1 / 12

Eolas faoi Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ( OÉ Gaillimh )

Eolas faoi Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ( OÉ Gaillimh ). OÉ Gaillimh.

shaman
Download Presentation

Eolas faoi Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ( OÉ Gaillimh )

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Eolas faoi Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉ Gaillimh)

  2. OÉ Gaillimh • Bunaíodh Queen’s College Galway i 1845; sa bhliain 1908 rinneadh comhcholáiste d’Ollscoil na hÉireann agus athraíodh an t-ainm chuig Coláiste na hOllscoile, Gaillimh; sa bhliain 1997, athbhunaíodh an Ollscoil faoin ainm Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. • Cláir acadúla i seacht ndámh: Na Dána, Eolaíocht, Tráchtáil, Innealtóireacht, Léann Ceilteach, Dlí, Leigheas & Eolaíochtaí Sláinte. • Mar gheall ar an mbeartas atá ag an Ollscoil, cláir nuálaíocha a fhorbairt, cinntítear go bhfreagraíonn na cláir theagaisc do riachtanais na bhfostóirí agus an gheilleagair i gcónaí. • Tá cáil ar an Ollscoil le fada mar gheall ar a feabhas teagaisc agus taighde. • Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge: dírithe ar oideachas tríú leibhéal ceannródaíoch trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil.

  3. Sonraí faoi Mhic Léinn (2007/08) Lánaimseartha Páirtaimseartha Fochéim 8,613 665 Céim Chianoideachais 75 Céim Iarchéime (Múinte) 985 488 Céim Iarchéime (Taighde) 701 61 Dioplóma Iarchéime 814 145 Erasmus 319 Dioplóma Neamhchéime 46 1,420 Teastas Neamhchéime 50 Mic Léinn ar Cuairt 703 10 Rochtain (200) Scrúdú amháin (480) Líon iomlán na mac léinn15,775

  4. Comhaltaí Foirne (Márta 2008) LánaimsearthaPáirtaimsearthaIomlán AN FHOIREANN ACADÚIL 565 232 797 TACAÍOCHT ACADÚIL*693 213 906 TAIGHDEOIRÍ AR CONRADH 446 56 502 AN FHOIREANN IOMLÁN 1,704 501 2,205 *An fhoireann riaracháin, theicniúil, leabharlainne agus foirgneamh san áireamh san uimhir sin.

  5. Taighde in OÉ Gaillimh D’éirigh thar cionn le OÉ Gaillimh le blianta beaga anuas ó thaobh tionscnamh taighde ar ardchaighdeán a fhorbairt agus go leor maoinithe a fháil.

  6. Taighde in OÉ Gaillimh Ina beartas taighde, tugann an Ollscoil tosaíocht d’fhócas idirdhisciplíneach ar réimsí sonracha feabhais chun ionaid agus institiúidí taighde den scoth a fhorbairt. Áirítear orthu sin: • An tIonad Náisiúnta um Eolaíocht Innealtóireachta Bithmíochaine (NCBES) • An Institiúid um Leigheas Athghiniúnach (REMEDI) • Institiúid Mhuireolaíochta Martin Ryan (MRI) • An Institiúid um Athrú Comhshaoil (ECI) • Institiúid Taighde na Fiontraíochta Digití (DERI) • Institiúid de Móra um Thaighde sna Daonnachtaí agus sa Léann Sóisialta • Ionad an Léinn Éireannaigh • An tIonad Éireannach um Chearta an Duine • An tIonad um Nuálaíocht & Athrú Struchtúrach (CISC) • An tIonad Taighde um Leanaí agus Teaghlaigh Tacaíonn an Oifig um Aistriú Teicneolaíochta le forbairt náisiúnta agus réigiúnach eacnamaíoch trí thimpeallacht a chruthú ina gcuirtear luach ar mhaoin intleachtach, a chuireann aistriú teicneolaíochta agus tráchtálaíochta chun cinn i measc lucht taighde na hOllscoile, agus ina mbainistítear gníomhaíocht tosaigh.

  7. Líonra Idirnáisiúnta OÉ Gaillimh • Breis agus 2,000 mac léinn idirnáisiúnta ar an gcampas as os cionn 90 tír. • Clár Socrates/Erasmus: déantar mic léinn a mhalartú le 115 ollscoil san Eoraip; glacann breis is 600 mac léinn ó Mheiriceá Thuaidh páirt sa Chlár Bliain Shóisearach/Seimeastar Thar Lear. Ag leibhéal iarchéime, chláraigh breis is 800 mac léinn idirnáisiúnta in 2007/08. Tá an Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta ar an mbóthar le breis agus 20 bliain. • Cuireann OÉ Gaillimh seirbhísí éagsúla tacaíochta ar fáil do mhic léinn idirnáisiúnta cosúil le Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta agus and Clár Aoi-Theaghlaigh. Tá an Oifig um Ghnóthaí Idirnáisiúnta freagrach as deiseanna le hollscoileanna móra idirnáisíunta eile a aithint agus ceangal a chrúthu leo.

