1 / 51

Ag athrú ó Naíonra go Bunscoil

Ag athrú ó Naíonra go Bunscoil. Fáilte Romhaibh!. Rudaí le Meabhrú. An bhfuil do pháiste reidh chun tosnú ar scoil? Ag ullmhú don fhoghlaim An chéad lá ar scoil Ag dul ag an leithreas Culaith Scoile Mála scoile Lón Cás Pinn luaidhe Obair Bhaile.

teagan
Download Presentation

Ag athrú ó Naíonra go Bunscoil

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Ag athrú ó Naíonra go Bunscoil Fáilte Romhaibh!

  2. Rudaí le Meabhrú • An bhfuil do pháiste reidh chun tosnú ar scoil? • Ag ullmhú don fhoghlaim • An chéad lá ar scoil • Ag dul ag an leithreas • Culaith Scoile • Mála scoile • Lón • Cás Pinn luaidhe • Obair Bhaile

  3. An bhfuil do pháiste reidh chun tosnú ar scoil?

  4. Ról an Naíonra in Oideachas an Pháiste • Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh páistí ag an Naíonra. • Is ann a fhorbraíonn siad na chéad scileanna sóisialta agus mothaíoch. • Léiríonn taighde go bhfuil difríocht idir pháistí a bhí ag an Naoínra agus nach raibh ag an Naíonra roimh an Bunscoil. • Feictear go bhfuil scileanna sóisialta agus scileanna mothaíoch níos ábalta ag páistí a chuaigh ag an Naíonra.

  5. An bhfuil dó pháiste reidh don Scoil Bheag? • Tá sé tábhachtach go bhfuil scileanna sóisialta agus mothaíoch an pháiste aibí agus iad ag tosnú ar scoil. • An bhfuil do pháiste go maith ag spraoí le páistí eile? An féidir leis/léi roinnt le páistí eile agus fanacht lena s(h)eans f(h)éin i gcluichí? Tá an páisteatáníos sinneibhfadníosaibí ná an páisteatácupla míníosóige….

  6. Cuimhnigh…. • Tá do pháiste ag bogadh ó suíomh bheag an Naíonra go dtí suíomh atá níos mó….an Seomra Ranga! • Beidh do pháiste in-ann déileáil leis an athrú seo má tá scileanna sóisialta agus mothaíocha maith aige/aici. • Taithneoidh sé go mór leo nuair a bheidh siad i gleachtadh air!

  7. De réir an dlí, is féidir le páistí tosnú sa bhunscoil má tá siad cheithre bliana d’aois ar nó roimh an 30ú Meán Fómhair. Ba cheart go mbeadh siad 5 i rith an scoil bliana. • In aon rang bunscoile, is féidir le raon aois na bpáistí scaipeadh 18 mí! • Tá suas go 20% níos mó taithí ar an saol ag an páiste atá níos sine.

  8. Tá an páiste óg i gcónaí i gcomórtas leis an páiste atá níos sine ná é/í… Tá sé níos éasca ag an bpáiste atá níos sine rudaí ar nós scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta a chur ar a gcumas go tapaidh, mar tá siad níos aibí.

  9. Ag smaoineadh ar aois an pháiste… • Cuimhnigh ar saol scoile an pháiste… Má thosaíonn siad an scoil bheag ag aois a ceathair, beidh siad 12 ag tosnú ar Scoil dara leibhéal, agus 17 ag tosnú ar coláiste….. Idirbhlian – bliain bhreise. • Má thosaíonn siad ag cúig, beidh siad 13 ag tosnú sa dara leibhéal agus 18 ag tosnú sa choláiste.

  10. An páiste atá cúig nó beagnach cúig…. • Tá do pháiste níos mó ná bhí siad ag aois a ceathair agus cabhraíonn sé seo go mór!! • Tá teanga labharta níos fearr acu, a chinntíonn go mbeidh tuiscint níos fearr ag cairde agus an múinteoir ar céard atá á rá acu. • Tá scileanna lámh/súil níos fearr acu, i.e. ag oscailt málaí scoile, buidéil uisce, ag beireacht ar pheann luaidhe srl. • Tá siad go hiontach ag díriú ar thascanna .

