1 / 12

Teicneolaíocht & Spórt Réamhphlé

Teicneolaíocht & Spórt Réamhphlé. Déan plé leis na daoine eile i do ghrúpa ar na ceisteanna seo: An imríonn tú spórt? Cad é? An duine aclaí tú? Cad iad na spóirt a imrítear i do scoil féin? An bhfuil clú agus cáil ar do scoil ó thaobh spóirt de? Cad chuige?

elias
Download Presentation

Teicneolaíocht & Spórt Réamhphlé

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Teicneolaíocht & Spórt Réamhphlé Déan plé leis na daoine eile i do ghrúpa ar na ceisteanna seo: An imríonn tú spórt? Cad é? An duine aclaí tú? Cad iad na spóirt a imrítear i do scoil féin? An bhfuil clú agus cáil ar do scoil ó thaobh spóirt de? Cad chuige? An bhfuil sé tábhachtach spórt éigin a dhéanamh? Cad chuige? Cad é an spórt is dainséaraí ar domhan, dar leat? Cad é an spórt is costasaí ar domhan, dar leat? An bhfuil aon bhaint ag náisiúnachas agus spórt le chéile, dar leat?

  2. Teicneolaíocht & Spórt Réamhobair 1 Ceangail an pictiúr ceart leis an gceannlíne cuí. Maria Sharapova: le feiceáil ar TG4 i mbliana Tá suíomh gréasáin den scoth ag Cill Chainnigh Mícheál Ó hEithir: tráchtaire den scoth An laoch Corcaíoch Criostóir Ó Rinn Bí ag obair leis an duine in aice leat agus cumaigí scéal gearr faoi gach ceannlíne. Mura bhfuil aon ní ar eolas agaibh faoi na laochra spóirt cumaigí scéal éigin. Bain úsáid as an tsamhlaíocht!

  3. Teicneolaíocht & Spórt Réamhobair 2 Féach ar na focail agus na frásaí thíos a bheas san alt a léifidh tú ar ball. An bhfuil aon leagan eile agat féin? Féach cad atá ag an duine in aice leat nuair atá tú críochnaithe. …a chur chun cinn: ___________________ is cúis díomá é: ___________________ is suntasaí: ___________________ léargas a thabhairt dóibh: ___________________ i gcian is i gcóngar: ___________________ geall le: ___________________ cnámh spairne: ___________________ saol an mhadra bháin: ___________________ chuige sin: ___________________ easnamhach: ___________________ sásúil: ___________________ rud a chuireann as dom: ___________________

  4. Teicneolaíocht & Spórt Réamhobair 3 Beidh tú ag léamh ailt a scríobh Colm Mac Séalaigh a bhí ar www.beo.ie, eagrán 51, Iúil 2005. Is múinteoir scoile é a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Pléigh na ceisteanna seo leis na daoine i do ghrúpa: 1. Cén tionchar atá ag na nithe seo thíos ar chúrsaí spóirt: • An teilifís • An guthán • An t-idirlíon 2. Cad é an scéal is mó a bhí sa nuacht le déanaí maidir le spórt agus drugaí? 3. Cén tionchar atá ag an gcearrbhachas ar chúrsaí spóirt, dar leat?

  5. Teicneolaíocht & Spórt Léamh 1 An teicneolaíocht ag cabhrú go mór leis na cluichí Gaelacha Tá an-úsáid á baint as an teicneolaíocht anois chun na cluichí Gaelacha a chur chun cinn ach is cúis díomá é do Cholm Mac Séalaigh go bhfuil an Ghaeilge fós an-imeallach – ar na suímh ghréasáin, mar shampla. Is iontach go deo na hathruithe i gcúrsaí teicneolaíochta atá tar éis tarlú le blianta beaga anuas. Sin ráiteas nach ndéanfadh duine faoi aois áirithe agus seans gur cuma le daoine óga faoi athruithe a tharla san am atá thart. Ach sílim gur fiú san am céanna sracfhéachaint a thabhairt ar athruithe áirithe chomh fada is a bhaineann siad linn féin sa tír seo agus go speisialta i gcomhthéacs an chumainn spóirt is mó agus is suntasaí sa tír, Cumann Lúthchleas Gael (CLG). Má thógaimid tréimhse ceathracha bliain, ó lár na seascaidí i leith cuir i gcás, tá athruithe dochreidte feicthe ag cuid againn. Tá cuid de na hathruithe is suntasaí bainteach leis an taobh teicniúil de chúrsaí cumarsáide agus bhí tionchar mór ag na hathruithe, dá bhrí sin, ar chúrsaí spóirt agus ar an ngaol atá idir an gnáthdhuine agus spórt. Táim ag tagairt go speisialta don teilifís, d’fhíseáin, don ghuthán agus don idirlíon.

