1 / 14

An Scrúdú Béil

An Scrúdú Béil. Bliain 9. Cé thusa?. Is mise Seán Mac Cana. Is mise Caolan Ó Néill. Is mise Sorcha Nic Oscair. Is mise Dónall Mac Ruairí. Tá mé dhá bhliain déag d’aois. (12) Tá mé trí bliana déag d’aois. (13) Tá mé ceithre bliana déag d’aois. (14). Cén aois thú?.

tasha
Download Presentation

An Scrúdú Béil

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An Scrúdú Béil Bliain 9

  2. Cé thusa? • Is mise Seán Mac Cana. • Is mise Caolan Ó Néill. • Is mise Sorcha Nic Oscair. • Is mise Dónall Mac Ruairí.

  3. Tá mé dhá bhliain déag d’aois. (12) Tá mé trí bliana déag d’aois. (13) Tá mé ceithre bliana déag d’aois. (14) Cén aois thú?

  4. Cá bhfuil tú i do chónaí? Tá mé i mo chónaí i Machaire Fíolta. Tá mé i mo chónaí i mBaile an Doire. Tá mé i mo chónaí in Ard Bó. Tá mé i mo chónaí ar an Chorr Chríochach.

  5. Cuir síos ort féin. Cén sórt duine tú? Tá mé ard agus óg. Níl mé beag ná sean. Tá mo chuid gruaige donn agus tá mo shúile gorm. Is duine cainteach agus cairdiúil mé. Ní duine falsa ná dímhúinte mé.

  6. Cá mhéad atá i do theaghlach?(Deartháir/ Deirfiúr) Tá triúr i mo theaghlach. Tá ceathrar i mo theaghlach. Tá cúigear i mo theaghlach. Tá seisear i mo theaghlach. Tá seachtar i mo theaghlach.

  7. Cá mhéad atá i do theaghlach? (Deartháir/ Deirfiúr) II Tá deartháir amháin agam agus tá deirfiúr amháin agam. Tá beirt deartháireacha agam ach níl deirfiúr ar bith agam. Tá triúr deartháireacha agam agus tá beirt deirfiúracha agam.

  8. Cuir síos ar do chara. Tá Seán beag agus óg. Níl sé sean ná ard. Tá a shúile donn agus tá a chuid gruaige dubh. Is duine spórtúil é. Ní duine bómánta é. Is maith leis peil agus iománaíocht. Ní maith leis obair bhaile. Tá peata aige. Tá madadh aige.

  9. Cuir síos ar do chara. Tá Róise ard agus óg. Níl sí sean ná íseal. Tá a súile gorm agus tá a cuid gruaige rua. Is duine cainteach í. Ní duine faiteach í. Is maith léi peil agus camógaíocht. Ní maith léi An Luan. Níl peata aici.

  10. Cá bhfuil tú ar scoil?Cén rang ina bhfuil tú? Tá mé (ag freastal) ar Scoil Mhuire Machaire Fíolta. Is scoil mhór ghramadaí í. Tá mé i mbliain a naoi. Tá mé i rang a naoi B/D.

  11. Cad é an t-ábhar is fearr leat? Cad chuige? Is maith liom Stair ach is fearr liom ealaín mar tá mé maith ag an obair. Is fearr liom an Ghaeilge mar is í mo theanga dhúchais í. Is fearr liom corpoiliúint mar tá sí sultmhar agus úsáideach.

  12. Cad é an t-ainm atá ar do mhúinteoir Gaeilge? Cad é an t-ainm atá ar do phríomhoide? Iníon Ní Chinnéide / Máistir Mac Féilimí an t-ainm atá ar mo mhúinteoir Gaeilge. An tUasal Lambon an t-ainm atá ar mo phríomhoide.

  13. Cén caitheamh aimsire atá agat? /An maith leat peil? Tá a lán caitheamh aimsire agam. Is maith liom leadóg ach is fearr liom snámh. Is breá liom peil. Tá dúil agam sa spórt agus sa teilifís. Ní miste liom rugbaí. Is fuath liom iascaireacht.

  14. Cad é a rinne tú inné? D’éirigh mé ar a seacht a chlog. Chuir mé orm mo chuid éadaí agus d’ith mé mo bhricfeasta. Chuaigh mé ar scoil sa charr / ar an bhus. D’fhoghlaim mé Béarla agus Mata. D’imir mé peil / camógaíocht le mo chairde. Chuaigh mé a luí ar a deich a chlog aréir.

More Related