1 / 17

An tEarrach Thiar

An tEarrach Thiar. Le Mairtín Ó Díreáin. Le Staidéar. File - Mairtín Ó Direáin Teideal – Tagairt d’Iarthar na Tíre Suíomh - Éire, iarthar na tíre am Earraigh ar oileáin Árainn. Téama – Saol deas síochánta simplí muintir Árainn, grá áite agus daoine ag comhoibriú le nadúr.

tayten
Download Presentation

An tEarrach Thiar

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An tEarrach Thiar Le Mairtín Ó Díreáin

  2. Le Staidéar • File - Mairtín Ó Direáin • Teideal – Tagairt d’Iarthar na Tíre • Suíomh - Éire, iarthar na tíre am Earraigh ar oileáin Árainn. • Téama – Saol deas síochánta simplí muintir Árainn, grá áite agus daoine ag comhoibriú le nadúr. • Mothúcháin – Suaimhneas, sonas, síochán, grá, díomá, bród • Mar a chuaigh an dán i gcion ort - Teicnicí msh – codarsnacht, friotal, comparáid, meafair, uaim/comhuaim, íomhánna, meadaracht, atmaisféar, nádúr/dúlra

  3. File • Mairtín Ó Direáin (1910 – 1988) • Rugadh agus togadh ar Árainn é • Bhog sé go cathair na Gaillimhe agus ar aghaidh go BAC. D’oibrigh sé ann dá shaol ar fad. Níor fhill chun chónaí ar Árainn riamh. Bhí tionchar mhór aige sin ar a chuid fhilíochta. • Scríobh sé cnúsach filíochta Ó Mórna agus Dánta Eile.

  4. Téama I • Téama – Is é saol síochánta simplí Árainn téama don dán seo. Ritheann an sort téama seo trí fhilíocht agus saothar Ó Direáin mar shampla tá an téama ceanann céanna le feiceáil sna dánta ‘Faoiseamh a Gheobhadsa’ agus ‘Le Linn Ár nÓige’. Is léir óna chuid oibre go léir go raibh cion agus grá daingean aige dá áit dúchais. Bhraith sé ar a shuaimhneas nuair a bhíodh sé ann. Sa dán seo roinneann sé an suaimhneas sin linn trí íomhánna ealaínte síochánta nadúrtha na háite.* • Anuas ar sin is léir gurb é grá áite mar téama anseo agus léiríonn sé an grá sin le cur síos mealltach ar mhuintir an oileáin* agus a saol laethúil* ag comhoibriú leis an dtimpeallacht* mórthimpeall orthu.

  5. Téama II • Is é grá d’áit dhúchais téama an dáin seo. Is grá leis an bhfile na hOileaín Árann. Rugadh agus togadh é ann ach chuaigh sé go Baile Átha Cliath ag obair. Bhí brón agus uaigneas air agus é ina aonair I mBaile Átha Cliath. • Thaispeáin a chuimhni cruinn seo, an ghrá láidir a bhí aige d’áit dhúchais. Tá ceithre íomhá sa dán seo a bhaineann leis an saol álainn ciún a bhí ag a mhuintir in Árann. Ní dhearna sé dearmad ar an saol traidisiúnta atá ag daoine in Árainn. • Tá meas aige ar mhuintir na hoileáin auis ar an obair a dhéanann siad. Rinne sé cur síos iontach ar an obair a dhéanann siad. Taispeánann se an saol sona atá acu agus b’fhéidir go bhfuil sé in éad leis an saol seo síochánta. Is grá leis na daoine seo mar déanann siad a n-obair go ciúin le háthas agat dínit. • Úsáideann an file athrá chun grá d’áit dhúchais a thaispeáint dúinn. Deir sé an líne cheánna ag deireadh gach véarsa “san Earrach Thiar”. Is soléir as seo go raibh grá mhór aige d’áit dhúchais. Cuireann an t-athrá seo béim ar an ngrá agus an meas atá aige ar a áit dhúchais féin – Oileáin Árann. • Tá an file i bhfad óna áit chónaithe / dhúchais agus nuair a bhíonn se faoi strus ina shaol, tosaíonn sé ag smaoineamh ar na hOileaín Árann. Tugann na híomhánna draíochta, áille agus síochánta, faoiseamh dó.

  6. An teachtaireacht • Saol simplí idéalach na hoileáin • Saol traidisiúnta • Daoine ag comhoibriú leis an dúlra, is rud deas é, agus ag braith ar an ndúlra chun maireachtáil • Is pobal atá i gceist sa dán, ní daoine aonar iad. • Teastaíonn uaidh a bheith ann ní i mBAC. • Uaigneas an fhile ina aonar sa chathair, i bhfad ón oileán, gan na radharcanna áille seo os a chomhair gach Earraigh.