  11. Ag réiteach don Fhoghlaim

  12. Níl ar siúl acu ach spraoí amháin!!!!! • Tá an spraoílárnachindulchuncinn an pháisteóg. Is trémheán an tsúgartha a dhéanann an páisteiontas de chastacht an domhainagusgachiarracht a dhéanamhchunmeabhair a bhaintaisti. • Tá an tuiscintseo den iontas, mar aon le fiosrachtnádúrtha an pháisteigcroílár an phróisísfoghlamtha. Tá an spraoí an-tábhachtach le deis a thabhairt don pháistebheith mar fheidhmeannachgníomhachinachuidfoghlamaféin.

  13. Ábhair an Bhunscoile

  14. An Ghaeilge

  15. Labhairt an Teanga • Cuirtear béim sa gcuraclam Gaeilge ar scileanna éisteachta agus labhartha a thabhairt chun cinn mar ullmhúchán don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht. • Tá an teanga riachtanach do fhorbairt sóisialta an pháiste. Teastaíonn teanga breá leathan ó na páistí chun na gnáthriachtanais cumarsáide a chomhlíonadh, caidreamh soisialta a dhéanamh, beannú do dhaoine, aird a lorg, glaoch ar dhuine, buíochas a ghabháil, teachtaireachtaí a ghlacadh ‘s a thabhairt agus constaiceanna a shárú • Teastaíonn an teanga ón bpáiste chun a gcuid mothúcháin agus a gcuid smaointe a chur in iúl, áthas/brón/faitíos/fearg/fuacht &rl

  16. Scileanna Teanga a Fhorbairt

  17. An Teanga agus an Spraoí • Tugann am spraoi deis iontach don pháiste teanga a úsáid, a bhfoclóir a mhéadú agus neart scileanna teangeolaíochta a fhorbairt • Chun scileanna teanga an pháiste a thabhairt chun cinn ní mhór an páiste a spreagadh chun • Labhairt -Insint • Éisteacht -Ceistiú • Míniú -Athinsint

  18. Teanga,Teanga,Teanga!!! • Aisteoireacht – is breá le páistí rólanna daoine difriúla a imirt, is mise an dochtúr/an siopadóir/an múinteoir &rl • Ba chóir neart cainte a dhéanamh i rith súgradh le bréagáin, le gléasadh suas, le uisce agus gaineamh, le cruthanna, dathanna agus i rith am ealaíne • Cluichí ar nós snap, bingo agus míreanna mearaí • Ag éisteacht le hábhair taifeadta agus leis an treoraí ag insint scéalta agus ag tabhairt treoracha chun cluichí a imirt agus chun gníomhachtaí éagsúla a dhéanamh • Am scéalaíochta – scéalta a athinsint arís ‘s arís, tomhais céard atá chun tarlú, cén páirt den scéal ab fhearr leat, tarraing pictiúr den scéal • Rannta agus rímeanna – na páistí a chur ag canadh,ag damhsa, ag déanamh na gníomhachtaí a théann leis an t-amhrán

  19. An Léitheoireacht

  20. Ag ullmhú don Léitheoireacht

  21. Ag léamh sa bhaile • Cothaíonn am scéalaíochta grá do leabhair agus suim sa léitheoireacht, bíodh réimse leathan leabhair ar fáil agus bíodh neart deiseanna ag na páistí breith ar na leabhair, iad a léamh agus iad a phlé • Léigh leabhra Béarla agus leabhra Gaeilge don pháiste sa bhaile.

  22. Ag ullmhú don Léitheoireacht • Cén chaoi a bheireann tú ar an leabhar? • Ag casadh an leathanach • Féach ar an gclúdach….céard a thárlóidh sa leabhar? • Cur do mhéir faoi na focla agus tú ag léamh ó chlé go deas • Ceisteanna ag a dheireadh: Céard a thárla sa scéal? Inis dom é.

