1 / 12

11. Bua sa Seó Tallainne

11. Bua sa Seó Tallainne. Ceisteanna : Cad a chonaic Liam agus a chairde? Cad a bhí ar siúl? Cén duais a bhí ar fáil? Cén tallann a bhí ag na buachaillí? Cad a shocraigh siad déanamh?. Freagraí :. Chonaic siad fógra do seó tallainne Bhí seó tallainne áitiúil ar siúl

Download Presentation

11. Bua sa Seó Tallainne

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. 11. Bua saSeóTallainne Ceisteanna: Cad a chonaic Liam agus a chairde? Cad a bhí ar siúl? Cén duais a bhí ar fáil? Cén tallann a bhí ag na buachaillí? Cad a shocraigh siad déanamh? Freagraí: Chonaic siad fógra do seó tallainne Bhí seó tallainne áitiúil ar siúl Bhí míle euro mar duais Bhí tallann ceoil ag na buachaillí Shocraigh siad ar thriail a bhaint as Foghraíocht: seó tallainne duais triail

  2. Ceisteanna: Cad a bhí ar siúl ag na buachaillí? Cén t-ainm a bhí ar an mbanna? Cén uirlisí a sheinn siad? Cad a rinne Liam sa bhanna? Cé mhéad mí ar chleachtaigh siad? Freagraí: Bhí siad ag cleachtadh don seó An Criú Craiceáilte ab ainm don bhanna Sheinn siad an fhidil, na drumaí agus an giotár Bhí Liam mar amhránaí Chan Liam sa bhanna Chleachtaigh siad ar feadh trí mhí Foghraíocht: An Criú Craiceáilte chleachtaigh uirlisí an fhidil amhránaí

  3. Ceisteanna: Cé a bhí ag éisteacht leo? Cad a cheap sé futhu? Cad a dúirt sé leo? Cá raibh an seó tallainne ar siúl? Freagraí: Bhí athair Liam ag éisteacht leo Cheap sé go raibh feabhas mór orthu ach go raibh cúpla rud le feabhsú fós Thug sé cúpla moladh dóibh Dúirt sé leo cúpla rud a thriail Bhí an seó tallainne i halla an phobail Foghraíocht: feabhas le feabhsú halla an phobail

  4. Ceisteanna: Cé a bhí ag caint ar an micreafón? Cad a d’fhógair sé? Cathain a raibh An Criú Craiceáilte ag seinm? Cérbh iad an grúpa deireanach?? An raibh a lán daoine ag an seó? Freagraí: Bhí an láithreoir/fear an tí ag caint D’fhógair sé go raibh an grúpa deiridh – an Criú Craiceáilte, ag teacht Bhí siad ag seinm ag deireadh an tseó Ba iad An Criú Craiceáilte an grúpa deiridh Bhí slua mór ann

  5. Ceisteanna: Cé leis ar ghabh an láithreoir buíochas? Cé a bhuaigh an comórtas? Cérbh iad na buaiteoirí? Cad a thug sé dóibh? An raibh áthas orthu? Freagraí Ghabh sé buíochas le gach duine sa chomórtas Bhuaigh An Criú Craiceáilte an comórtas Ba iad An Criú Craiceáilte na buaiteoirí Thug sé seic míle euro dóibh Bhí áthas an domhain orthu Foghraíocht: buaiteoirí caighdeán standard Friotal: caighdeán

  6. Ceisteanna: Cá ndeachaigh na buachaillí? Cad is ainm don siopa ceoil? Cad a bhí ar fáil sa siopa? Cén uirlis a bhí ar an mballa? Cá ndeachaigh buachaill amháin? Cad a rinne buachaill amháin leis an airgead? Freagraí: Chuaigh siad go dtí an siopa ceoil An Fonn Mall is ainm don siopa Bhí cúpla sladmharagh ar fáil – bhí rudaí ar leathphraghas Bhí giotáir ar an mballa Chuaigh buachaill amháin go dtí an banc Chuir sé an t-airgead i dtaisce sa bhanc Foghraíocht: An Fonn Mall sladmharagh leathphraghas best of music bargain Friotal: scoth an cheoil ; sladmharagh ;

  7. BuasaSeóTallainne Bhí Liam agus a chairde sa bhaile mór Chonaic siad fógra faoi seó tallainne áitiúil Bhí sé ar siúl i halla an phobail i Mí Bealtaine Bhí míle euro mar duais don chomórtas Ba mhaith leo an t-airgead a fháil ar ndóigh! Bhí ceol ag na buachaillí ar fad Shocraigh siad ar triail a bhaint as an seó

  8. Chuir na buachaillí banna le chéile Ghlaoigh siad An Criú Craiceáilte orthu féin Bhí Liam ag canadh agus bhí na buachaillí eile ag seinm Sheinn siad an fhidil, na drumaí agus an giotár Bhí trí mhí acu roimh an gcomórtas Thosaigh na buachaillí ag cleachtadh gach lá

  9. Chuala athair Liam iad ag seinm Cheap sé go raibh feabhas mór orthu ach bhí cúpla rud fós le feabhsú Thug sé cúpla moladh dóibh Faoi dheireadh tháinig lá an tseó Chuaigh siad ar fad go dtí Halla an Phobail Bhí sceitimíní ar na buachaillí

  10. Bhí a lán grúpaí sa chomórtas Bhí An Criú Craiceáilte ag seinm ag deireadh an tseó Faoi dheireadh d’fhógair fear an tí iad Thug gach duine bualadh bos mór dóibh agus chuaigh na buachaillí amach ar an stáitse Bhí siad an-neirbhíseach ach buíochas le Dia ní raibh aon fhadhb acu Sheinn siad níos fearr ná riamh

  11. Tháinig fear an tí amach ar an stáitse Ghabh sé buíochas le gach duine sa chomórtas Dúirt sé go raibh caighdeán an-ard sa chomórtas Faoi dheireadh d’fhógair sé na buaiteoirí Bhuaigh An Criú Craiceáilte an seó tallainne Thug sé seic míle euro dóibh Bhí áthas an domhain ar na buachaillí

  12. Chuaigh na buachaillí go dtí an siopa ceoil An Fonn Mall ab ainm don siopa Bhí sladmharaigh ar fáil ann – bhí go leor rudaí ar leathphraghas Cheannaigh Liam giotár nua Bhí sé an-sásta Chuaigh Seán go dtí an banc Chuir sé a chuid airgid i dtaisce don choláiste

More Related