1 / 8

An béal bocht Réamhobair 1

An béal bocht Réamhobair 1 . Beidh tú ag éisteacht ar ball beag le Megan as Gaoth Dobhair ag déanamh díospóireachta. Sula n-éisteann tú léi, cuir na focail seo thíos, atá le cloisteáil ina cuid cainte, sna rannóga cearta. i mbéal forbartha gearradh siar géarchéim

mahala
Download Presentation

An béal bocht Réamhobair 1

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An béal bocht Réamhobair 1 Beidh tú ag éisteacht ar ball beag le Megan as Gaoth Dobhair ag déanamh díospóireachta. Sula n-éisteann tú léi, cuir na focail seo thíos, atá le cloisteáil ina cuid cainte, sna rannóga cearta. i mbéal forbartha gearradh siar géarchéim gannchuid ráta féinmharaithe rialtas pobal na hÉireann eagraíochtaí deonacha ag streachailt pá caiteachas stáit cáin bancbhriste in umar na haimléise rannóg stáit

  2. An béal bocht Réamhobair 2 • 1. Tá a lán nathanna cainte deasa ag Megan, cad is brí leo? • ar aon intinn le duine • i láthair na huaire • ag dul thar fóir • in umar na haimléise • 2. An bhfuil leaganacha éagsúla agat féin? Cad iad? • 3. Cuir na nathanna cainte in abairtí lena mbrí a léiriú. • 4. Cad iad na habairtí a bhí ag an duine in aice leat?

  3. An béal bocht Réamhobair 3 Tá an nós ann i nGaeilge, focail a bhfuil an chiall chéanna acu a úsáid i nathanna. Go minic tosaíonn siad leis an litir chéanna freisin. Féach ar na cinn a bheidh le cloisteáil i ndíospóireacht Megan: Go huile agus go hiomlán Fial agus flaithiúil Lá i ndiaidh lae Cóir agus ceart An féidir leat deireadh a chur leis na cinn seo thíos? Ar eagla ___________________ Sona ___________________ Ag cur agus ___________________ Cuireann na samplaí thuas le saibhreas na Gaeilge, conas? Déan plé leis an duine in aice leat faoi sin.

  4. An béal bocht Réamhobair 4 A. Bí ag obair leis an duine in aice leat. An féidir libh sainmhíniú a thabhairt ar an téarma: an béal bocht? B. Léigí na ráitis seo a leanas, an aontaíonn sibh leo? Abair: (i) Aontaím leis an ráiteas sin. (ii) Níl mé cinnte faoin ráiteas sin. (iii) Ní aontaím leis an ráiteas sin. Tosaíonn an charthanacht sa bhaile. Bíonn an béal bocht ag muintir na hÉireann go minic. Is tír shaibhir í Éire. Tá muintir na hÉireann an-fhlaithiúil. Tá an saol in Éirinn níos deacra anois ná mar a bhí deich mbliana ó shin. Tá Éire bancbhriste. Tá níos mó daoine bochta in Éirinn anois ná mar a bhí cúig bliana ó shin. Tá daoine óga na tíre ag dul ar imirce sa lá atá inniu ann.

  5. An béal bocht Éisteacht 1 Éist le díospóireacht Megan agus freagair na ceisteanna: An bhfuil foireann Phobalscoil Ghaoth Dobhair i gcoinne nó i bhfabhar an rúin? Cén sainmhíniú a thugann Megan ar Stát na hÉireann agus ar an tríú domhan? Cad is brí leis an nath Laidine a úsáideann Megan? Cad a deir an stát le muintir na hÉireann faoin staid eacnamaíochta ina bhfuil an tír faoi láthair, dar le Megan? Liostaíonn Megan cuid de na fadhbanna atá ag muintir na hÉireann faoi láthair. Cad iad?

  6. An béal bocht Éisteacht 2 Éist le Megan arís agus breac síos na focail / frásaí a luann sí a bhaineann le bochtanas sa tír; agus na focail / frásaí a bhaineann leis an mbéal bocht.

  7. An béal bocht Iarphlé 1 Léigh an píosa seo thíos faoin scríbhneoir Brian O’Nolan, a scríobh an leabhar cáiliúil An Béal Bocht. Léigh amach os ard é leis an duine in aice leat. Ba scríbhneoir, drámadóir agus aorthóir mór le rá é Brian O’Nolan. Rugadh é ar an Srath Bán i gContae Thír Eoghain sa bhliain 1911, ach chaith sé an chuid is mó dá shaol ina chónaí i mBaile Átha Cliath. Ba é an duine ba shine sa teaghlach é agus nuair a fuair a athair bás ba é a thug aire don teaghlach go léir, bhí aon duine dhéag sa teaghlach ar fad. Chomh maith le bheith ag obair sa stát seirbhís, scríobh sé colún san Irish Times, agus ba iad na húrscéalta ba cháiliúla a scríobh sé ná: At Swim-Two-Birds; The Third Policeman agus An Béal Bocht. Bhí a lán ainmneacha cleite (nom de plume) ag Brian O’Nolan. Scríobh sé a chuid úrscéalta Béarla faoin ainm Flann O’Brien, agus nuair a scríobh sé i nGaeilge bhain sé úsáid as an ainm Myles na gCopaleen.

  8. An béal bocht Iarphlé 2 Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: Ar chuala tú faoin scríbhneoir Brian O’Nolan riamh? Cad is brí le Myles na gCopaleen, dar leat? Cén sloinne atá ort féin? An sloinne coitianta é? Cén cúlra a bhaineann le do shloinne? An bhfuil leagan eile (i mBéarla nó i dteanga eile) de d’ainm? Cad é? Ar mhaith leat d’ainm a athrú? Cen fáth?

More Related