  23. Úsáid a bhaint as… • Pictiúir leabhair • Cluichí meaitseála • Pictiúir a chur in ord • Luaschártaí ar faid an tseomra, lipéidí ar nós an cófra, an bord, an doras

  24. Ag ullmhú, ar lean… • Bíodh dlúthdhioscaí le amhráin do pháistí seasta ar siúl….rímeanna an-tábhachtach. • Má tá rímeanna ar eolas ag na páistí ón mbaile, beidh sé éasca acu focla cosúil leo a léamh, m.sh. Buí/suí/tuí …. Fall/ball/wall

  25. An Aibítear • Bí ag canadh agus ag rá an aibítear sa bhaile. • Béim ar an gcás íochtair. (Cás uachtair i Naíonáin Mhóra.) • Taispeáin dóibh na litreacha le do mhéir. Tug litreacha maignéadach/bog dóibh chun spraoí leo.

  26. An Scríbhneoireacht

  27. An Scríbhneoireacht • Níl múinteoirí bunscoile ag súil go mbeadh an páiste ábalta scríobh nuair a thagann sé ar scoil ar dtús. Tá sé i bhfad níos tábhachtaí go dtugtar neart deiseanna don pháiste na matáin a laidriú sna lámha. Déanann sé seo i bhfad níos éasca don pháiste máistreacht a fháil ar an scríbhneoireacht nuair atá siad ar scoil.

  28. Chun na matáin a láidriú, ba chóir go mbeadh an páiste… • Ag spraoí le bréagáin tógála (ag cur le chéile, ag leagan, ag aththógáil) • Ag spraoí le babóga – cnaipí, sipeanna, barriallacha • Ag láimhseáil bogabhair ar nós márla (ag brú, ag rollú, ag tarraingt) • Ag peinteáil • Ag straiceadh agus ag greamú páipéir nuachtáin agus irisleabhair • Ag spraoí le gaineamh agus uisce

  29. Ag Scríbhneoireacht ar Scoil… Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste • Cleachtaí peannaireachta a dhéanamh le huirlisí scríbhneoireachta - criáin, pinnluaidhe agus scuabanna peinteála • Foghlaim chun na bunlitreacha aonaireacha a ainmniú agus a scríobh • Tuiscint a fháil ar clé/deas agus barr/bun • A (h)ainm féin a scríobh • Litreacha agus focail a chóipeáil mar ghníomhachtaí ranga

  30. Mataí

  31. Mata ar Scoil • Luath-ghníomhaíochtaí Mhata – ag meatsáil, ag rangú, (classifying) ag déanamh comparáidí idir rudaí, agus ag ordú rudaí i.e. beag, níos mó, is mó. • Uimhreas: Ag comhaireamh ó 1 – 10, ag déanamh comparáidí idir uimhreacha ó 1 – 5, ag ordú uimhreacha ó 1 – 5. Ag léamh agus ag scríobh uimhreacha ó 1 – 5. Ag cur le chéile uimhreacha ó 1 – 5. Béim ar áiseanna físeacha ildaite - pictiúirí. • Ailgéabar: Ag cóipeáil agus ag cur le pátrúin – le dathanna, cruth, méid agus uimhir. • Ag Tomhais: Ag obair le fad, meáchan, toilleadh, (capacity) am agus airgead. • Cruth agus Spás: ag obair le cruthanna 2D agus 3D • Sonraí: sonraí a aithint agus a léirmhíniú

  32. Mata sa Bhaile • Ag meatsáil ~ cluichí cártaí m.sh.“snap”, ag meatsáil rudaí ar nós bróga, stocaí, srl. • Ag rangú ~ ag cur rudaí i ngrúpaí ag baint le dath, uigeacht, (bog/crua srl) ainmhithe, éin srl. • Ag déanamh comparáidí ~ ag baint le fad/airde/méid ag úsáid scéalta m.sh. Na Trí Bhéar. “Tá Mamaí Béar níos mó ná Báibín Béar.” • Ag Ordú ~ rudaí a ordú mar aon le fad nó airde, m.sh. ag tógáil tuar le brící.

  33. Mata sa Bhaile, ar lean… • Ailgéabar: Déan pátrúin simplí ag úsáid péarlaí (beads) cíor fiacail (pegs) cruthanna agus ag priondáil le péint. • Uimhir: Amhráin agus rímeanna ag baint le uimhreas m.sh. 5 ubh istigh sa nead. Breithlá do na Teidí’s! Ag imirt cluiche Siopa, “Ba mhaith liom dhá oráiste”, ag comhaireamh bréagáin agus sibh á gcuir ar ais sa bhosca.

