1 / 9

Ísle brí réamhphlé

Beidh tú ag léamh litir a scríobh daltaí san Idirbhliain i bPobalscoil Chorca Dhuibhne chuig tuismitheoirí ag cur comhairle orthu faoi ísle brí i ndaoine óga. Ach ar dtús tabhair faoi na cleachtaí seo. Ísle brí réamhphlé.

herne
Download Presentation

Ísle brí réamhphlé

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Beidh tú ag léamh litir a scríobh daltaí san Idirbhliain i bPobalscoil Chorca Dhuibhne chuig tuismitheoirí ag cur comhairle orthu faoi ísle brí i ndaoine óga. Ach ar dtús tabhair faoi na cleachtaí seo... Ísle brí réamhphlé

  2. Tá sé phíosa comhairle thíos do thuismitheoirí a bhfuil leanbh leo in ísle brí. Tá trí cinn go maith agus ciallmhar agus trí cinn nach bhfuil go maith. Cad iad na cinn mhaithe agus cad iad na droch-chinn? Ba cheart duit rá le do leanbh dearmad a dhéanamh dá thrioblóidí. Ba cheart duit labhairt go hoscailte le do leanbh faoina mhothúcháin. Ba cheart duit féin taighde a dhéanamh ar ísle brí. Ná tarraing anuas féinmharú chuig do leanbh. Abair le do leanbh gan a bheith ag smaoineamh air féin an oiread sin. Abair le do leanbh go bhfuil an-ghrá agat dó. Ísle brí Réamhobair1

  3. An féidir leat Gaeilge a chur ar na frásaí seo atá le fáil sa litir a bheidh tú ag léamh ar ball? a social problem: ________________________ mental health: ________________________ suffering: ________________________ feeling distressed: ________________________ a negative outlook: ________________________ self-respect: ________________________ to manage emotions: ________________________ psychologists: ________________________ help-lines: ________________________ counsellor: ________________________ Ísle brí Réamhobair2

  4. A thuismitheoirí/a chaomhnóirí, • Tá ár rang idirbhliana tar éis cur isteach ar an gcomórtas YSI (Young Social Innovators). Roghnaíonn na scoileanna a thógann páirt sa chomórtas fadhb shóisialta a cheapann siad féin ar cheart díriú uirthi sa phobal. Rinne ár rang-na cinneadh dul i ngleic le fadhbanna meabhairshláinte agus ísle brí. Thíos, tá na comharthaí chun ísle brí a aithint agus treoracha agus comhairle chun cabhrú le duine atá ag fulaingt ó fhadhbanna meabhairshláinte. • Is iad na comharthaí a bhaineann le hísle brí ná: • Ag cailliúint suime i gcúrsaí an tsaoil a thaitníonn leis an duine de ghnáth • Easpa fuinnimh • Athrú i bpátrúin codlata nó i bpatrúin ithe • Ag gol go minic agus ag braistint suaite • Ag ól an-chuid alcóil nó ag tógáil an-chuid drugaí • Fearg ag teacht air/uirthi go héasca • Ag tarraingt siar ón ngrúpa cairde • Pian gan chúis m.sh. pian sa cheann, sa bholg, etc. • Braistint folamh, dearcadh diúltach ar an todhchaí • Braistint imníoch nó ciontach • Féinmhuinín agus féinmheas íseal • Smaointe dona, smaointe féindíobhála • Conas is féidir cabhrú má cheapann tú go bhfuil do mhac/iníon in ísle brí: • Labhair go héasca agus go hoscailte le do leanbh faoina mhothúcháin. Déan iarracht ceist a chur air conas is féidir leat cabhrú leis agus é ag dul tríd am deacair. Ísle brí Léamh 1