  7. Teideal • Simplí agus soiléir cosúil leis an an dán féin. • Nath an Ghaelach é – thiar/siar • Pearsanta – Thiar – bhí sé ann agus bhí cheangailt aige leis

  8. Mothúcháin • Cé gur dán gearr é seo is iomaí mothúchán a bhraitear agus a mhúsclaítear ann, uaigneas, grá áite, tírghrá, suaimhneas, síochán, áiféala, bród. • Ón dteachtaireacht féin tuigimid go bhfuil atmaisféar suaimhneasach lán d’fhoirfeach ann. Léiríonn an file é seo trí cur síos ar na radharcanna áille ar an oileán, an fharraige agus na daoine ag obair ann ina measc ‘Ar ór- mhuir mhall’. Cruthaíonn an íomhá seo atmaisféar suaimhneach don léitheoir. • Anuas ar sin is léir go n-úsáideann Ó Díreáin áibhéal chun a chuid grá áite a thaispeáint. Tá béim agus athrá ar an líne ‘San Earrach thiar’ agus ar foirfeacht na háite ‘sa gciúneas séimh’ agus ‘niamhrach an radharc’ . Ach tuigimid nach mbíonn saol ar an oiléan mar sin i gcónaí, leis an ngrian ag taitneamh agus an fharraige séimh. Ach tá Ó Díreáin sásta foirfeacht na háite a chur chun cinn chun a chuid grá áite a léiriú.

  9. Mothúcháin • Éad agus uaigneas…. • I mo thuairim tá éad ar an bhfile chomh maith mar tá seisean ina chónaí i mBAC, áit ait, difriúl, liath, gránna. B’fhearr leis bheith ar ais ar an oileán, ar Árainn leis na radharcanna síochánta agus a mhuintir féin. Níl an suaimhneas le fáil i mBAC, ach tá sé le fáil ‘san Earrach thiar’. Tá sé soiléir dom go mbraitheann an file éad agus uaigneas toisc nach bhfuil sé sa bhaile.

  10. Teicnicí Fileatacodarsnacht, friotal, comparáid, meafair, uaim/comhuaim, íomhánna, meadaracht, atmaisféar, nádúr/dúlra • Codarsnacht/comparáid – níl sé soiléir ach bhí codarsnacht idir áit chónaithe nua an fhile, BAC agus a áit dúichais, Árann. • Friotal – ealaínte, ceolmhar • Meas – féach nóta • Íomhánna – fíor úsáid éifeachtach bainte as íomhánna síos tríd, ceann nó dhó i ngach véarsa. • Meadaracht – Níl aon meadracht foirmiúil sa dán seo. Ach tá cúpla samplaí d’uaim ann – ór-mhuir mall, a gcótaí craptha, ag caitheadh cliabh. • Atmaisféar – I mo thauirimse, tá atmaisféarsuaimhneach síochánta le bhraith sa dán seo. Feictear, tríd na híomhánna, muintir an oileáin ag comhoibriú leis an dulra gan aon fhadhb nó deacracht, ‘sa gciúnas séimh’. Léiríonn an teicníc seo an t-atmaisféar síochánta ar an oileán. • Athrá – féach nóta • Nadúr agus Dúlra – glacann an nadúr áit lárnach sa dán agus anuas ar sin i saol muintir an oileáin.

  11. Athrá • Conas a chabhraíonn an t-athrá le téama an dáin seo? • Tá athrá tríd an dáin seo. Usáideann an file an líne chéanna ag deiradh gach véarsa “San Earrach Thiar” chun a thaispeán go bhfuil sé ag caint faoina áit dhúichais féin, na hOileáin Árann. • Cruthaíonn an file atmaisféar iontach sa dán seo. Is soléir go bhfuil sé ag caint faoina áit dhúchais mar deir sé an line chéanna I ngach véarsa. Is léir go bhfuil sé an-bhródúil as an áit sin. • “San Earrach Thiar” • Cuireann an athrá béim ar a mheas. Is léir go bhfuil an-mheas aige ar na daoine atá ag obair ina áit dhúchais. Déanann sé cur síos ar an obair agus ar shaol na daoine seo agus críochnaíonn sé an véarsa leis an líne “San Earrach Thair”. • Cuireann an athrá béim ar an ngrá atá aige ar a áit dhúchais freisin. Is soléir nach bhfuil sé ag caint faoi aon áit eile ach na hOileáin Árann. Tá an dán seo lán d’íomhánna dhúchais agus is léir go bhfuil an-ghrá aige d’áit dhúchais ón athrá seo.

