear píosa sileacáin p-cineál le píosa n-cineál Déantar comhchumar p-n Na dhá phíosa NEODRACH Slide 30

  31. Comhchumar PN (PN Junction) Nuair a ghreamaítear iad ar dtús bogann leictreoin ón n-cineál go dtí an p-cineál – mar tá níos lú leictreoin ann. Nuair a líonann leictreon poll - imíonn an leictreon agus an poll Fágann sé sin spás gan iompróirí luchta – an ciseal folamh – feidmhíonn an sraith mar inslitheoir http://www.absorblearning.com/media/item.action?quick=14r Slide 31

  32. 0.6 V Comhchumar PN (PN Junction) Gnóthaíonn an P-cineál leictreoin. Fágtar é le lucht diúltach Caileann an n_cineál leictreoin agus fágtar é le lucht deimhneach De bhrí sin tá voltas trasna an comhchumar –voltas an chomhchumair – le sileacan = 0.6 V Slide 32

  33. Comhchumar PN (PN Junction) Cúl Laofa Reverse Biased Tóg comhchumar PN Cuir difríocht phoitéinseal trasna P-cineál Diúltach N-cineál deimhneach Dún an lasc Cuirtear réimse leictreach tríd an chomhchumar Deirtear go bhfuil an comhchumar Cúl Laofa Slide 33

  34. Méadaítear ar an gciseal folmhaithe- an inslitheoir agus ní shreabhann aon sruth Comhchumar PN (PN Junction) Cúl Laofa Bíonn fórsa aomtha ar na leictreoin a tharraingíonn leictreoin ón ciseal folmhaithe. Bíonn fórsa aomtha ar na poill a tharraingíonn leictreoin ón ciseal folmhaithe. Slide 34

  35. Comhchumar PN (PN Junction) Tul LaofaForward Biased Comhchumar p-n Cuir voltas trasna p-chineál deimhneach n-chineál diúltach Dún an lasc Cuirtear réimse leictreach tríd an chomhchumar Deirtear go bhfuil an comhchumar Tul Laofa Slide 35

  36. Comhchumar PN (PN Junction) Tul Laofa Bíonn fórsa earrtha ar na leictreoin sa N-chineál a tharraingíonn leictreoin go dtí ciseal folmhaithe. Bíonn fórsa earrtha ar na poill sa P-chineál a tharraingíonn poill go dtí ciseal folmhaithe. Imíonn an ciseal folmhaithe agus sreabhann sruth Slide 36

  37. Comhchumar PN (PN Junction) Tul Laofa Ag an gcomhchumar líontar na poill le leictreoin Imíonn poll/leictreoin níl siad saor le haghaidh sheolaidh Ach faightear níos mó ón bhataire Leanann sé sin ar aghaidh chomh fada agus a bhfuil voltas na bataire níos mó ná voltas an chomhchumair 0.6 V Slide 37

  38. Comhchumar PN (PN Junction) Tul Laofa Má chuirfeá voltas níos airde… Bíonn fórsa níos mó ar na leictreoin agus bogann siad níos tapa Beidh an sruth níos mó Taispeánann an saighead an treo ina shreabhann sruth Glaotar DÉÓID ar an comhchumar PN seo. Slide 38

  39. Déóid leathsheoltóir • Is éard atá i déóid ná comhchumar PN • Ní shreabhann sruth agus í cúl laofa • Tul laofa- seolann sé sruth má tá voltas níos mó ná voltas an comhchumair ann • Is cóir friotóir cosanta chur i sraithcheangail le déóid chun é a chosaint ó sruthanna ró mhór. Slide 39

  40. Déóid leathsheoltóir • Léiríonn an líne airgead ar an déóid an líne atá ar an siombail • Ceangail an taobh seo le teirmineal diúltach chun an déóid bheith tul laofa • Úsáidtear déóid chun Sruth ailtéarnach go Sruth díreach • Úsáidtear déóid chun cosc ar dhamáiste i gciorcad le bataire a cheangail sa bhealach mícheart Slide 40

  41. Déóid Astaithe Sholais DAS (LED) • Astaítear solas ag roinnt déóid nuair a sheolann siad leictreachas. • Glaotar DAS orthu agus tá siad ar fáil i ndathanna difriúla. • Bíonn cos amháin níos faide ná an ceann eile • Ceangail an cos fada le teirmineal deimhnach chun go mbeidh an DAS tul laofa • Úsáidtar iad mar thascairí cumhachta ar raidió/tv/gléasanna leictreonacha eile. Symbol Slide 41

  42. Sainchuar déóide • Ní chomhlíonann siad Dlí Ohm • Níl an graf Sruth vs Voltas ina líne díreach • Cuar cosúil leis an gceann seo • Méadaítear go mór ar an sruth nuair a sháráionn an voltas 0.6 V. Voltas an chomhchumair • Glaotar an sainchuar ar an ngraf seo. • http://britneyspears.ac/lasers.htm Slide 42

More Related