1 / 8

An Clásal Coibhneasta Díreach 1

An Clásal Coibhneasta Díreach 1 . An clásal coibhneasta díreach

nau
Download Presentation

An Clásal Coibhneasta Díreach 1

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An Clásal Coibhneasta Díreach 1 An clásal coibhneasta díreach Bíonn clásail in abairtí go minic. Baintear úsáid as an mír choibhneasta chun na clásail sin a cheangal le chéile. Tugann an clásal coibhneasta díreach tuilleadh eolais faoin gclásal a thagann roimhe. Féach na samplaí thíos, a bhfuil an mhír choibhneasta i gcló dubh iontu. Tá an mhír choibhneasta ag oibriú mar chónasc nó mar dhroichead idir an dá chlásal. Sin é an fear a cheannaíonn an páipéar nuachta gach Aoine. Sin é an fear nachgceannaíonn an páipéar nuachta gach Aoine. Sin é an fear a cheannaigh an páipéar Dé hAoine seo caite. Sin é an fear nár cheannaigh an páipéar nuachta Dé hAoine seo caite.

  2. An Clásal Coibhneasta Díreach 2 Roinn gach abairt ar an sleamhnán deireanach in dhá abairt. Athscríobh an chéad dá abairt ar an sleamhnán deireanach anois san aimsir fháistineach. Is ionann an mhír choibhneasta san aimsir fháistineach agus san aimsir láithreach. An raibh an ceart agat? Sin é an fear. Ceannaíonn sé an páipéar nuachta gach Aoine. Sin é an fear. Ní cheannaíonn sé an páipéar nuachta gach Aoine. Sin é an fear. Cheannaigh sé an páipéar nuachta Dé hAoine seo caite. Sin é an fear. Níor cheannaigh sé an páipéar nuachta Dé hAoine seo caite. Sin é an fear a cheannóidh an páipéar nuachta Dé hAoine seo chugainn. Sin é an fear nach gceannóidh an páipéar nuachta Dé hAoine seo chugainn.

  3. An Clásal Coibhneasta Indíreach 1 Bíonn clásail in abairtí go minic. Baintear úsáid as an mírchoibhneasta chun na clásail sin a cheangal le chéile. Bíonn an clásal coibhneasta indíreach i gceist áfach, nuair a bhíonn an dara clásal ag tagairt siar don chlásal a thagann roimhe. Cúpla nod chun an clásal coibhneasta indíreach a úsáid: Is minic a bhíonn an tuiseal tabharthach i gceist agus bíonn an forainm réamhfhoclach ag deireadh na habairte, mar shampla: Sin í an bhean ar thug mé an t-airgead di. (Thug mé an t-airgead don bhean) Is minic a bhíonn an tuiseal ginideach i gceist sa dara clásal, mar shampla: Sin í an bhean ar bhris a mac an fhuinneog. (Bhris mac na mná an fhuinneog) Ní ionann an t-ainmní sa dá leath. Sin í an bhean. Bhuail mé í. Sin í an bhean ar bhuail mé í. Sin é an fear. Chonaic a iníon an tine. Sin é an fear a bhfaca a iníon an tine.

  4. An Clásal Coibhneasta Indíreach 2 Is é an mhír choibhneasta san aimsir láithreach, san aimsir ghnáthláithreach agus san aimsir fháistineach ná: a + urú (dearfach) – Seo é an fear a n-itheann a mhadra seacláid. nach + urú (diúltach) – Seo é an fear nach n-itheann a mhadra seacláid. Is é an mhír choibhneasta san aimsir chaite ná: ar + séimhiú – Sin é an dalta scoile ar cheannaigh mé an rothar uaidh. nár + séimhiú – Sin é an dalta scoile nár cheannaigh mé an rothar uaidh. Bí cúramach leis na briathra mírialta áfach! Leanann an fhoirm cheisteach na míreanna coibhneasta. Mar shampla: An raibh tú ann? Sin é an fear a raibh a mhac ann. An ndeachaigh tú abhaile ar a haon a chlog? Sin é an duine a ndeachaigh a bhean chéile abhaile ar a haon.

  5. An Clásal Coibhneasta Indíreach 3 Ceangail na habairtí thíos le chéile. Bain úsáid as an gclásal coibhneasta indíreach. 1. (Is maith liom milseáin)(Tá cnónna iontu) 2. (Sin é an teach tábhairne)(Oibríonn Seán ann) 3. (Chonaic mé an madra)(Is leis an mbean é) 4. (Chas mé le cara)(Tá cónaí air i gCorcaigh) 5. (Rachaidh mé go dtí an ollscoil)(Beidh mo dheirfiúr ag freastal uirthi) 6. (Cuireadh an buachaill abhaile)(Tugadh cic dó) 8. (An raibh aithne agat ar an gcailín?)(Ní raibh aon chairde aici) 9. (Bhí éad air leis an gcailín)(Níor tugadh obair bhaile di) 10. (An é sin an múinteoir)(Bhí gach duine ag magadh faoi)

  6. An Clásal Coibhneasta Indíreach 4 An raibh an ceart agat? 1. Is maith liom milseáin a bhfuil cnónna iontu. 2. Sin é an teach tábhairne a n-oibríonn Seán ann. 3. Chonaic mé an madra ar leis an mbean é. 4. Chas mé le cara a bhfuil cónaí air i gCorcaigh. 5. Rachaidh mé go dtí an ollscoil a mbeidh mo dheirfiúr ag freastal uirthi. 6. Cuireadh an buachaill abhaile ar tugadh cic dó. 8. An raibh aithne agat ar an gcailín nach raibh aon chairde aici? 9. Bhí éad air leis an gcailín nár tugadh obair bhaile di. 10. An é sin an múinteoir a raibh gach duine ag magadh faoi?

  7. An Clásal Coibhneasta Ceisteanna 1 An clásal coibhneasta agus ceisteanna. Féach ar na ceisteanna coitianta seo. Cén abairt an bhfuil an clásal coibhneasta indíreach inti? Cén fáth a ndeir tú amhlaidh? Conas atá tú? Cad é mar atá tú? Cén chaoi a bhfuil tú? Féach ar na mionfhocail seo ar fad a úsáidtear chun ceisteanna a chumadh. Leanann an clásal coibhneasta díreach cuid acu agus leanann an clásal coibhneasta indíreach an chuid eile. Cuir na mionfhocail sna boscaí cearta: cé chomh minic, cad chuige, cén chaoi, cad, cé, cathain, conas, cén tslí, cénfáth, céard, cén áit, cén fhad, cén uair, cad é mar agus cén dóigh Cum ceisteanna leis na focail sna boscaí thuas anois.

  8. An Clásal Coibhneasta Ceisteanna 2 Freagraí Cé chomh minic is a théann tú abhaile? Cad a dhéanann an duine sin? Cé a d’ól an deoch sin? Cathain a bheidh sé ag teacht? Conas atá tú? Céard a dúirt sé? Cén fhad a fhanfaidh sé? Cén uair a thagann sé? Cad é mar atá an aimsir? Cad chuige a bhfuil fearg air? Cén chaoi a dtéann tú ann? Cén tslí a ndeir tú an focal sin? Cén fáth a bhfuil sé sin amhlaidh? Cén áit a mbíonn na páistí? Cén dóigh a ndearna tú é?

More Related