1 / 17

Taifead Reatha CLeite An Clár Luathléitheoireachta Clare O Loughlin

Taifead Reatha CLeite An Clár Luathléitheoireachta Clare O Loughlin. 23 Deireadh Fómhair 2013. Torthaí Foghlama :. Beidh tú ábalta: Cur síos a dhéanamh ar Thaifead Reatha Taifead Reatha a dhéanamh ar phíosa téacs. Taifead Reatha a scóráil Céatadán cruinnis a ríomh

Download Presentation

Taifead Reatha CLeite An Clár Luathléitheoireachta Clare O Loughlin

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Taifead Reatha CLeiteAn Clár LuathléitheoireachtaClare O Loughlin 23 DeireadhFómhair 2013

  2. Torthaí Foghlama: • Beidh tú ábalta: • Cur síos a dhéanamh ar Thaifead Reatha • Taifead Reatha a dhéanamh ar phíosa téacs. • Taifead Reatha a scóráil • Céatadán cruinnis a ríomh • Ráta féincheartúcháin a oibriú amach • Anailís a dhéanamh ar thaifead reatha • Gnásaíochtaí léitheoireachta a thuigbheáil agus a shainaithint

  3. Cad é an rud é Taifead Reatha? • Tuairisc scríofa ar an dóigh a léann páiste • Measúnú atá ann le hanailís a dhéanamh ar laigí/ láidreachtaí páiste • Tuairisc ar ghnásaíochtaí léitheoireachta • Measúnú atá ann ar leibhéal na léitheoireachta • Treoir le téacs léitheoireachta fóirsteanach a roghnú • Monatóireacht ar dhul chun cinn an pháiste

  4. Cén fáth a ndéantar Taifead Reatha? • Lena chinntiú go bhfuil an téacs fóirsteanach don léitheoir • Le páistí a chur i ngrúpaí léitheoireachta • Le monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn sa léitheoireacht • Le fianaise a bhailiú • Le haird a dhíriú ar na straitéisí atá in úsáid ag páistí agus iad ag léamh • Le deacrachtaí atá ag páistí a shainaithint

  5. Na Céimeanna • Glactar an taifead le: Botúin, cruinneas, agus féincheartúchán a aimsiú • Déantar anailís ar an taifead chun na gnásaíochtaí léitheoireachta a shainaithint • Aimsítear fócas teagaisc fóirsteanach

  6. Céim 1Roghnaigh leabhair • Déan cuntas ar líon na bhfocal sa téacs, níl an teideal san áireamh (tá seo déanta i mBanda 2) • Léann an páistego neamhspleách agus gan chuidiú • Cuntais líon na n-earráidí agus na bhféincheartúchán a dhéantar sa léitheoireacht. • Úsáid an leathanach taifid ar a bhfuil téacs an leabhair leis an nodaireacht a dhéanamh. • Déan taifead ar na línte téacs mar atá siad sa leabhar. **Beidh an taifead seo in úsáid don phleanáil agus don teagasc.

  7. Earráidí (Scríobh E in aice le focal nuair a dhéantar seo) • Is ionann é seo agus earráid amháin: • Malartú focal • Focal ar lár • Focal curtha isteach • Iarracht chontráilte • Focal a fuarthas ón mhúinteoir • Líne iomlán ar lár • Leathanach iomlán ar lár (ach bain de líon na bhfocal)

  8. Féincheartúcháin(Scríobh FC in aice le focal nuair a dhéantar seo) • Ní earráidí iad seo, is féincheartúcháin iad: • Féincheartúchán • Athrá • Iarracht cheart • Fuaimniú amach (cláraigh le línte idir na litreacha)

  9. CÉIM 2Ríomh céatadán cruinnis • Ríomh earráidí, beaichte, agus ráta féincheartúcháin. Cuntais na rudaí a leanas: Earráidí • Líon na bhfocal – líon na n-earráidí = Scór m.sh. 29 - 5 = 24 • Scór roinnte ar líon na bhfocal, iolraithe faoi 100 = céatadán cruinnis • 24 roinnte ar 29 = .8275 iolraithe ar 100 = 82.75

  10. Féincheartúchan • Léiríonn sé seo ábaltacht an léitheora sa mhonatóireacht ar a léitheoireacht féin. • Suimigh na hearráidí + na féincheartúcháin = Líon iomlán m.sh. 6 + 2 = 8 • Líon iomlán roinnte ar na FC = Ráta m.sh. 8 roinnte ar 2 = 1 : 4 • Cheartaigh an léitheoir seo é féin uair amháin do gach ceithre fhocal a léigh sé go mícheart.

  11. Cad é a chiallaíonn na torthaí? • 95%-100% - Léitheoireachtneamhspleách Bog an páiste chuig téacs níos airde lena s(h)íneadh • 90% - 95% - Téacsteagascach Tá an páistesínteagusagfoghlaimag an leibhéalseo • 89% agusníosísle - Téacsdeacair Bog an páistechuigtéacsagleibhéalníos isle

  12. Anailís ar an Taifead Reatha • Caithfear anailís a dhéanamh ar an Taifead Reatha chun gnásaíochtaí léitheoireachta an pháiste a shainaithint. Thig leis an mhúinteoir na straitéisí atá in úsáid agus daingnithe ag an pháiste a chinntiú.

  13. Déan anailís ar na hearráidí agus ar na féincheartúcháin a dhéanann an léitheoir • An mbaineann na hearráidí le Brí, Struchtúr nó Amharc? • B, BRÍ – • An bhfuil ciall leis an rud a léigh an léitheoir? Má tá ciall leis scríobh B (brí) in aice leis an earráidseo. scoil • m.sh. Tá an cailín beag sa siopa. B S A

  14. S, STRUCHTÚR • An bhfuil an earráid ag teacht le comhréir nó le struchtúr na habairte? • Scríobh S (struchtúr) in aice leis an earráid seo. Go raibh tú go maith (páiste) m.sh. Go raibh maith agat B S A

  15. A, AMHARC • An bhfuil an léitheoir ag léamh focal atá cosúil leis an fhocal cheart ó thaobh cuma de? • An bhfuil an léitheoir ag amharc ar chuma an fhocail? • Scríobh A (amharc) in aice leis an earráid seo. rith • m.sh. Tá Lára ag ithe anois. B S A

  16. Tuigbheáil • Iarr ar an pháiste athinsint a dhéanamh ar an scéal. An bhfuil sé ag …… • léiriú tuigbheála ar an scéal • cur síos go beacht ar eachtraí an scéil • insint eachtraí san ord ceart - seicheamh • úsáid focal/frasaí ón scéal • déanamh tagairt don taithí s’aige féin • tagairt do charachtair/shuíomh

  17. Straitéisí … • Léann arís le heolas a fháil • Déanann an focal a fhuaimniú/bhriseadh síos lena aithint. • Léann arís lena thuigbheáil • Leanann air/uirthi ag léamh i ndiaidh iarracht a dhéanamh ar fhocal úr • Cluineann earráidí nach bhfuil ciall leo • Ceartaíonn earráidí – úsáideann straitéis éigin lena cheartú • Baineann úsáid as túschonsain • Déanann tomhas ar fhocal ag baint úsáid as Brí • Úsáideann leideanna ó phictiúir

More Related