  5. Nuair a labhraíonn tú go hoscailte, tá tú ag taispeáint go bhfuil grá agat dó agus go bhfuil tú ag tabhairt tacaíochta dó. Seachain breithiúnas a thabhairt más féidir. Ná déan dearmad go bhfuil stiogma ag baint le bheith in ísle brí. Bíodh d’intinn oscailte agus cruthaigh timpeallacht shocair shábháilte dó ina mothaíonn sé ar a shuaimhneas. Bíodh meas agat ar theorainneacha do linbh. B’fhéidir nach mbeadh sé ábalta rud éigin a dhéanamh toisc é a bheith breoite agus b’fhéidir go dtógfadh sé tamall uaidh rudaí a rá leat. Mol dó cabhair a fháil agus abair leis gur fearr go mór dó labhairt mar gheall ar pé rud atá ag cur isteach air. Lig dó labhairt. Nuair a thugann tú seans do do leanbh labhairt cabhraíonn sé go mór leis gach rud a ligean amach agus cabhraíonn sé leis a chuid mothúchán a bhainistiú níos fearr. Má tá tú féin tar éis an rud céanna a bhraistint i do shaol féin b’fhéidir go mbeadh claonadh agat do scéal féin a insint faoi conas a d’éirigh leat dul tríd, ach b’fhéidir nach é seo an t-am ceart. B’fhéidir go mbeadh sé níos fearr éisteacht leis agus ligint dó labhairt agus do scéal féin a insint níos déanaí. Seachain comhairle a thabhairt. Má tharlaigh rud éigin den saghas seo duitse, d’fhéadfadh sé a bheith cabhrach insint dó cad a chabhraigh leatsa ach abair leis nach bhfuil ann ach do thuairim. Ní hionann cás gach duine. Úsáid ceisteanna ar féidir freagraí breá oscailte a thabhairt – mar shampla, b’fhearr ‘Conas a bhraitheann tú mar gheall ar…?’ seachas ‘An mbraitheann tú…?’. Ísle brí Léamh 2

  6. Is féidir le ceisteanna mar sin cabhrú le daoine a dtuairimí agus a mothúcháin a rá amach os ard. Taispeáin go bhfuil tú ag éisteacht. Taispeánann sé seo go bhfuil fadhbanna do linbh tábhachtach duit. Cuir ceisteanna agus déan iarracht féachaint sa dá shúil ar do leanbh. Tá comharthaíocht choirp tábhachtach. Má tá an chuma ort go bhfuil leadrán ort nó go bhfuil d’aird ar rud éigin eile tugann sé sin le fios nach bhfuil suim agat sa mhéid atá le rá aige. Tabhair tacaíocht dó. Abair leis go bhfuil sé ceart go leor go bhfuil sé ag braistint mar seo. Abair leis go bhfuil slí as. Seachain bheith ag rá rudaí ar nós ‘Tuigim cad atá do chrá’. B’fhearr a leithéid seo a rá: ‘Ní féidir liom ach a shamhlú cad atá á fhulaingt agat, ach táimse anseo chun cabhrú leat’. Cinntigh go bhfuil uimhreacha agat do shíceolaithe/ comhairleoirí agus línte cabhracha. Is é Cuan Counselling an tseirbhís comhairleoireachta is cóngaraí don Daingean. Is féidir dul i dteagmháil leo ag 085 7495054. Má tá duine a bhfuil tú mór leis ag smaoineamh ar lámh a chur ina bhás féin, ná coimeád mar rún é. Labhair leis an duine sin agus lig dó labhairt go hoscailte faoi na fadhbanna atá aige, mar d’fhéadfadh sé seo faoiseamh a thabhairt dó ó na smaointe agus na mothúcháin deacra sin. Inis dó faoin méid grá atá agat dó mar nuair a bhíonn duine in ísle brí braitheann sé go bhfuil sé scartha amach ó dhaoine eile agus faoi mar gur cuma le daoine mar gheall air. Ísle brí Léamh 3