  6. Teicneolaíocht & Spórt Léamh 2 Is é an rud a rinne an teilifís ná gach cineál cluiche agus spóirt a thabhairt isteach sa seomra suite agus daoine a mhealladh de réir a chéile (sna tíortha forbartha go mór mór) isteach i ndomhan mór spóirt de gach cineál. Roimh na seascaidí bhí daoine ag brath ar na nuachtáin agus ar an raidió chun léargas a thabhairt dóibh ar chluichí móra agus ar ócáidí spóirt i gcéin is i gcóngar. Pé scéal é, in achar nach bhfuil an-fhada, táimid tagtha go dtí an pointe go bhfuil gach cluiche peile, geall leis, i gcraobhchomórtas peile na hÉireann “beo” ar an teilifís agus le feiceáil ar fud an domhain mhóir a bhuíochas sin don “Sunday Game” ar RTÉ agus don BBC. Níl seo fíor faoi gach cluiche iomána, áfach, ach níl sé ar intinn agam díriú ar an gcnámh spairne sin an uair seo. Níl aon dabht faoi ach go bhfuil saol an mhadra bháin ag lucht leanta na peile Gaelaí maidir le cluichí a bheith “beo” ar an teilifís. I rith an tsamhraidh bíonn féasta peile ann beagnach gach deireadh seachtaine. Níl a fhios agam an meallann na cluichí sin mórán lucht tacaíochta breise don chluiche i ngeall ar mhinicíocht na gcalaoisí gránna, na himeartha ciniciúla agus an easpa sportúlachta a bhíonn le feiceáil, ach dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa pheil Ghaelach, tá an-seirbhís á tabhairt dóibh ag na cainéil teilifíse ó thuaidh agus ó dheas.

  7. Teicneolaíocht & Spórt Léamh 3 Ní mór tagairt speisialta a dhéanamh don chraoladh i nGaeilge agus do bhunú TG4. Craoltar mórán ócáidí spóirt ar TG4, idir chluichí Gaelacha, rugbaí, sacar, pheil na hAstráile agus araile, ach cé a cheapfadh, cúpla bliain ó shin fiú amháin, go bhféadfadh duine féachaint ar cheann de na hócáidí spóirt is ardnósaí ar domhan, is é sin comórtas leadóige Wimbledon, é “beo” ar theilifís na Gaeilge agus an tráchtaireacht á déanamh trí mheán na Gaeilge ag cainteoirí dúchais Gaeilge! B’fhéidir nár cheart a bheith ag déanamh iontais dá leithéid níos mó, ach i gcás cuid againn is gearr le míorúilt ann féin é sin. Maidir leis na físeáin, baintear an-leas astu chun féachaint siar ar chluichí a imríodh agus na botúin a rinneadh a scrúdú agus a chur ina gceart, agus chun anailís a dhéanamh ar laigí chomh maith le tréanphointí an fhreasúra. Chabhraigh an físeán go mór le hullmhúchán gairmiúil a chur chun cinn ó thaobh na gcluichí Gaelacha de agus is dóigh liom gur féidir a rá gur maith ann an físeán ón taobh sin de. Má dhéanaimid scrúdú ar an gcaoi ina bhfuil Cumann Lúthchleas Gael ag baint leasa as an idirlíon feicimid ar dtús go bhfuil an t-uafás suíomh agus an t-uafás eolais tugtha do na cluichí Gaelacha. Dar ndóigh tá suíomh oifigiúil ag CLG (www.gaa.ie) mar a bhfuil eolas faoi gach gné den chumann agus de na cluichí maidir le stair, cluichí le teacht, an nuacht is déanaí faoi fhoirne agus imreoirí, eolas ar pheil agus iománaíocht, forbairt na gcluichí agus mar sin de.

