1 / 8

Beidh tú ag léamh ailt ar ball ina bhfuil comhairle faoi conas staidéar a

Scileanna staidéir Réamhobair 1. Beidh tú ag léamh ailt ar ball ina bhfuil comhairle faoi conas staidéar a dhéanamh go héifeachtach. I do chóipleabhar, scríobh síos 3 phíosa comhairle a cheapann tú a bheidh ann. . Scileanna staidéir Réamhobair 2.

neorah
Download Presentation

Beidh tú ag léamh ailt ar ball ina bhfuil comhairle faoi conas staidéar a

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Scileanna staidéirRéamhobair1 Beidh tú ag léamh ailt ar ball ina bhfuil comhairle faoi conas staidéar a dhéanamh go héifeachtach. I do chóipleabhar, scríobh síos 3 phíosa comhairle a cheapann tú a bheidh ann.

  2. Scileanna staidéirRéamhobair2 Sula léifidh tú an t-alt, pléigh na briathra seo leis an duine in aice leat agus cuir Gaeilge ar an méid agus is féidir libh (tá an chéad dá cheann déanta daoibh). Is féidir libh na leaganacha Gaeilge a fháil san alt ansin agus sibh á léamh. revise: téigh siar ar rud review: athbhreithnigh organise: _____________________ improve: _____________________ set aside time: _____________________ concentrate: _____________________ tailor: _____________________ figure out: _____________________ reread: _____________________ write down: _____________________ remember: _____________________ learn off by heart: _____________________ take turns: _____________________ ignore: _____________________ get something done: _____________________ get out of control: _____________________ find a solution: _____________________ ask for help: _____________________

  3. Scileanna staidéir Léamh (lch. 1) 1. Tosaigh ag staidéar ar scoil Tosaíonn an obair le haghaidh scrúduithe i bhfad sula ndeir an múinteoir go mbeidh scrúdú á chur ar an rang. Tosaíonn sé sa seomra ranga agus tú ag tógáil nótaí. Má tá tú go maith ag tógáil nótaí cabhróidh sé leat cuimhneamh ar an méid a múineadh duit sa rang nó ar an méid atá léite agat tú féin. Breac síos fíricí a luann an múinteoir nó a scríobhann sé ar an gclár i rith an ranga. Má chailleann tú rud éigin, cuir ceist ar do mhúinteoir dul siar air leat tar éis an ranga. Eagraigh do chuid nótaí de réir ábhair agus bí cinnte go bhfuil siad éasca le léamh agus le hathbhreithniú. B’fhéidir, mar sin, go mbeidh ort cuid acu a scríobh amach arís sa bhaile nó le linn rang saor an fhad is atá an rang fós i do cheann. Ar an drochuair, ní mhúintear do dhaltaí conas nótaí maithe, soiléire a thógáil. Is scil é ar féidir leat a fheabhsú de réir a chéile, áfach. Lean ort! 2. Pleanáil do chuid ama Nuair a shuífidh tú síos chun staidéar a dhéanamh, smaoinigh ar an méid ama a theastaíonn uait a chur ar fáil do gach topaic. Sa tslí sin, ní thiocfaidh anbhá ort nuair a fheicfidh tú an méid atá le déanamh agat. Más Dé Luain atá ann agus go bhfuil trí scrúdú agat Dé hAoine, déan amach cé mhéad ama a bheidh uait don staidéar idir é seo agus sin. Ansin déan amach cé mhéad ama a thógfaidh gach ábhar. Mar shampla, ní dócha go mbeidh an scrúdú seachtainiúil stór focal sa Spáinnis chomh dian le scrúdú mór Staire. Ní bheidh ort an méid céanna ama a chur ar leataobh don Spáinnis, mar sin – agus má bhriseann tú i gcodanna beaga le déanamh gach oíche é, tá sé sin níos fearr fós. Tá sé ar chumas go leor daoine a n-aigne a dhíriú go maith ar feadh timpeall 45 nóiméad. Is dócha go dteastóidh uait sos gearr a thógáil ina dhiaidh sin. Más rud é go mbraitheann tú go bhfuil d’aird á tarraingt in áit éigin eile agus tú ag smaoineamh ar rudaí eile, dírigh d’aigne arís. Cuir i gcuimhne duit féin go mbeidh sos ceathrú uair an chloig agat nuair a bheidh an 45 nóiméad istigh.