  7. Deir a lán daoine a bhí ar tí iad féin a fhéinmharú ach nach ndearna é toisc go bhfuaireadar cabhair agus tacaíocht, gur tháinig feabhas ar a saol. Fuaireadar an tacaíocht agus an chabhair a bhí uathu agus bhíodar ábalta saol i bhfad níos fearr agus níos áthasaí a bhaint amach. Seo rud gur féidir leat a insint do dhuine a bhfuil tú mór leis atá ag cuimhneamh ar dhochar a dhéanamh dó féin. Cuireann The Samaritans seirbhís tacaíochta téacs ar fáil 24/7 agus 365 lá sa bhliain. Seol téacs chucu ag 087 2609090 agus freagróidh siad tú agus cabhróidh siad leat chomh tapa agus is féidir leo. Foghlaim mar gheall ar ísle brí tú féin, chun go dtuigfidh tú na cúiseanna atá le hiompar do mhic/iníne. Tá go leor suíomh idirlín ar fáil, ina measc, ie.reachout.com, www.aware.ie, www.mentalhealthireland.com. Uaireanta nuair a bhímid ag cabhrú le cara nó duine sa chlann, déanaimid neamhaird ar conas mar a bhraithimid sinn féin. Tá sé tábhachtach aire a thabhairt duit féin agus tú ag cabhrú le do chara/duine sa chlann. Bí cinnte nach n-éiríonn tú as rudaí a mbaineann tú taitneamh astu, agus má tá tú traochta nó má tá an brú ag fáil an ceann is fearr ort, tóg sos agus lig do scíth. Uaireanta nuair a bhíonn daoine in isle brí, ní theastaíonn uathu labhairt mar gheall air le baill den chlann. Glac leis seo, agus cabhraigh leo ar pé slí gur féidir leat – mar shampla, iad a thiomáint go dtí an coinne leis an síceolaí/comhairleoir. Ná déan dearmad, ní ortsa atá an locht go bhfuil siad in ísle brí. Go raibh maith agat as d’aird a thabhairt air seo, Rang YSI, Bliain 4.   Ísle brí Léamh 4

  8. I dtaighde a rinneadh le déagóirí sa bhliain 2009, chuir déagóirí in iúl (a) na rudaí is mó a mbíonn drochéifeacht acu ar a meabhairshláinte agus (b) na rudaí a d’fhéadfadh cabhrú leo dul i ngleic leis na deacrachtaí a bhíonn acu: Roghnaigh brú amháin ón gcolún ar chlé agus scríobh sliocht faoi na slite ar féidir leis an mbrú sin duine a chur in ísle brí. Roghnaigh tacaíocht amháin ón gcolún ar dheis agus scríobh sliocht faoi na slite ar féidir leis an tacaíocht sin cabhrú le duine atá faoi bhrú. Ísle brí Iarphlé1

  9. Féach ar an alt arís agus cuir líne faoi gach píosa comhairle atá ann. Is é an modh ordaitheach atá in úsáid san alt chun comhairle a chur ach tá slite eile ann chun comhairle a chur. Mar shampla d’fhéadfá a rá: Dá mba mise tú dhéanfainn... Dá mba mise tú labhróinn.. Dá mba mise tú ní rachainn... Glac sealanna anois leis an duine in aice leat ag cur comhairle ar a chéile ag úsáid an phatrúin thuas (an modh coinníollach). Seo iad na fadhbanna atá agaibh: Tá suim ag mo chara mór sa duine céanna liomsa. Teastaíonn uaim dul amach leis an duine seo ach cad mar gheall ar mo chara? Tá mo thuismitheoirí ag cur a lán brú orm pointí arda a fháil san Ardteist. Agus ní féidir liom oibriú go maith nuair a chuirtear an brú sin ar fad orm. Tá cara agam agus tá sí go deas ach cuireann sí iachall orainn an rud a theastaíonn uaithi féin a dhéanamh i gcónaí (an ceol a n-éistimid leis etc.). Tá pearsantacht an-láidir aici. Tá cara sa ghrúpa agus bíonn sé i gcónaí ag caint faoi na daoine eile sa ghrúpa nuair nach mbíonn siad timpeall. Braithim nach bhfuil sé sin deas agus braithim ciontach faoi. Ísle brí Iarphlé2

More Related