  8. Teicneolaíocht & Spórt Léamh 4 Chuireas suim ar leith i suíomh Chill Chainnigh (http://kilkenny.gaa.ie) ó thaobh na hiomána de. Thugas faoi deara go raibh an suíomh difriúil ina leagan amach. Níos mó pictiúr, mar shampla, agus béim ar mhúineadh na scileanna. Chuige sin tá sraith scannán nó físeán gearr agus scil amháin á léiriú i ngach ceann acu. Is féidir an scil a fheiceáil á cleachtadh ag imreoirí óga trí chliceáil ar an mbosca cuí. Ní hionadh é go bhfuil muintir Chill Chainnigh chun cinn ar fhormhór na gcontaetha nuair a thuigeann tú go gcuireann siad an oiread sin béime ar mhúineadh agus ar chleachtadh na scileanna agus go bhfuil gach meán agus seift in úsáid acu chun an aidhm sin a bhaint amach. I gcás cuid de na contaetha, níl eolas suas chun dáta ar gach gné atá liostáilte ar na suímh. Mar shampla, i gcás Hill 16, mar a thugtar ar shuíomh Átha Cliath, tá an t-eolas i dtaobh coláistí agus clubanna sean nó easnamhach go mór. Rud eile, is beag ar fad an méid Gaeilge atá le feiceáil ar aon suíomh in aon chontae agus is cúis náire amach is amach é sin do Chumann Lúthchleas Gael, a bhíonn ag maíomh go minic nach eagraíocht spóirt amháin é ach eagraíocht chultúrtha a bhfuil cur chun cinn na Gaeilge i measc na n-aidhmeanna atá aici.

  9. Teicneolaíocht & Spórt Léamh 5 Deis iontach is ea an t-idirlíon chun an aidhm chultúrtha úd a fhógairt go soiléir agus a chur chun cinn. Ar an ábhar sin is cúis mhór díomá é a laghad Gaeilge a bheith le léamh ar shuímh oifigiúla an chumainn, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh nach bhfuil cumann ar bith eile sa tír ina bhfuil níos mó de lucht labhartha na Gaeilge le fáil. Tá beagán Gaeilge ar shuíomh Dhún na nGall, ach níl tada ag Gaillimh nó ag Ciarraí, dhá chontae Ghaeltachta a bhfuil clubanna láidre Gaeltachta iontu. Níl aon fhreastal ar lucht Gaeilge ná aon iarracht an saibhreas Gaeilge atá sna contaetha sin a láidriú agus a scaipeadh. Más é an leithscéal ná gur comhlachtaí idirlín a sholáthraíonn an tseirbhís, níl sin sásúil. An rud is mó a chuireann as dom ná gurb é an t-aon alt i nGaeilge a raibh mé in ann teacht air ar shuíomh idirlín de chuid CLG ná tuairisc ghearr a scríobh mé féin do shuíomh Átha Cliath, “Hill 16”, mí Dheireadh Fómhair seo caite faoi chluiche scoile!

  10. Teicneolaíocht & Spórt Iarphlé 1 ‘Saol an mhadra bháin’ Tá a lán nathanna deasa cainte ann i nGaeilge a bhfuil an focal madra mar chuid dóibh. An bhfuil siad seo ar eolas agat? Mura bhfuil tabhair buille faoi thuairim. Madra draoibe a dhéanamh de dhuine Tá a fhios sin ag madraí an bhaile Is teann gach madra ag a dhoras féin An té a bhuailfeadh mo mhadra bhuailfeadh sé mé féin Tá an madra marbh Ag cur madraí i bhfuinneoga

  11. Teicneolaíocht & Spórt Iarphlé 2 Féach ar na samplaí seo faoi ghnéithe éagsúla den ghramadach a bhí sa téacs. Bí in ann abairt amháin a rá faoi gach sampla. ‘á baint’ ‘na suímh ghréasáin’ ‘comhthéacs an chumainn spóirt’ ‘is mó’ ‘ar chúrsaí spóirt’ ‘i rith an tsamhraidh’ ‘an-seirbhís’ ‘don chraoladh’ ‘an t-idirlíon’ ‘forbairt na gcluichí’ ‘eagraíocht chultúrtha’

  12. Teicneolaíocht & Spórt Iarphlé 3 Léigh an sliocht seo arís leis an duine in aice leat agus breacaigí síos deich bpointe eolais faoin CLG. Rud eile, is beag ar fad an méid Gaeilge atá le feiceáil ar aon suíomh in aon chontae agus is cúis náire amach is amach é sin do Chumann Lúthchleas Gael, a bhíonn ag maíomh go minic nach eagraíocht spóirt amháin é ach eagraíocht chultúrtha a bhfuil cur chun cinn na Gaeilge i measc na n-aidhmeanna atá aici.

More Related