  4. Scileanna staidéir Léamh (lch. 2) 3. Bunaigh do chuid staidéir ar an saghas scrúdaithe atá i gceist Deir an-chuid múinteoirí leis na daltaí roimh ré an saghas leagan amach a bheidh ar an scrúdú. Cabhraíonn sé seo le daltaí an staidéar a chur in oiriúint don scrúdú. Mar shampla, má tá a fhios agat go mbeidh ceisteanna ilroghnacha ar an Dara Cogadh Domhanda agat, beidh a fhios agat gur cheart duit a bheith ag díriú ar fhíricí agus ar shonraí ar leith. Ach más rud é go mbeidh aistí le scríobh sa scrúdú, beidh ort smaoineamh ar cad iad na topaicí a d’fhéadfadh a bheith sa scrúdú agus do chuid nótaí agus leabhar a úsáid chun a dhéanamh amach conas is fearr ceisteanna ar na topaicí sin a fhreagairt. Agus tú ag staidéar, téigh siar arís ar do nótaí agus ar aon eolas breise ón dtéacsleabhar. Léigh agus athléigh rudaí más gá agus breac síos frásaí nó smaointe a chabhróidh leat cuimhneamh ar na príomhchoincheapa. Nuair a bhíonn tú ag iarraidh dátaí nó ainmneacha a chur de ghlanmheabhair ná déan dearmad go dtógann sé cúpla iarracht é a bheith i gceart agat. Sin cúis amháin gur cheart duit tosú ag staidéar i bhfad roimh scrúdú. Bain úsáid as nodanna a chabhróidh leat rudaí a chur de ghlanmheabhair – b’fhéidir go bhfuil cúpla ceann tugtha duit ag do mhúinteoir, nó b’fhéidir go bhfuil cúpla ceann cumtha agat féin. Uaireanta ligeann daoine orthu féin go bhfuil siad ag múineadh os ard do dhalta samhailteach. Cabhraíonn sé leo a bheith ag obair le duine eile agus sealanna a thógáil ag múineadh os ard dá chéile. Straitéis eile ná cártaí beaga a dhéanamh amach ina bhfuil na príomhphointí scríofa orthu. Is féidir na cártaí sin a úsáid ansin le dul siar a dhéanamh don scrúdú.

  5. Scileanna staidéir Léamh (lch. 3) 4. Seachain a bheith ag cur rudaí ar an méar fhada Déan iarracht gan tús a chur leis an staidéar ag an nóiméad deireanach. Má tá an claonadh sin agatsa déan iarracht a bheith eagraithe. Nuair a scríobhann tú dátaí scrúduithe nó spriocdhátaí ar fhéilire tá sé deacair neamhaird a dhéanamh dóibh. Agus nuair a shuíonn tú síos chun do chuid oibre a phleanáil agus a eagrú tuigeann tú go maith go dtógann sé a lán ama rudaí a chur i gcrích. Dá eagraithe is ea a bhíonn tú is ea is deacra atá sé rudaí a chur ar an méar fhada. Uaireanta bíonn eagla ar dhaoine tosú ag staidéar mar braitheann siad scanraithe roimh an méid atá le déanamh toisc go bhfuil siad taobh thiar ar an staidéar. Ná lig do seo tarlú duitse. Bíodh do chuid nótaí eagraithe, déan an léitheoireacht a iarrtar ort a dhéanamh agus lean na nodanna staidéir atá luaite chun go mbeidh smacht agat ar an obair. Ach cad atá le déanamh agat má tá rudaí imithe as smacht ort? Fiafraigh de do mhúinteoirí cabhrú leat chun teacht ar réiteach. Ná bíodh eagla ort cabhair a lorg. Bíonn meas ag múinteoirí ar dhaltaí a bhfuil suim acu san obair agus a dteastaíonn uathu go n-éireodh go maith leo.

  6. Scileanna staidéir Léamhthuiscint • Freagair na ceisteanna seo ar an alt atá léite agat. • Cuid 1: Tosaigh ag staidéar ar scoil • Cén tábhacht a bhaineann le bheith ábalta nótaí maithe a thógáil? • Conas ar cheart duit do chuid nótaí a eagrú agus conas is féidir leat feabhas a chur orthu? • Cuid 2: Pleanáil do chuid ama • Cén fáth a bhféadfadh anbhá teacht ar dhuine nuair a thosaíonn sé/sí ag staidéar? • Cén chomhairle a thugtar maidir le d’aigne a dhíriú agus tú ag staidéar? • Cuid 3: Bunaigh do chuid staidéir ar an saghas scrúdaithe atá i gceist • Conas ar cheart ullmhú do scrúdú ceisteanna ilroghnacha? • Cén fáth a moltar gur cheart tosú ag staidéar i bhfad roimh scrúdú? • Cuid 4: Seachain a bheith ag cur rudaí ar an méar fhada • Conas is féidir a bheith ag cur rudaí ar an méar fhada a sheachaint? • Cén fáth a mbeadh ar dhalta cabhair a lorg ar mhúinteoir?

  7. Scileanna staidéir Iarphlé1 • Bhí roinnt nathanna san alt atá beagán deacair. An • bhfuil siad ar eolas agat anois? • Rud a sheachaint • Anbhá a theacht ort • D’aird a bheith á tarraingt áit éigin eile • Claonadh a bheith agat rud éigin a dhéanamh • Féach an struchtúr seo: • “Dá eagraithe is ea a bhíonn tú is ea is deacra atá sé • rudaí a chur ar an méar fhada.” • An dtuigeann tú an seanfhocal seo: • “Dá laghad é, is breis é,” arsa an Dreoilín agus é ag • mún sa bhfarraige! • Cathain a d’fhéadfá an seanfhocal sin a úsáid?

  8. Scileanna staidéir Iarphlé2 Pléigh na ceisteanna seo: • An raibh an chomhairle a bhí san alt úsáideach? Cén fáth? • An n-úsáideann tusa mórán de na straitéisí a bhí luaite san alt? Cad iad? • Cé mhéad staidéir a dhéanann tusa de ghnáth? • Cad iad na hábhair is mó a gcaitheann tú am leo? Cén fáth na hábhair sin?

More Related