1 / 8

‘Is’ An Chopail An aimsir láithreach

‘Is’ An Chopail An aimsir láithreach.

alice
Download Presentation

‘Is’ An Chopail An aimsir láithreach

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. ‘Is’ An Chopail An aimsir láithreach Tá dhá bhriathar ‘to be’ ann sa Ghaeilge Is agus Bí. Tá rólanna difriúla acu sa teanga – déanann Is cúram do rudaí áirithe agus déanann Bí cúram do rudaí eile. Uaireanta is féidir leis an dá bhriathar an jab céanna a dhéanamh. Bí ag obair leis an duine in aice leat agus déanaigí iarracht samplaí a thabhairt sna cásanna seo: An chopail Is amháin: An briathar Bí amháin: An chopail Is nó an briathar bí:

  2. ‘Is’ An Chopail An aimsir láithreach An raibh an ceart agaibh? An chopail Is amháin: Ag rá cad as tú: Is as Ciarraí mé. Ag cur síos ar inscne: Is bean í. Ag rá cén post atá agat Is dalta scoile mé. An briathar Bí amháin: Ag rá cá bhfuil tú i do chónaí:Tá mé i mo chónaí i... Ag rá conas atá tú: Tá mé go maith. Ag rá cad a dhéanann tú go rialta: Bím ag imirt peile gach lá An chopail Is nó an briathar bí: Is múinteoir mé. vs Tá mé i mo mhúinteoir. Is deas an lá é. vs Tá lá deas ann. Is fear cairdiúil é Julian. vs Tá Julian cairdiúil. Uaireanta sa chaint fágtar ar lár an Is: As Dún na nGall mé. As Gaillimh mé. Ó Chiarraí mé. Ní féidir go deo ‘tá’ a rá sa chomhthéacs seo (*tá mé as Corcaigh)

  3. ‘Is’ An Chopail An aimsir láithreach Féach ar na foirmeacha seo: Is is duine maith é Ní ní cainteoir maith í An an ceoltóir maith é? Nach nach ceoltóir maith é? Ní bhíonn séimhiú nó urú i gceist san aimsir láithreach! Tá sé chomh simplí sin.

  4. ‘Is’ An Chopail An aimsir láithreach Éiríonn an scéal níos casta áfach nuair is gá ceist a fhreagairt: Bí ag obair leis an duine in aice leat – an féidir libh yes/no a rá sna teangacha seo: Anois, cad faoin nGaeilge? Cad é an freagra gearr ar na ceisteanna seo: An bhfuil tú go maith? An dtéann tú go dtí an phictiúrlann gach lá? An itheann tú feoil? An imríonn Pól sacar? ACH

  5. ‘Is’ An Chopail An aimsir láithreach An múinteoir maith í Máire? Is ea / Ní hea Nuair a bhíonn an t-ainmfhocal ‘múinteoir’ in aice le An. Agus ní hé sin deireadh an scéil, féach: An í Máire an múinteoir? Is í / Ní hí Nuair a bhíonn forainm in aice le An, bíonn sé san fhreagra chomh maith. Nach deas an múinteoir í Máire? Is deas / Ní deas Nuair a bhíonn aidiacht in aice le An, bíonn sé sa fhreagra chomh maith.

  6. ‘Is’ An Chopail An aimsir láithreach Anois, roghnaigh na freagraí cearta ar na habairtí thíos. Tá an chéad cheann déanta duit. Is rang maith é seo! Is ea/ní hea Tá/níl Is maith/ní maith An bhfuil an aimsir go deas? Is ea/ní hea Tá/níl Is deas/ní deas Is olc an scéal é! Is ea/ní hea Tá/níl Is olc/ní olc An bhfuil bia blasta ann? Is ea/ní hea Tá/níl Is blasta/ní blasta An tusa Síle? Is ea/ní hea Tá/níl Is mé/ní mé Tá drochlá ann! Is ea/ní hea Tá/níl Is drochlá/ní drochlá An mac léinn tú? Is ea/ní hea Tá/níl Is mac léinn/ní mac léinn Is ceacht deacair é! Is ea/ní hea Tá/níl Is deacair/ní deacair An tusa an cailín is cliste sa rang? Is ea/ní hea Tá/níl Is mé/ní mé An ceoltóir tú? Is ea/ní hea Tá/níl Is ceol/ní ceol Cad atá ag an duine in aice leat?

  7. ‘Is’ An Chopail An aimsir láithreach Cuir na ceisteanna seo ar an duine in aice leat: Cé as tú ó dhúchas? Cá bhfuil tú i do chónaí? An duine tú a dtaitníonn an spórt go mór leis? An tusa an duine is óige nó is sine sa teaghlach? An maith leat ceol traidisiúnta? An duine cliste tú? An mbíonn tú ag staidéar go díograiseach? Nach aisteach iad na ceisteanna seo?

  8. ‘Is’ An Chopail An aimsir láithreach Cé hé?

More Related