  12. Meas • Tá meas go mór mar théama sa dán seo. Léiríonn an file a mheas d’áit chónaithe agus do mhuintir na hOileáin sa dán seo. • Tá meas aige ar an bhfeirmeoir atá ag obair go ciúin sa ghort. Ta meas aige ar an obair a dhéanann sé. Obair deacair traidisiúnta atá ar siúl aige. “ Fear ag glanadh” . • Tá meas aige freisin ar an bhfear eile sa dara véarsa. Tá an fear seo ag bailiú feamainne. Is fear mór láidir é atá ag caitheamh císeán lán d´fheamainn síos ar an talamh. Obair deacair, tábhachtacht atá ar siúl aige agus tá meas aige ar an bhfear mór láidir seo. • “Fear ag caitheadh • Cliabh dhá dhroim, • ...san Earrach thiar.” • Sa triú véarsa, molann an file na mná áitiúil atá ag obair i locháin ar an trá. Lá te brothallach atá ann ach fós tá cótaí móra orthu. Ní raibh cead acu ag an am bheith ag obair ar an trá gan na cótaí orthu. Cé go bhfuil sé te, leanann siad ag obair gan aon ghearaín a dhéanamh. Tá meas ag an bhfile ar na mná cróga seo. • “Mná i locháín • ...a gcotaí craptha, • Scáilí thíos fúthu,” • Is léir go bhfuil meas ag an bhfile ar mhuintir na hOileáin seo- is gháthdhaoine iad go léir a théann amach ag obair le dínit gan gearán. Is léir go bhfuil an-mheas aige ar mhuintir na hoileaín seo.

  13. Dathanna Baineann na híomhánna sa dán seo le dathanna. Cuireann siad béim ar chomh geal agus síochánta is atá an t-oileán. Sa dara véarsa, feicimid chomh geal is atá an lá,- an ghrian ag taitneamh ar an bhfeamainn dhearg ar an trá bhán. Sa véarsa dheiridh, tá dath órga ar an bhfarraige ag deireadh an lae. Fuaimeanna Baineann na híomhánna sa dán seo le fuaim. Cuireann sé béim ar chomh síochánta is atá an t-oileán. Sa chéad véarsa, tá fuaim an spáide: “binn an fhuaim” le cloisteáil sa lá ciúin, síochánta. Sa véarsa deiridh, tá fuaim álainn na maidi rámha le cloisteáil. Fuaim lag tolla atá le cloisteáil agus tugann sé le hatmaisféar ciúin, síochánta atá ar Árann. Ní chloisimid daoine ag caint ach cloisimid fuaimeanna an tsaoil. Cruthaíonn na fuaimeanna agus na dathanna atmaisféar iontach, síochánta. Dathanna agus Fuaimeanna

  14. Mar a chuaigh an dán i gcion orm… • Íomhánna – ealaínte, bainte le nadúr, éifeachtach, soiléir • Mothúcháin – grá, suamihneas, síochán • Ídéalach – is dócha nach mbíonn saol mar seo i gcónaí chomh séimh síochánta. • Codarsnacht – BAC agus Árann • Cosúil lena chuid dhánta eile, leis an téama céanna – grá áite, codarsnacht idir na háite. Ba ábhar an-choitianta é grá áite in obair Uí Dhireáin.

  15. Mar a chuaigh an dán i gcion orm…sampla • Íomhánna – ealaínte, bainte le nadúr, éifeachtach, soiléir • P – Úsáídeann an file íomhánna láidre agus éífeachtach chun saol foirfe a léiriú. • M – Dúirt Ó Direáin go bhfuil an uisce ag soilsiú agus ar lasadh. • S – ‘Is an feamann dearg ag lonrú i dtaitneamh gréine’ • C – I mo thuairimse léiríonn sé seo go bhfuil an Iarthar agus an saol ann go hálainn agus úsáideann an file an íomhá seo chun an pointe sin a léiriú.

  16. Tá fear ag glanadh cré as a spáide sa ciúinas atá ann ar lá te. Tá an fhuaim go deas san earrach in Iarthar tíre (Árann). Tá fear eile ag caitheamh ciseáin dá dhroim. Tá an feamainne dhearg ag lonrú/soilsiú faoi sholas na gréine ar thrá chlochach bhán. Is álainn an radharc sin san Earrach in Iarthar tire. Tá mná I línnte/locháin nuair a bhíonn an taoide amuigh. A gcótaí tógtha suas timpeall a nglúine. Tá scáilí san uisce thíos fúthu, is radharc draíochta síochánta é. San Earrach in Iarthar tire. Tá fuaim lag tolla á dhéanamh ag maidí rámha, ó bhád ag teacht isteach chun na trá lán d’éisc. Tá an ghrian ag taitneamh ar an bhfarraige ciúín Sa trathnóna san Earrach in iarthar tíre. Míniú - Gaeilge

  17. THE WESTERN SPRING A man cleaning clay From the back of a spade In the gentle quiet Of a sultry day: Sweet is the sound In the Western spring. A man tossing down A creel from his back And the red seaweed Gleams in the sun On the white shingle Glorious the sight In the Western spring. Women stand in the little pools At low ebb tide With skirts tucked up Casting long shadows On the peaceful scene In the Western Spring. Gentle lapping of oars As a currach full of fish Comes towards the shore On a calm golden sea At eventide In the Western Spring. Míniú - Béarla

More Related