  8. Clár Rochtana OÉ Gaillimh • Tacaíonn an Ollscoil le tionscnaimh a spreagann níos mó rannpháirtíochta in oideachas ollscoile i measc grúpaí faoi ghannionadaíocht. • Cruthaíonn an clár seo timpeallacht thacúil foghlama ina dtugtar deis agus ina gcuirtear ar chumas mac léinn faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch nó oideachais, rochtain a bheith acu ar oideachas tríú leibhéal. • Is éard atá sa chlár cúrsaí réamhullmhúcháin ollscoile, córas cuimsitheach tacaíochta do mhic léinn, naisc speisialta le bunscoileanna agus scoileanna dara leibhéal chomh maith le comhlachtaí eile oideachais agus forbraíochta sa réigiún. • Cuireann an Clár do Mhic Léinn Lanfhásta páirt na ndaoine lánfhásta san oideachas tríú leibhéal chun cinn. • Tá cláir rochtana oideachais á gcur ar fáil anois san Eastóin, i Laitvia, sa Liotuáin, sa Chosaiv, i Srí Lanca agus san Afraic Theas.

  9. Obair Dheonach in OÉ Gaillimh • Trí chlár straitéiseach dar teideal an Tionscnamh Eolais Phobail (CKI), tá páirt ag lucht acadúil agus comhaltaí foirne OÉ Gaillimh i gcaidreamh fada a fhorbairt le heagraíochtaí pobail trí mhic léinn a bheith ag obair go deonach, foghlaim sheirbhíse, taighde agus roinnt eolais. • Tugann an clár ALIVE, a d’fhorbair CKI, an deis do mhic léinn OÉ Gaillimh teastas a fháil as a gcuid oibre. • Is féidir leo oiliúint a fháil i scileanna inaistrithe agus scileanna praiticiúla a fhorbairt trína dtaithí san obair dheonach.

  10. Na hEalaíona in OÉ Gaillimh • Tá traidisiún in OÉ Gaillimh timpeallacht láidir agus bheomhar ealaíonta a éascú. • Clár bliantúil de thaispeántais, de cheolchoirmeacha, de léachtaí ealaíne agus de dhrámaí ar an gcampas. • Déanann Féile Ealaíon Earraigh na hOllscoile (Múscailt) ceiliúradh ar éachtaí ealaíonta phobal na hOllscoile. • Tá bailiúchán ealaíon ag an Ollscoil a thugann léargas ar phéintéireacht agus dealbhóireacht Éireannach le linn an fhichiú haois. • Bíonn scríbhneoirí cónaitheacha in éineacht leis na mic léinn, leis an bhfoireann agus leis an bpobal go ginearálta trí shraith cainteanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, seimineár agus ceardlann scríbhneoireachta a thabhairt.

  11. Cumann Alumni OÉ Gaillimh • Chun caidreamh comhthairbhiúil agus gníomhach a chothú idir OÉ Gaillimh agus a céimithe ar fud an domhain. • Os cionn 68,000 céimí ar fud na cruinne. • Tá an Oifig Alumni freagrach as Duaiseanna Alumni, an Mórfhéasta, teacht le chéile alumni agus roinnt foilseachán alumni (mar shamplá: Cois Coiribe).

  12. Fondúireacht Ollscoil na Gaillimhe • Tacaíocht airgeadais a chur ar fáil don Ollscoil ó dhaoine príobháideacha agus ó fhorais. • Tá baint ag an bhfondúireacht le tionscnamh mór bailithe airgid chun tacaíocht phríobháideach a fháil d’infheistíocht na hOllscoile, €400 milliún thar thréimhse cúig bliana i gclár mór forbartha infrastruchtúrach . • Díríonn sí ar leas a bhaint as dea-thoil agus as na gréasáin atá cruthaithe idir chéimithe, chomhaltaí foirne, chairde agus institúidí bainteach leis an Ollscoil, d’fhonn na cistí a theastaíonn chun forbairt inmharthana an champais agus áiseann an champais a chinntiú.

More Related