  34. Mata sa Bhaile, ar lean… • Tomhais • Fad:- fada/gearr, árd/íseal, leathan/caol • Meáchan:- trom/éadrom • Toilleadh:- lán/folamh • Am:- maidin/tráthnóna, lá/oíche, am lón, am codlata, laethanta na seachtaine, inné/inniu/amárach • Airgead:- boinn airgid a aithint suas go dtí 5 cent

  35. Ar lean… • Sonraí • Tacair de rudaí ar nós torthaí a shortáil agus a rangú de réir critéir amháin – cruth, dath, méid &rl • Tacair de shonraí simplí matamaticiúla a léiriú ag úsáid ábhair agus pictiúir – ag am ealaíne sa bhaile

  36. An Lá Scoile sna Naíonáin Bheaga

  37. Lá Scoile: go hiondúil ó 9:20 – 2:00 (4 uair agus 40 nóim) • Am Lóin beag 10:50 – 11:10 ~ deich nóiméad ag ithe agus deich nóiméad taobh amuigh • Am lóin mór 12:50 – 13:30 ~ deich nóiméad ag ithe agus 30 nóiméad taobh amuigh. • An chéad tseachtain ar scoil ~ 09:00 – 12:00 • Dul a chodladh luath: 12 uair a choig a chodladh fíor thábhachtach! • Bíonn páistí tuirseach……. • Trí na chéile go héasca • Cantalach • Ní féidir leo díriú ar thascanna go héasca

  38. Bí luath ar scoil!!! Ar maidin • Tá sé deacair siúl isteach i rang atá ar siúl cheana fhéin • Cáileann páistí déarnach amach ar ghníomhaíochtaí thábhachta na maidine • Cuireann sé isteach ar an rang má tá páiste déanach, páistí eile ag féachaint orthu! Am Abhaile • Bí luath ag piocadh suas an páiste. Nuair a fheiceann siad páistí eile ag dul abhaile, tagann eagla orthu nach dtiocfaidh tú! Tinnreamh • 183 lá scoile sa scoil bhliain. Má tá páiste as láthair ar feadh 20 lá nó níos mó, tá dualgas ar an scoil fios a chuir ar an Roinn Oideachais.

  39. An Chéad lá ar Scoil • Tá sé nádúrach duitse a bheith ag mothú trína chéile, ach triáil gan é a thaispeáint don pháiste! Beidh siad thar a bheith buartha! • Triáil gan a bheith ró-luath ar an chéad lá…. Siúl isteach le cairde ón Naíonra. • Cuir an páiste ina shuí ag an mbord, ag spraoí le bréagáin. Ansin, nuair atá siad socraithe, abair “Feicfidh mé ar ball thú!” • Má thosaíonn siad ag caoineadh, tosaigh ag spraoí lena bréagáin freisin • Ná féach isteach an fhuinneog/doras!

  40. An Leithreas agus Sláinteachas Ginéarálta • Ba chóir go mbeadh cumas ag an bpáiste dul ag an leithreas leis/léi fhéin faoin am seo • Ba cheart go mbeadh siad in-ann ciarsúr (tissue) a úsáid, an leithreas a shruthlú, a gcuid lámha a níochán. Tá sláinteachas leithris fíor thábhachtach, mar go mbíonn na páistí ag roinnt bréagáin, criáin, scuabanna péint srl. • Tabhair seans don pháiste leithris phoiblí a úsáid chun fáil i gcleachtadh ar. • Cleachtadh ag dul ag an leithreas sa bhaile, ag caitheamh an culaith scoile • Timpistí ar scoil ~ bíodh athrú éadaí ag dul ar scoil agat ar eagla na heagla • “Bowdies” !!! Gruaig thiar ag cailíní. Litir abhaile.

