1 / 6

Tuismitheoirí bochta! Réamhobair

Tuismitheoirí bochta! Réamhobair. I gceann tamaill, beidh tú ag léamh ailt ina dtugtar comhairle do thuismitheoirí a bhfuil déagóirí acu. Sula léann tú an t-alt déan liosta de: Cúig rud faoi iompar déagóirí a shíleann tusa a chuireann isteach ar thuismitheoirí.

adeola
Download Presentation

Tuismitheoirí bochta! Réamhobair

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Tuismitheoirí bochta! Réamhobair I gceann tamaill, beidh tú ag léamh ailt ina dtugtar comhairle do thuismitheoirí a bhfuil déagóirí acu. Sula léann tú an t-alt déan liosta de: Cúig rud faoi iompar déagóirí a shíleann tusa a chuireann isteach ar thuismitheoirí. Cúig rud a chuireann isteach ar dhéagóirí faoi iompar a dtuismitheoirí.

  2. Tuismitheoirí bochta! Léamh Nach mbíonn fonn ar gach tuismitheoir éirí as saol an teaghlaigh uaireanta? Nárbh fhearr linn anois agus arís, ár ndéagóirí a fhágáil caite ina seomraí lena ríomhairí, fóin phóca, DVDanna agus boscaí pizza, go háirithe nuair a bhíonn siad ár gcrá? Ach ná déan é sin nó ceapfaidh siad gur mar sin ba cheart don saol a bheith agus beidh deireadh leis an saol teaghlaigh agaibh sa bhaile. Braithfidh an déagóir go bhfuiltear á chaitheamh ar leataobh – fiú más é a iompar féin ba chúis leis – agus beidh sibh ar fad cráite lena chéile. Ionas nach rachaidh tú as do mheabhair i do theach féin: Ith béile amháin le chéile gach lá,gach duine sa teaghlach. B’fhéidir nach mbeadh comhrá iontach ann, agus b’fhéidir go mbeadh easaontas ann, ach ar a laghad bheadh sibh ar fad le chéile. Más féidir, eagraigh rud amháin don chlann le déanamh le chéile ar a laghad uair sa tseachtain – béile áit éigin, turas go dtí an phictiúrlann, siopadóireacht, cluiche spóirt éigin. Ba cheart iarracht a dhéanamh taitneamh a bhaint as comhluadar a chéile. B’fhéidir go gcuirfeadh do dhéagóirí i gcoinne na bpleananna seo, ach áitigh orthu – mura bhfuil sibh á dhéanamh ach uair sa tseachtain ní mór an trioblóid orthu é sin.

  3. Tuismitheoirí bochta! Léamh Abair le do dhéagóirí cabhrú le jabanna beaga timpeall an tí – na gréithe a ní, an bord a leagadh, an níochán a chrochadh amach etc. Is traenáil mhaith atá ann i gcomhair an lae a fhágfaidh siad an baile agus uaireanta is féidir comhrá réasúnta maith a bheith agat leo agus tú ag ní na ngréithe. Ná héirigh as a bheith ag labhairt le do dhéagóirí. Is minic tuismitheoirí ag gearán go mbíonn déagóirí rúnda agus nach labhraíonn siad faoina saol, ach go minic ní bhíonn na tuismitheoirí céanna ag labhairt lena ndéagóirí faoina saol féin. Inis dóibh faoi do lá, inis na scéalta dóibh faoi cad a thit amach san oifig, bí ag tabhairt amach beagán faoi do chomhghleacaithe. Bainfidh do dhéagóirí sásamh as comhrá fásta (ach ná cuir aon imní orthu faoi rudaí dáiríre - sláinte, airgead etc.) Má bhíonn cabhair uait abair é sin le do dhéagóirí. Má tá tú trína chéile tar éis lá gnóthach san obair, lorg cabhair (na glasraí a ghearradh, dul go dtí an siopa). Ná lig ort féin gur ‘superwoman’ nó ‘superman’ tú. Comhairle ón suíomh idirlín www.debretts.com

  4. Tuismitheoirí bochta! Iarphlé 1 Freagair féin agus an duine in aice leat na ceisteanna seo le chéile: Tá cúig phíosa comhairle sa alt do thuismitheoirí atá ag iarraidh saol deas teaghlaigh a bheith acu lena gclann. Pléigh gach píosa comhairle leis an duine in aice leat – an comhairle mhaith atá ann nó nach ea? Tabhair cúiseanna. An dóigh leat go dtaitneodh sé le déagóirí dá gcuirfeadh tuismitheoirí an chomhairle ar fad atá san alt i bhfeidhm? Cén fáth? Cén chomhairle eile a chuirfeadh sibhse ar thuismitheoirí? Déan liosta de 3 rud.

  5. Tuismitheoirí bochta! Iarphlé 2 Earráid chomónta! Féach ar an abairt seo ón alt a léigh tú ó chianaibh: “mura bhfuil sibh á dhéanamh ach uair sa tseachtain ní mór an trioblóid orthu é sin.” Is minic a deir foghlaimeoirí Gaeilge *ag déanamh é in ionad á dhéanamh. Is earráid chomónta í sin. Cuir Gaeilge ar na frásaí seo agus seachain an earráid chomónta! I’m getting it: _________________ I’m eating it: _________________ Are you drinking that? _________________ He was reading it: _________________ Are you keeping that? _________________ They were hitting him: _________________ They were throwing it around: _________________ Are you writing it down? _______________ He was cleaning it: _________________ Sinéad wasn’t driving it: _________________

  6. Tuismitheoirí bochta! Scríobh Tá tú ag obair do pháipéar nuachta mar chomhairleoir chroí cráite. Tabhair freagra ar an litir seo a tháinig ó thuismitheoir i bponc! “Táim cráite ag mo mhac na laethanta seo. Bhímis an-mhór le chéile nuair a bhí sé níos óige. Deireadh sé gach rud liom agus bhíodh craic agus gáire againn le chéile go minic. Anois ní deir sé aon rud liom faoina shaol ar scoil ná faoina chairde agus táim buartha ar eagla go mbeadh fadhbanna aige agus nach mbeadh a fhios agam cad iad. Caitheann sé a chuid ama ar an ríomhaire nó ina sheomra agus bíonn sé crosta liom nuair a dhéanaim iarracht labhairt leis. Cad a dhéanfaidh mé?” Tuismitheoir cráite, Cúige Laighean.

More Related