1 / 23

An Dá Phadhraic

An Dá Phadhraic. Le Johnny Chóil Mhaidhc. Bhí Dá Phádhraic I Ros Muc Roimh an Éirí Amach. D’fhág Ó Conaire a theallach féin Agus tháinig Pádhraic eile isteach. A d’fhan I mbothán tuí leis féin Suite ar bhruach na locha. Aghaidh a dhorais leis an ngréin Agus an doras eile leis na clocha.

wilma-allen
Download Presentation

An Dá Phadhraic

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An Dá Phadhraic Le Johnny Chóil Mhaidhc

  2. Bhí Dá Phádhraic I Ros Muc Roimh an Éirí Amach

  3. D’fhág Ó Conaire a theallach féin Agus tháinig Pádhraic eile isteach

  4. A d’fhan I mbothán tuí leis féin Suite ar bhruach na locha

  5. Aghaidh a dhorais leis an ngréin Agus an doras eile leis na clocha

  6. Chuaigh Pádhraic soir is Pádhraic siar, Gach fear de réir a thréithe

  7. Scríobh an Pádhraic thoir ar an áit thiar Agus scríobh an Pádhraic thiar a smaointe

  8. Scríobh Sean-Phádhraic na Seacht mbua Seacht mbua an Éirí Amach

  9. Leabhar nach scríobhfadh sé go deo Múrach gur tháinig Pádhraic eile isteach

  10. Scríobh Sean-Phádhraic na seacht mbua Scríobh Mac Grianna an aiste

  11. Ba í an leabhar féin an t-ochtú bua Ach ba í an naoú bua an aiste

  12. Scríobh an Piarsach the fool Agus tugadh fool ar an bPádhraic eile

  13. D’imigh Sean-Phádhraic leis ina charr Agus asailín beag dubh

  14. Aon phingin déag is leathphingin ina láimh Ag scríobh is ag codladh amuigh

  15. Moladh an bheirt sin théis a mbáis Fear an phinn is fear an ghunna

  16. Ach is moladh mairbh a bhí ann An tráth a moltar daoine dona

  17. Ach tiocfaidh lá nár tháinig fós Fíneoidh feoil agus Iofaigh cónra

  18. Cé go bhfuil Gaeil básaithe atá beo Tá an Piarsach beo is Ó Conaire

  19. Sé béal an Phiarsaigh féin a dúirt ‘Éire saor is Éire Gaelach’

  20. Tá b’fhéidir ann go mbeidh sí saor Ach le saol na saol na saol ní bheidh sí Gaelach

  21. Is gleoite é teach an Phiarsaigh Innu Ach tá teanga an Bhéarla ag leathnú

  22. Dá gcoinneofaí a thír mar a theach Ba dheise an thrí inniu í ag breathnú

  23. Andeireadh Ó ClíodhnaNíNiaidh Agus Elaine NíNiadh 7.02.12

More Related