1 / 10

Cabhraigh Linn, A Spioraid Naoimh

Cabhraigh Linn, A Spioraid Naoimh. Bunaithe ar Beo go Deo 3 : Téarma 3, Ceacht 6 Téacs an Mhúinteora lgh. 308-315 Cad atá fúm a dhéanamh? Scéal na Cincíse a chur i láthair na bpáistí. Cén fáth?

brede
Download Presentation

Cabhraigh Linn, A Spioraid Naoimh

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Cabhraigh Linn, A Spioraid Naoimh Bunaithe ar Beo go Deo 3: Téarma 3, Ceacht 6 Téacs an Mhúinteora lgh. 308-315 Cad atá fúm a dhéanamh? Scéal na Cincíse a chur i láthair na bpáistí. Cén fáth? Sa dóigh is go dtuigfidh siad tíolacadh an Spioraid Naoimh ina saol féin agus a bheith in ann freagairt do spreagadh an Spioraid agus maireachtáil de réir mar a d’iarr Íosa orainn.

  2. Bhí uaigneas agus brón ar chairde Íosa gan é. D’fhan siad le chéile i seomra leo féin. Bhí brón le feiceáil ar a n-aghaidheanna. Mhothaigh siad Íosa uathu. Ní raibh a fhios ag aon duine acu cad a ba chóir dóibh a dhéanamh gan é.

  3. Go tobann, chuala siad torann mar leoithne ghaoithe. D’éirigh sí ní b’airde agus ní ba láidre gur líon gaoth chumhachtach an seomra ar fad. Bhí solas geal le feiceáil sa seomra freisin.

  4. “Cad é seo? Cad atá ar siúl?”a scairt siad amach agus iad ag léimt ina seasamh. Ar dtús, bhí eagla orthu, ach lean an ghaoth ag séideadh agus lean an solas ag lonrú an tseomra.

  5. Díreach ansin chuimhnigh duine acu ar na focail a dúirt Íosa: “Iarrfaidh mé ar m’Athair agus cuirfidh sé an Spiorad Naomh chugaibh le bheith libh go deo.”

  6. , Léim sé suas, ní raibh eagla air anois. D’ardaigh sé a cheann agus scairt sé amach: “Tá an Spiorad Naomh tagtha. Tá an Spiorad Naomh tagtha. Tá an Spiorad Naomh a gheall Íosa dúinn anseo linn anois!” .

  7. D’ardaigh siad a gcinn, sheas siad díreach agus rinne siad damhsa le háthas. Chuaigh siad amach ar na sráideanna ag damhsa. Ní raibh eagla orthu níos mó. Bhí a fhios acu anois cad a ba chóir dóibh a dhéanamh. Chan siad sna sráideanna. D’inis siad do gach duine faoina gcara Íosa.

  8. D’inis siad dóibh faoin Spiorad Naomh a líon a gcroíthe le háthas agus le misneach.

  9. Bhí ionadh an domhain ar mhuintir na háite. Sheas siad ag stánadh ar na deisceabail. Theastaigh uathu eolas a fháil i dtaobh Íosa.

  10. “Caithfidh sibh baisteadh agus an Spiorad Naomh a ghlacadh. Tabharfaidh sé misneach agus críonnacht daoibh. Cabhróidh an Spiorad Naomh libh maireachtáil mar a d’iarr Íosa orainn.”

More Related