1 / 4

Féach ar an abairt seo:

Má san aimsir láithreach. Féach ar an abairt seo: Má t h agann tú abhaile ar a seacht a chlog, tabharfaidh mé bronntanas duit. Cad is féidir leat a rá faoin abairt sin? Féach ar an gcló dubh! Cad a dúirt tú?

ayame
Download Presentation

Féach ar an abairt seo:

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Má san aimsir láithreach Féach ar an abairt seo: Má thagann tú abhaile ar a seacht a chlog, tabharfaidh mé bronntanas duit. Cad is féidir leat a rá faoin abairt sin? Féach ar an gcló dubh! Cad a dúirt tú? Úsáidtear an aimsir láithreach le má chun tagairt a dhéanamh don am le teacht. Leanann séimhiú má san aimsir láithreach ach amháin leis na briathra bí agus abair. Mar shampla: Má dhéanann tú sin, beidh an lá leat ach Má tá an aimsir go maith, rachaidh muid ann agus Má deir sí gan dul, ná himigh

  2. Má san aimsir chaite Féach ar na habairtí seo: Má chaith sé an liathróid, ní fhaca mé é. Má d’ith sí a dinnéar, tá ocras uirthi fós. Má fuair sí é, ní dúirt sí aon rud. Má dúirt sé liom é, ní cuimhin liom. Cad is féidir leat a rá faoi na habairtí thuas? Féach ar an gcló dubh! Cad a dúirt tú? Leanann séimhiú má san aimsir chaite. Ní chuirtear aon séimhiú ar na briathra faigh agus abair, tar éis má san aimsir chaite.

  3. Mura / murar san aimsir láithreach & san aimsir chaite Féach ar na habairtí seo: Muradtagann tú abhaile ar a seacht a chlog, níthabharfaidhmé bronntanas duit. Murar chaith seisean an liathróid, níl a fhios agam cé a chaith é! Cad is féidir leat a rá faoi na habairtí thuas? Féach ar an gcló dubh! Cad a dúirt tú? Úsáidtear mura i ngach aimsir ach amháin san aimsir chaite. Leanann urú mura. Úsáidtear murar san aimsir chaite. Leanann séimhiú murar de ghnáth ach amháin le cuid de na briathra mírialta.

  4. Má / Mura / Murar cleachtadh Cuir Gaeilge ar na habairtí seo: If they return soon, tell them to call me. If he said that, I did not understand him. If you see Seán, ask him to write to me. If she got the job, I did not know. If I don’t go to Dublin tomorrow, I’ll go next week. If you were there, I did not see you. If you don’t get the letter, don’t worry. If you leave now, I’ll never see you again.

More Related