  41. Go ginéarálta… • Bíonn páistí óga mall ag críochnú tascanna • Deacracht acu díriú ar thascanna ar feadh tamall fada • Foclóir bheag acu, deacracht ag míniú a gcuid smaointe • Uaireannta bíonn sé deacair acu rudaí a thuiscint agus a gcuid smaointe a chuir trasna • Faigheann siad trína chéile níos éasca • Faigheann siad tuirseach go héasca • Faigheann siad deacair beartaíocht a dhéanamh le páistí eile (negotiate/share) • Ar scoil, foghlaimeoidh siad na scileanna teanga agus na scileanna sóisialta riachtannach chun na rudaí thuas luaite a fhorbairt

  42. Culaith Scoile ~ Lipéidí ar gach rud! Geansaithe! Miotóga! Scaifeanna! • Cótaí ~ neamhspleáchas tábhachtach. Lipéad ar gach cóta. • Bróga ~ “Velcro” nó bróga le claspa (buckles) is fearr ag an aois seo • Culaith Spóirt ~ ar laethanta Corp Oideachas amháin, ach athraíonn polasaithe ó scoil go scoil • Brístí na mBuachaillí: Bástaí leaisteacha is éasca dóibh ag an aois seo. Cnaipí beagán ró-dheacair dóibh.

  43. Mála Scoile • Málaí zipeáilte is fearr ag an aois seo. Tá clipeanna/sreanga ró dheacair le láimhseáil do pháistí beaga. • Málaí le rothaí ~ go hiontach • Spreag neamhspleáchas leis an mála scoile ~ lig cead don pháiste é a iompar iad féin • Seiceáil cé chomh mór is atá na leabhra ar dtús sula gceannóidh tú an mála.

  44. Lón • Mála lóin agus bosca:mála bheag atá uiscedhíonach, (waterproof) le zip. • Faigh bosca a théann isteach sa mhála go héasca • Deochanna: Uisce/bainne/ribena/sú úll/oráiste áisiúil. Buidéil bheaga 250ml nó 500ml, nó cartún le sup. (straw) Na bac le “beakers”, ró dheacair iad a oscailt! An dtéann sé isteach sa bhosca lóin nó i taobh phóca an mhála go héasca? • Bia sa bhosca lóin: Smaoinigh ar pholasaithe bia sláintiúil sa scoil. Bíodh ceapaire/fillteog (wrap) le cáis/liamháis/sicín/leitís/trátaí ag an bpáiste. Bia atá éasca le h-ithe nó a bhaint ó chéile, i.e. oráistí bheaga, fíonchaora, bananaí, iogairt. Spúnógaí do iogairt, Soithigh atá éasca le h-oscailt. “Frubes” an – deacair ag páistí óga le n-oscailt!

  45. Cás Pinn Luaidhe • Cás le Zip ar a thaobh is fearr. Boscaí ró-dheacair le láimhseáil. • Istigh sa chás: • Twistables ~ is breá leo iad seo! • Pinn Luaidhe “Triangular Junior Grip” • Scriosán mór • Biorróir mór – an bhfuil an poll sách mór don pheann luaidhe? • Lipéidí: Cuir lipéad ar gach peann luaidhe, dath, scriosán nó beidh deora móra ann!!!

  46. Leabhra • Cuir clúdach trédhearcach (transparent) ar gach leabhar, le ainm an pháiste i scríbhneoireacht mhór inléite! (legible) • Beidh sé éasca ag páistí eile an t-ainm sin a aithint ansin.

  47. Ag spraoí Scoil sa bhaile! • Cuir orthu an culaith, mála scoile, iompar an bosca lóin, triáil orthu an cóta sa bhaile. • Béim ar neamhspleáchas leis na hábhair thuasluaite ~ lig cead don pháiste iad a iompar!

  48. Coicís roimh na scoile…. • Cuir a chodladh na páistí ag a seacht/a h-ocht agus dúisigh iad ar maidin, ar nós maidin scoile. • Beidh sé i bhfad níos éasca an páiste a fháil isteach ar ghnáthaimh an mhaidin scoile má dhéanann sibh é seo roimh reidh!

  49. Obair Bhaile • 10-15 nóim do na Naíonáin • Déan an scríbhneoireacht roimh an dathú • Obair bhaile labhartha chomh tábhachtach chéanna ~ dánta/léitheoireacht • Teilifís/raidió/ainmhithe ~ faigh reidh leo go mbeidh an obair bhaile déanta!

  50. Focal Scoir • Seo céim nádúrtha i saol do pháiste • Bíodh dearcadh dearfach agat i leith na scoile agus obair scoile. Taitneoidh an scoil go mór le do pháiste má thaitníonn sé leatsa!

More Related