1 / 13

Cáca Milis

Cáca Milis. Scannán le Brian Lynch. Ceisteanna. Cé hiad na carachtairí? Cá bhfuil an scannán suite? Cén saghas daoine iad na carachtairí? Cad a bhí cearr leis an bhfear? Cad a tharla ag an deireadh?. Freagraí.

nola
Download Presentation

Cáca Milis

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Cáca Milis Scannán le Brian Lynch

  2. Ceisteanna • Cé hiad na carachtairí? • Cá bhfuil an scannán suite? • Cén saghas daoine iad na carachtairí? • Cad a bhí cearr leis an bhfear? • Cad a tharla ag an deireadh?

  3. Freagraí • Is iad Paul agus Catherine na príomhcharachtairí sa scannán seo. Chomh maith leo siúd, tá máthair Catherine ann ag an tús. • Tá an scannán suite ar an traein. • Is duine cruálach, gránna mífhoighneach í Catherine. Is duine soineanta, cairdiúil, cainteach é Paul. • Tá Paul dall agus tá asma air. • Mharaigh Catherine Paul nuair a sciob sí a análóir.

  4. Le staidéár • Achoimre • Téama • Carachtairí • Mothúcháin • Ar thaitin an scannán seo leat? Cén fáth?

  5. Achoimre • Bhí Catherine ag éalú óna máthair don lá. Bhí sí sásta a leabhair grá a léamh ar an traein. • Tháinig Paul isteach agus thosaigh sé a caint léi gan stad. Duine soineanta é. • D’éirigh Catherine mífhoighneach frustrach leis. • Bhí Paul ag cur isteach uirthi. • Bhí Catherine an-chrualách nuair a bhí sí ag insint bréige do Phaul faoi na rudaí a bhí lasmuigh den fhuinneog. • Thosaigh an asma ag cur isteach ar Paul. • Ar dheireadh nuair a d’inis sí dó go raibh péist ina cháca bhí sí uafásach. • Fuair sé taom asma agus sciob Catherine an t-análóir ó Paul. Ní raibh Paul ábalta anáil gan é. • Fuair an fear bocht bás. D’imigh Catherine ón traen gan féachaint siar. Ba chuma léi faoi Paul.

  6. Téama - Cruálacht • Ba í Catherine cúis le bás Paul. Bhí sí cruálach mífhoighneach leis. Níor stop sé ag caint agus ní raibh Catherine ábalta a leabhair a léamh. • Mar sin, d’éirigh sí cruálach agus thosaigh sí ag insint bréige dó faoi na rudaí lasmuigh den fhuinneog agus ansin go raibh péist ina cháca. • Ach tharla an rud is measa ag an deireadh nuair a bhuail taom asma ar Paul agus sciob Catherine an t-análóir. Ní raibh Paul ábalta anáil gan é agus fuair sé bás. • Mharaigh Catherine Paul lena cruálacht agus a mífhoighne.

  7. Catherine Cén sort duine í? - ag an tús - ag an deireadh Gnáthduine le saol deacair Cruálach Mífhoighneach Paul Cén sort duine é? - ag an tús - ag an deireadh Fear le míchumas, ciotach, cainteach, cairdiúil. Páistiúil, soineanta. Carachtairí

  8. Catherine…Cén sórt duine í Catherine? • Is duine…..í – cruálach, teannasach, gránna, cancrach, gnáthdhuine, mífhoighneach, feargach, cumhachtach, drochbhéasach, míchabhrach, ceanndána, mailíseach. • (pointe) Is duine mailíseach agus cruálach í Catherine sa scannán Cáca Milis le Brian Lynch. • (sampla) Feicimid an cruálachas nuair a bhí sí ag insint bréige don fear dall Paul faoi na radhairc agus faoin péist. • (míniú) Bhí sé sin an-chruálach mar d’éirigh Paul trína chéile agus bhí taom asma aige. Bhí sé muiníneach as Catherine. Chreid sé í. • (sampla) Bhí Catherine mailíseach chomh maith mar sciob sí análóir Paul nuair a bhí taom asma aige. • (míniú)Ní raibh Paul ábalta anáil gan é agus fuair sé bás. Bhí Catherine ina chúis le bás Paul. Bhí sí an-mhailíseach.

  9. Paul • Is duine…. é. Dall, soineanta, cainteach, cairdiúil, ciotach, páistiúil, muiníneach, truamhéalach, drochbhéasach, marbh. • Is duine drochbhéasach é Paul. Nuair a bhí sé ag ithe d’fhéach sé déistineach. Líon sé a bhéal le cáca, ansin slog sé siar an caife. Níor dhún sé a bhéal. Rinne sé a lán torann.

  10. Céard iad na mothúcháin a mhothaigh na carachtairí? Céard iad na mothúcháin a mhothaigh tú ag féachaint ar an scannán? Frustrachas, míshonas, áthas, uafás, trua. Samhnas, déistin, frustrachas, brón, trua, Mothúcháin

  11. Ar thaitin an scannán seo leat?? Cén fáth? • Is maith liom an scannán seo, Cáca Milis le Brian Lynch. Bhain mé taitneamh as. Is scéal uafásach é ach tá teachtaireacht láidir ann faoi nádúr daoine. • Tá an carachtair Paul an-shuimiúila sa scéal, fear deas dall é. Ar dtús bhí an scéal greannmhar nuair a bhí Paul ag caint gan stad ach ag an deireadh bhí sé brónach agus uafásach nuair a fuair sé bás. • Bhain mé taitneamh as na carachtairí agus chuir an scéal ionadh orm ag an deireadh.

  12. Ceisteanna don obair bhaile… • An maith leat Catherine? 3 fath. • An maith leat Paul? 3 fath. • Cá raibh Paul ag dul. • Cad iad na fadhbanna sláinte a bhí ag Paul? • Cén sort leabhair a bhí ag Catherine? • Cad iad na bréige a d’inis Catherine do Paul? • Bhí Paul brodúil as cúpla rud. Cad iad? • Cad a tharla ag deireadh an scannáin?

  13. Ceisteanna Lch 128 • Bhí Catherine ag ealú óna máthair agus bhí Paul ag dul ar a laethanta saoire. Bhí siad ar an traen. • Is duine cairdiúil agus cainteach é Paul. Tá sé déistineach ag ithe, dall agus tá asma air. • Cuireann Paul isteach ar Catherine mar bhí sé ag caint gan stad gan staonadh. • Bhí Paul trína chéile mar bhí Catherine ag insint bréige faoi na radharc agus an péist ina cháca. • Tá sé ag ithe cáca milis. Cuireann sé samhnas ar Catherine mar tá gach rud ag prislíneach amach as beal Paul.

More Related