250 likes | 468 Views
Ioslam. Is í seo Baisira agus a deartháir Jaimíl. Tá siadsan agus a muintir ina Moslamaigh. Leanann Moslamaigh teagaisc an Chóráin – leabhar naofa an Ioslaim. De réir chreidimh an Ioslaim nocht an tArd-Aingeal Gaibriél an Córán don Fháidh Mahamad.
E N D
Is í seo Baisira agus a deartháir Jaimíl.
Leanann Moslamaigh teagaisc an Chóráin – leabhar naofa an Ioslaim
De réir chreidimh an Ioslaim nocht an tArd-Aingeal Gaibriél an Córán don Fháidh Mahamad
Cónaíonn Baisira agus Jaimíl lena dtuismitheoirí i mBaile Átha Cliath.
Téann siad ar scoil in aice lena mosc álainn i gCluain Sceach.
لا اله الا الله Glaonn muaisin (Muezzin) ó mhiontúr an mhoisc ar phobal an Ioslaim le rá leo teacht chun a gcuid paidreacha a rá.
Mosc Átha Claith Téann an teaghlach go léir go dtí an Mosc gach Aoine.
Nuair a thagann siad isteach sa mhosc fágann siad a mbróga ag an doras.
Téann Mamaí agus na páistí suas go dtí an t-áiléar ach fanann daidí thíos staighre
…agus deir daidí Bhaisira agus Jaimíl a phaidreacha leis na fir eile.
Ramadan Tá áthas an domhain ar Bhaisira agus Jaimíl mar tá Ramadan ag teacht.
Ach ní chuirtear an cosc sin ar pháistí. Is féidir leo ithe am ar bith.
Ag deireadh na Féile bíonn ceiliúradh mór ar siúl agus faigheann na páistí go léir a lán bronntanas!
Tá cúig cholún creidimh a bhaineann leis an Ioslam. Bíonn ar gach duine fásta na rudaí seo a dhéanamh…
Uimhir 1 Caithfidh an Moslamach glacadh nach bhfuil ach Dia amháin ann agus gurb é Mahamad a fháidh.
Uimhir 2 Caithfidh gach Moslamach paidreacha a rá cúig uaire sa lá i dtreo Mecca.
Uimhir 3 Táim ar phócaí folmha! Ní mór do gach creidmheach cúnamh a thabhairt do dhaoine bochta go rialta.
Uimhir 4 Troscadh agus tréanas le linn Ramadan. Ní bhíonn cead bheith ag ithe i rith an lae.
Uimhir 5 Bíonn ar gach Moslamach oilithreacht amháin a dhéanamh go dtí Mecca.
Má bhuaileann tú le Baisira nó le Jaimíl, is féidir leat ceisteanna eile a chur orthu faoin Ioslam.
Bheadh áthas orthu ceist ar bith a fhreagairt. Ba bhreá leo freisin a bheith ina gcairde nua duit!